Guth Ghoill, Eagrán 32
Eagrán 32 Iúil 2010 10 Idir dhá áit iontach tábhachtach, ’s iad sin an tArdbán agus an tAigéan Atlantach, atá an baile fearainn beag cáiliúil sin, Dumhaigh. Tá sí ina luí go súgach sásta idir an Cnoc Mór agus an fharraige mhór. Leoga, is i mbaile fearainn Dhumha atá an Cnoc Mór suite. Bheadh sé deacair tuairisc nó cur síos ar bith a dhéanamh ar Dhumhaigh in alt den tsórt seo. Chaithfeá leabhar a scríobh nó b’fhéidir cúpla leabhar leis an scéal a inse. Dumhaigh an baile fearainn is faide ó thu- aidh ar an taobh thiar de leithinis Ros Goill, an áit, is dóiche, is mó áilleachta nádúrtha agus radhairc ann. Bhainfeadh sé an t- amharc as do shúile. Is ar Dhumhaigh a tháinig tonn na gcuairteoirí i gcónaí. “Daoine Uaisle” a ba ghnách linne (muintir na háite) a thabhairt ar na cuairteoirí. Ag siúl a bhí- odh cuid mhór acu sa tseanam. “Hikers” a thugtaí orthu agus nuair a bhí mise beag, tchífinn iad ag dul síos Malaigh an Mhuilinn agus shíl mé go raibh na “Hikers” uilig ina gcónaí thíos ansin agus go raibh baint de shórt éigin acu le Goll Mac Morna. Mar a dúirt mé cheana féin, bheadh sé deacair cur síos ceart, cóir a dhéanamh ar Dhumhaigh ach tá muidinne anseo i nGuth Ghoill fá choinne triall a bhaint as. Mar gur baile cois farraige atá i nDumhaigh, tá buntáistí speisialta ag baint leis. Bhí tráchtáil áitiúil i gcónaí ag dul ar aghaidh ann san am a chuaigh thart – ní díolaíocht le hairgead a bheadh ann, ach malartú. B’fhéidir go bhfaighfeá ualach asail de leathach ar ualach plandaí cáil. Bhíodh iasc, creathnach agus slóic i gcónaí ar fáil i nDumhaigh, mar a bhí gaineamh, a bhí tábhachtach i dtógáil ár gcuid tithe, mar a bhí an leathach i leasú an talaimh. Bhí feidhm eile a bhaint as gaineamh Dhumha fadó. Chuirfí ar urláir leacacha é le snas a chur ar na leacacha. Is minic a chuirtí gasúr ón Ardbán go Dumhaigh fá choinne gaine- amh leis an urlár a snasú, ‘sé sin, dar ndóigh, i bhfad sular cuireadh cosc le tógáil gainimh ón trá. Sula raibh “medical cards” nó “antibiotics” againn, carraigín a h-úsáideadh le biseach a dhéanamh don slaghdán nó don fliú. Cha bheadh teach ar bith gan carraigín agus as Dumhaigh a tháinig an carraigín fosta. Baile mór imirt chartaí a bhí ann agus bhí imreoirí iontach cúig fichead ann. Ba ghnách le raifilí a bheith ag dul ar aghaidh sna tithe. Ar ais sna tríochaidí bhíodh siad ag raifleáil bardal, gandal nó asal. Insím na rudaí seo díobh le bhur n-intinní a ghéarú mar tá mé cinnte go bhfuil lear scéalta ina luí ina gcodladh i bhféitheoga bhur gcuimhne. Ta muid ag cruinniú eolais ar an áit, ar logain- mneacha, ar na daoine agus ar achan ghné den saol a bhí i nDumhaigh roimhe seo, mar atá Dumhaigh anois agus mar a tharla an t- athrach a tháinig uirthi le linn na mblian- ta agus an éifeacht a bhí ag an imirce, an EEC, an tíogar cheilteach agus an “recession” uirthi. Ba mhaith linn scéalta a fháil ó dha- oine nár fhág Dumhaigh ariamh, daoine a d’imigh agus a phill, daoine a bhfuil cónaí orthu i gcéin ach a thagann abhaile ar saoire, leoga ó dhuine ar bith, sean nó óg a bhfuil scéal ar bith, maith nó olc, brónach nó greannmhar, fíor nó bréagach, le hinse acu. Buail isteach go dtí oifig Chéim Aniar nó cuir chugainn é i litir nó ar an ghuthán nó ar dhóigh ar bith a thig leat smaointiú air. Ach ar gheall ar Dhia ná lig don scéal sin bás a fháil. Beidh tú, mar sin, lán pháirteach i scéal Dhumha má chuireann tú do chuidse den scéal chugainn. Déan teagmháil le Sally i gCéim Aniar in Áras Ros Goill, Na Dúnaibh, ar 074 9154830, nó ar ríomhphost ag ceimaniar@eircom.net. Finola Hudaí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3