Guth Ghoill, Eagrán 32
Eagrán 32 Iúil 2010 14 Mhothaigh Feadaímó an fhearg ag éirí ina chroí nuair a chuala sé seo. Cha raibh sa Cholonel ach gadaí agus bhí sé soiléir go raibh gaol gnó idir é fhéin agus Condaí Rua. Cha raibh na saighdiúirí ach b ’ fhéidir deich slat ar shiúl. Bomaite amháin eile agus bheadh sé ceangailte suas acu. Bhí an Colonel ina sheasamh idir é fhéin agus an féan agus bhí Síle réidh leis an rópa a bhí thart ar lámha Chondaí a ghearradh. Lig sé scread mhillteanach as fhéin agus bhuail sé sceilp ar phrompa a chapaill. Léim an capall chun tosaigh agus bhuail sé an Colonel lena ghualainn agus leag go talamh é. Thiontaigh Síle agus léim sí den fhéan nuair a chonaic sí Feadaímó ag teacht fána coinne. Ach chan ise a bhí a dhíobháil ar Fheadaímó. Chuir sé amach a lámh chlé agus thóg sé Condaí Rua glan amach as an fhéan agus ar shiúl leis ar chosa in airde i dtreo sráide bige nach raibh clúdaithe ag na saighdiúirí. Thosaigh na saighdiúirí ag scaoileadh ach tháinig scairt ón Cholonel. “ Hold your fire. I want both those men alive. Get after them. ” Chuala Feadaímó trup na gcapall agus na ndragún sa tóir air. Thiontaigh sé ar chlé ag bun na sráide agus chonaic sé sráid fhada fholamh sínte roimhe. Bhí an oíche domhain ann faoin am seo agus cha raibh ach corr sholas ar an tsráid. Bheadh an dorchadas ina chuidiú ach bhí na dragúin ag tarraingt air. Bhí capaill níos fearr ag na dragúin agus cha raibh amhras ar bith ná go mbéarfadh siad air, go háirithe leis an bheirt acu ar an chapall. “ Cuir amú ama atá anseo, a ghasúir, ” a scairt Condaí leis. “ Maróidh tú an bheirt againn. ” “ Druid do bhéal, ” arsa Feadaímó leis. “ Níl na saighdiúirí ag scaoileadh agus tá mise den bharúil go bhfuil eagla orthu tusa a bhuaileadh. Níl an Colonel ag iarraidh a chara lu- achmhar a chailleadh. ” “ Ní bhfaighidh tú ar shiúl orthu ” arsa Condaí, ” ach bhí seisean ar a bholg ar mhuineál an chapaill agus chan fhaca sé an treo ina raibh Feadaímó ag dul. Bhí droichead ag dul trasna na habhann agus chuir Feadaímó an capall díreach chuig an bhalla ar an taobh chlé de. Léim an capall agus lig Condaí scread uafásach as nuair a chonaic sé an t - uisce thíos faoi. Tharraing Feadaímó é den chapall díreach sular bhuail siad an t - uisce agus chuaigh an bheirt acu síos go domhain san abhainn. Bhuail fuacht an uisce Feadaímó mar a bheadh casúr ann ach choinnigh sé greim ar Chon- daí agus tharraing sé é leis go barr. Glac sé tamall beag orthu a n - análacha a fháil agus ansin bhí achan bhéic ag teacht ó Chondaí. “ Báfaidh tú mé, ” a Uascáin, ” a dúirt sé. “ Ar mire ar fad atá tú. Scaoil saor na rópaí seo go tapaigh sula dtéim go grinneall. ” Mhothaigh Feadaímó láidreacht an tsrutha a dtarraingt ar shiúl ón bhruach agus chur se iontas go bráth air nuair a chonaic sé chomh fada ar shiúl ón droichead a bhí siad. Bhí solas ar an droichead agus chonaic sé na dragúin ag amharc isteach san uisce agus chuala sé iad ag scairteadh ach cha raibh dóigh ar bith a mbeadh siadsan ábalta an bheirt acu a fheiceáil amuigh i lár na habhann dubh dorcha. D ’ aithin Condaí seo fosta agus lig sé scread as fhéin, “ hoi, tá muid …” ach chuir Feadaímó a lámh ar bharr a chinn agus bhrú sé é faoin uisce sula dtiocfadh leis focal eile a rá. Choinnigh sé ansin é agus é ag coimhéad na ndragún. Bhí siad go fóill ar an droichead agus gach cu- ma orthu gur shíl siad go raibh an bheirt báite. Cha raibh an capall le feiceáil áit ar bith. Tharraing Feadaímó cloigeann Chondaí amach as an uisce. “ Má osclaíonn tusa do bhéal arís, ” a dúirt sé, “ báfaidh mé tú, ní bheidh an darna deis agat. An dtuigeann tú mé? ” Bhí Condaí go fóill ag iarraidh a anáil a fháil ar ais ach chroith sé a cheann. “ Tuigim, ” a dúirt sé agus eagla an domhain ina ghlór. “ Maith go leor, ” arsa Feadaímó, agus thosaigh sé ag snámh chuig an taobh eile den ab- hainn. Is snámhóir láidir a bhí i bhFeadaímó agus choinnigh sé ag dul leis an tsruth agus é ag dul trasna de réir a chéile. Ghlac sé tamall maith do ach sa deireadh thiar thall tháinig sé go dtí an bhruach agus d ’ úsáid sé an unsa deireanach dena neart le é fhéin agus Condaí a thar- raingt amach as an abhainn. Luigh siad ar an talamh an- sin gan focal astu. Nuair a fuair Feadaímó a anáil ar ais sheas sé. Bhí a fhios aige nach raibh am ar bith le cur amú. Bheadh air rabhadh a thabhairt do na fir eile a bhí leis an táin sula mbéarfadh an Colonel orthu ach cad é bhí le déanamh le Condaí? Cha raibh dóigh ar bith a mbeadh sé in am agus é ag tarraingt an gadaí leis. “ Éist liom, ” a dúirt sé. “ Caithfidh mise imeacht ach beidh mé ar ais fá do choinne. ” “ Cha dtig leat mé a fhágáil an- seo, ” arsa Condaí, “ gheobhaidh mé bás leis an fhuacht. ” “ Beidh sin rómhaith duit má tharlaíonn sé, ” arsa Feadaímó, “ ach tiocfaidh mé ar ais le fáil amach. ” Le sin stróic se píosa de léine Chondaí agus chuir sé é thart ar a bhéal. Tharraing sé é anonn ansin chuig dí- og bheag thirim agus chaith se é isteach ann. “ Tá súil agam nach dtagann madadh ocrach ort nó rud ar bith mar sin, a Chondaí, ” a dúirt sé, “ tá plean eile leagtha amach agamsa duit. ” D ’ amharc sé siar uaidh. Ar a laghad bhí sé ar an taobh cheart den abhainn agus ní raibh le dé- anamh aige ach coinneáil ar an bhruach agus thiocfadh sé ar an táin. D ’ imigh sé agus é ina rith. Beidh an chuid eile sa chéad eagrán eile
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3