Guth Ghoill, Eagrán 32
Eagrán 32 Iúil 2010 13 Feadaímó Bhí Feadaímó agus Domhnall gafa i luíochán ar shráid Dhoire agus féan lán príosúnaigh leo. Bhí David, úinéir an fhéin ag amharc thart le hiontas. Bhí saighdiúirí an rí ar achan taobh dóibh agus a gcuid gunnaí dírithe orthu. Cha raibh a dhath fána choinne ach a gcuid lámh a chur in airde. “ Faoi Dhia, ” arsa David, “ char tharla a leithéid seo domh ariamh. Cad é ’ n dóigh a raibh a fhios acu go raibh muid ag teacht? ” Thiontaigh sé thart. “ Tá mé den bharúil, a Dhomhnaill go bhfuil spiaire i measc do bhaicle ” “ Cuir ceist ar Fheadaímó, ” arsa Domhnall, “ Tá a fhios aige go damanta maith cé uaidh a tháinig an t - eolas fabhtach. ” Chuala Feadaímó na focla ach cha raibh sé ábalta a dhath a rá. Cha dtiocfadh leis a chuid súl a thógáil ó Shíle a bhí anois ag tarraingt orthu le ceannaire na saighdiúirí. Cad chuige a raibh sí ag déanamh a leithéidí seo air? Nár sheas sé léi d ’ ainneoin comhairle Dhomhnaill? Cha raibh sé ach trí uaire ó shin ó d ’ íoc sé ar shon loistín di agus thug sé a fhocal go mbeadh sé ar ais fána coinne an chéad rud ar maidin. Bhí súile Dhomhnaill lasta le fearg agus labhair sé i gcogarnach le Feadaímó. “ Rinne mé iarracht comhairle a thabhairt duit, a uascáin, ach char éist tú liom. Cha raibh le déanamh agat ach a bheith réitithe di agus do ghnó a dhéanamh gan ise a bheith do leanstan. ” “ Tá brón orm, ” arsa Feadaímó, “ ach chuir sí an dallamullóg orm. D ’ inis sí domh go raibh sí chun dul go Meiriceá liom. ” Thosaigh Domhnall ag gáire go magúil. “ Meiriceá, huh, Lorda, is tú an t - uascán d ’ fhear. Casann tú le cailín don chéad uair agus cúig bhomaite ina dhiaidh sin tá sí chun a saol fhéin a chur bun os cionn agus dul go Meiriceá leatsa. Beidh an t - ádh ortsa muna gcaithfear sa phríosún thú, ach dóigh amháin nó dóigh eile cha bhíonn tusa ag dul go Meiriceá. Cosnaíonn sé airgead sin a dhéanamh agus níl leathphingin agatsa. Ná bí ag súil le pá ar bith uaimse anois. Buíochas do Dhia gur fhág mé na fir eile uilig leis an táin, ar a laghad tá na ba agam. ” Char labhair Feadaímó ar chor ar bith. Bhí sé náiriste go smior agus bhí an ceart uilig ag Domhnall. Bhí achan duine ligthe síos aige. Shíl sé nach dtiocfadh le rudaí a bheith níos measa ach nuair a d ’ amharc sé ar aghaidh an tsaighdiúra lig sé osna éadóchasach amach as fhéin. Ina sheasamh le taobh Shíle bhí saighdiúir a raibh aithne aige air. Char chas mórán de shaighdiúirí an rí le Feadaímó ach bhí cuimhne mhaith aige ar an fhear seo. Bheadh Seán Mháire Den crochta ag an saighdiúir seo ab é gur scaoil Feadaímó saor é ó phríosúin Chill Mhic nÉanáin roinnt blianta ó shin. Sheas an bheirt cúpla slat ó chapall Dhomhnaill agus labhair an saighdiúir leo. “ Good day there gentlemen, a pleasant evening I ’ m sure you ’ ll agree. Yes, quite so. Let me introduce myself. Colonel Albertson ar your service. ” Bhí aoibh ar a aghaidh ach cha deachaigh an aoibh sin a fhad lena chuid súl. Bhí an dá shúil mí- thrócaireach dírithe ar Fheadaímó faoin am seo. “ And this must be Feada, Feadaí em …” labhair Síle leis. “ Feadaímó, ” a dúirt sí. “ A! Yes, Feadaímó. I ’ ve heard all about you. You have been busy. Quite the hero I hear. Well I wonder if you ’ ll be half as heroic in Her Majesty ’ s Naval service. ” Chuaigh sé anonn chuig David. “ Mr Smith, this matter no longer concerns you. Kindly take your men and leave. ” “ What about my wagon? ” “ Your wagon? ” Thosaigh an Colonel ag gáire. That is now the king ’ s wagon, do I