Guth Ghoill, Eagrán 32

Eagrán 32 Iúil 2010 11 Bhí cóisir ag Céim Aniar do na teaghlaigh atá gníomhach sa scéim pleanála teanga sa Síbín Ceoil ar an 21 Bealtaine, áit a ndearna siad bliain thar a bheith torthúil a cheiliúradh. Thig leis na páistí a bheith bródúil as a gcuid éachtaí i rith na bliana agus bhí na duaiseanna a bhain siad ag na comórtais filíochta agus drámaíochta ar taispeáint ar an oíche. Rinne na páistí a bhí ag freastal ar na ranganna uirlisí ceoil cúpla port a sheinm, chuir an Síbín Ceoil sólaistí ar fáil agus ina dhiaidh sin bronnadh teastais ar na páistí. Maith sibh uilig a pháistí agus ádh mór orthu siúd atá ag toiseacht ar an mheánscoil i mbliana. Chan fhaigheann duine a chiall in aisce. * * Té a mbíonn saol aige bíonn scéal aige. * * Is fearr lom ná léan. * * Is beag an deor fola nach teo í ná an t-uisce.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3