Guth Ghoill, Eagrán 31
Eagrán 31 Bealtaine 2010 9 * * * Tá cogar na dtonn ó Chuan na Long i m ’ chlua- sa oíche ‘ s lá, Bhur n - iascairí chomh cróga groí ag seoladh síos an bháigh. I bhur storthaí lán ‘ s leac urláir ghlan, is mise go minic do bhí Ag ligint scíth, ar theacht na hoíche, i nDumhaigh Grá mó Chroí. * * * A Charraig Airt is tú ghlac páirt i m ’ sheoladhsa ar strae, An spéirbhean óg in Óstán Logue a mheall ‘ s a mheabhlaigh mé. Gur dhúirt sí liom ‘ s gan braon agam, “ T ’ an chlog ag bualadh a naoi. T ’ an t - am agat bheith ‘ g imeacht leat go Dumhaigh Grá mó Chroí ”. * * * A Gháinne Mór, áit géimneach gabhair ‘ s an bhean sí gol go géar, Áit brionglóide baird, ‘ s na héin go h - ard ag eitilt suas sa spéir. Ó! Chuir mé fios ar bhláth ‘ s ar lus, gach cloch, gach crann ‘ s gach claoi, ‘ S mé ‘ mo shuí thuas ag amharc anuas ar Dhumhaigh Grá mó Chroí. * * * Is mé liom fhéin anseo i gcéin, ‘ s na coimhthígh cruaidh m ’ chrá, Na dearmadaigí na laetha a shuigh muid thíos i gcois na trá. ‘ S gach rud faoi shuain, ‘ s an fhuiseog ciúin ‘ s sibh ar bhur nglúine ag guí, Ó! Cuimhnigh anocht ar dheoraí bocht as Dumhaigh Grá mó Chroí. * * * * Finola Hudaí Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne Seo ar dheis stiúrthóirí Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne, Cití Uí Dhomhnaill agus Mai- réad Mhic Conaglaigh, leis na páistí sa naíonra i ndiaidh bronnadh na dteastas don bhliain. Tá dhá áit fágtha go fóill sa naíonra seo don bhliain 2010/2011. Tuilleadh eolais ó Chéim Aniar ar 91 54830. Naíonra Dhuibhlinn Riabhach Ar chlé tá páistí ó Naíonra Dhuibhlinn Riabhach a ghlac páirt sa dráma “ Scéal na Nollag ”. Sa phictiúr fosta tá Aoife Ní Dhochartaigh a rinne an ceol.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3