make myself clear? ” “ Abundantly so, ” arsa David. “ Tá brón orm, a Dhomhnaill, ach cad é a thig liom a dhéanamh? ” Thiontaigh se a chapaill, “ goitsígí, ” a dúirt sé, agus léim an bheirt fhear anuas ón fhéan. Char chuir siad am ar bith amú agus d ’ imigh siad. “ Níl fágtha ach Domhnall agus an laoch mór é fhéin, ” arsa Síle agus loinnir ina sú- ile. “ HMS Agincourt awaits, gentlemen, ” arsa an Colo- nel. Thosaigh Síle ag gáire. “ Aw, ” a dúirt sí, “ ar a laghad, a Fheadaímó, tchífidh tú an domhan agus b ’ fhéidir Meiriceá fosta gan costas ar bith. ” Shiúil sí thairis agus sheas sí ar roth an fhéin. “ Bhail, a dhaidí, beidh tú saor anois, ” agus tharraing sí scian amach as a póca. “ Daidí? ” arsa Feadaímó. “ Ó, sea, ” arsa Síle agus í ag amharc ar Fheadaímó le haoibh bheag mhagúil. “ Is é seo m ’ athair, ” agus chuir sí a lámh ar ghualainn Chondaí Rua. Bhí Condaí ar a ghlúine san fhéan anois agus chaith sé seileog ar an talamh. “ Bhail, a uascáin, ” a dúirt sé le Feadaímó. “ Cha raibh sé doiligh lámh an uachtair a fháil ortsa. Tá do neart uilig i do ghéaga mar níl a dhath idir na cluasa agat. ” Thosaigh na gadaithe eile ag gáire. Labhair sé go searbhasach le Domhnall. “ Níl mórán le rá agat anois, a Dhomhnaill. Shíl tú go raibh mé buailte agat, ha!. Cad é a shíleann tú anois? Chan fhuair tú lámh an uachtair orm ariamh agus ní bhfaighidh tú a choíche. Bhí tú chun mé a chur ar an bhád sin thíos, eh? Cé a bheas ar an bhád anois? Ná bí buartha fá do chuid ainmhithe, amharcfaidh mise i ndiaidh na tána duit. ” Tháinig racht gáire ó na gadaithe eile agus thosaigh siad ag magadh faoi Dhomhnall. Dhearg aghaidh Dhomhnaill agus bhí sé réidh le pléascadh. D ’ amharc sé ar Fheadaímó agus a dhá shúil lasta ina cheann. D ’ amharc Feadaímó ar an talamh mar cha raibh a dhath eile fána choinne. Bhí siad san fhaopach agus ar fhéin a bhí an locht. Chan amháin go raibh a shaol fhéin millte aige ach bhí saol Dhomhnaill i gcontúirt fosta gan caint ar na boic eile a bhí leis an táin. “ Cha dtiocfadh leat comhairle mhaith a ghlacadh nuair a tugadh duit é, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall agus nimh ina ghlór. “ Anois tá …” Bhris an Colonel isteach air. “ That ’ s enough of that gibberish, ” a dúirt sé. “ Dismount both of you. ” Char bhog duine ar bith. “ Now, ” a dúirt sé. “ Téigh go hifreann, ” arsa Domhnall leis. Thiontaigh an Colonel agus scairt sé ar na saighdiúirí. “ Sergeant Molloy, you and your squad to me, on the double. ” Chonaic Feadaímó an sáirsint agus thart fá deichniúir saighdiúir ag tarraingt orthu agus iad ina rith. “ Seo, a Shíle, ” arsa Condaí. “ Scaoil saor mé, tá obair le déanamh agam agus caithfidh mé ceannaitheoir a eagrú don táin. ” “ I understand enough of your gibberish, Condaí, to know what you ’ re talking about. I ’ ll be in on the negotiations for the herd if you don ’ t mind. ” “ No bother Colonel sir, ” arsa Condaí agus aoibh ar a aghaidh. Fifty fifty sounds good. ” “ Sixty forty favouring me sounds even better, ” arsa an Colonel. D ’ imigh an aoibh ach níor chuir Condaí Rua in éadan an Colonel. “ You ’ re de man, Colonel sir, you ’ re de man. ” Phléasc racht mi- onnaí móra as béal Dhomhnaill agus scairt sé amach. “ That ’ s my herd you ’ re talking about, and I ’ ll decide what happens to them. ” D ’ amharc an Colonel air. “ The only decision you have to make Mr Ó Dála, is whether you join the navy or face trial and a certain hanging for kidnapping. ”
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3