Guth Ghoill, Eagrán 31

Eagrán 31 Bealtaine 2010 8 Dumhaigh Grá mó Chroí agus Grace Boyce Ceann de na rudaí is faide siar a bhfuil cuimhne agamsa air ná a bheith ag iarraidh an t - amhrán “ Dumhaigh Grá mó Chroí ” a fhoghlaim. M ’ uncail a bhí a theagasc domh agus is cuimhin liom nach raibh tuigbhéal ar bith agam ar na focail. Ba sin cionn is é a bheith i mBéarla. Ní raibh mé ábalta sin a chur in iúl do m ’ uncail mar, caithfidh sé nach raibh mé ach thart fá trí bliana d ’ aois, ach tá a fhios agam gurbh iad sin na chéad focail Bhéarla a bhí agam …” I ’ ll not forget the deep sunset …. Cé acu ar tháinig feabhas ar mó chuid Béarla ó shin nó nach dtáinig, tá rud amháin cinnte, cha dear mé dearmad ariamh don ghrian ag dul síos amuigh ar imeall na farraige agus í mar a bhíodh sí ag fágáil slán ag Dumhaigh ar feadh lae eile. Bhí aoibhneas an tsaoil orm nuair a chur Dónall Mac Dáibhéid an t - amhrán ar dhlúthdiosca. Níl deacracht ar bith agam na focail a thuiscint anois agus Dónall a scabadh amach chomh beacht binn blasta. Agus mé ag éisteacht leis, bhreac sé ar m ’ intinn an t - athrú creathnach a tháinig ar achan rud. Níl páistí ar bith san Íochtar anois is dóiche a bhfuil deacracht acu focail Béarla a thuiscint. Casadh girseach as an áit orm le gairid agus chan fhaca sí riamh an ghrian ag dul faoi san fharraige amach as Dumhaigh, an radharc agus an rud is mó a mbíodh cumha ormsa ina dhiaidh agus mé ar shiúl, fiú amháin i mBaile na nGallóglach. Grace Boyce, deirfiúr de Joe Boyce a raibh siopa sna Dúnaibh aige, a scríobh an t - amhrán. Shíl mise i gcónaí gur scríobh sí é agus í caillte i measc na gcoimhthíoch i gcéin. Ní mar sin a bhí sé ar chor ar bith, rud a léiríonn chomh maith is a bhí an tsamhlaíocht ag an fhile. In Albain a rugadh agus a tógadh Grace Boyce. D ’ imigh a h - athair, Pádraig Boyce (de mhuintir Frank), go hAlbain ag tús an chéid dheireanaigh, áit ar casadh Mary Coyle as Donemana air. Phós siad agus bhí triúr clainne acu, Joe, Philip (a bhí ina shagart) agus Grace. Mar a dhéanfadh mór chuid na n - imircí san am, thiocfadh siad gach samhradh ‘ na bhaile go Dumhaigh ar laethanta saoire agus thit Grace i ngrá leis an áit. Is dóiche gur le linn, nó i ndiaidh ceann de na cuairteanna sin a scríobh sí an t - amhrán. Phill Joe Boyce ‘ na nDúnaibh le linn na hiascaireachta móire agus bhunaigh sé fhéin agus a bhean chéile, Bridget, siopa grósaera agus monarcha bheag earraí olla. Bhí triúr clainne acusan - Maureen, Joseph a fuair bás cúpla bliain ó shin, go ndéanfaidh Dia mhaith air, agus Philip atá anois mar Easpag ar Dheoise Ráth Bhoth. Thiocfadh Grace ‘ na nDúnaibh chuig a deartháir Joe le linn an tsamhraidh sna blianta sin Bhain Grace céim múinteoireachta amach agus chaith sí a saol ag múineadh i nGlaschú. Níor phós sí ariamh. B ’ fhéidir gur thit sí i ngrá leis an fhear a d ’ imigh as Dumhaigh agus b ’ fhéidir gur dó - san a scríobh sí an t - amhrán, nó b ’ fhéidir go díreach gur bean chríonna, chiallmhar, choimeádach a bhí inti. Fuair sí bás i nGlaschú i 1987 agus tá sí curtha thall. D ’ fhág Grace oidhreacht iontach againn san amhrán seo. Dán sár - chumtha atá lán mothúchán, samhlaíochta agus grá, amhrán a théann isteach go ceartlár do chroí, is cuma cá háit a bhfuil tú. Cé acu a bhfuil tú ag éisteacht le Dónall Mac Dáibhéid nó Paidí Ó Cuilinn i gceann de thithe tábhairne na háite, nó ag éisteacht le Andí Jimmy Mhicí ar chósta thiar Mheiriceá, níl amhras ná go rachadh an dán seo i bhfeidhm go mór ort. Chuir mise Gaeilge air agus cé go bhfuil fhios agam nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith inchurtha leis an amhrán i mBéarla, cuirim i leith é dóibh siúd atá go fóill ag caint, ag smaoineamh agus ag brionglóid i nGaeilge, ach go háirithe don leanbh úd nár thuig é i mBéarla, thíos faoi chnoc an Bhaile Láir, i bhfad, i bhfad, i bhfad ó shin. * * * * Dumhaigh Grá mó Chroí T ’ an ghrian dul faoi go fóill i mó chroí, mé im ’ sheasamh ar Chnoc Mór, Fadó, fadó, le cra ‘ s anró ‘ s an fharraige os mó chomhair. Bhí gaetha geala gréine tiontú bun na spéire buí, ‘ S mé sileadh súl, ag dul ar shiúl ó Dhumhaigh Grá mó Chroí. * * * Ó d ’ fhág mé slán ag Corrach thall ‘ s ag Ceann Dhumhcha thiar, Slán leat Ard Bán le leanta álainn, s ’ croíthe flaithiúil fíor. Slán leat Dún Dubháin mar a bhíos go buan, chomh lúcháir leis an ghaoth, Gabháil trasna ’ n sliabh, ag teacht aniar ó Dhumhaigh Grá mó Chroí.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3