Guth Ghoill, Eagrán 32

Eagrán 32 Iúil 2010 15 Cuireadh Coiste Forbartha Mhíobhaigh ar bun nuair a tháinig grúpa den phobal le chéile i mí na Bealtaine 2001. Tháinig siad le chéile mar bhí imní orthu nach raibh obair mar is cóir a dhéanamh ag na hÚda- ráis, deacrachtaí áitiúla a réiteach. Bhí cruinniú acu agus chuaigh siad i mbun oi- bre. Is iad na rudaí is mó a bhí ag cur isteach orthu ná: bóithre i ndroch-staid, córas uisce nach raibh ag obair mar ba chóir agus áiseanna turasóireachta nach rabhthar a gcothú. Tá an coiste seo anois mar pháirt lárnach de shaol áitiúil an cheantair. Rinne siad stocaireacht ar na Teachtaí Dála agus ar na Comhairleoirí Contae áitiúla agus tháinig deathoradh as an iarracht sin. Tá neart imeachtaí a reáchtáil ag an choiste achan bhliain, Féile Iascaireachta sa tSamhradh agus Oíche ag na Rásaí ag an Nollaig ina measc. Tá ceithre churach tógtha acu, ceann acu sin ina churach rás- aíochta. Tá fir óga na háite ag cleachtadh anois le páirt a ghlacadh i rásaí thart ar an chósta. Gearrann siad an féar ar thaobhanna na mbóithre achan bhliain ó Ros na Binne go dtí an Mheall Mhór agus tá bealach adhmaid leagtha acu ón charrchlós síos go Trá na Rosann. Obair dheonach ar fad atá anseo agus gabhaimid ár mbuíochas leo. Níl amhras ar bith ná go bhfuil an coiste seo ina bhuntá- iste iontach don áit agus tá plean acu tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh amach anseo. Le seo a dhéanamh tá airgead a dhí- obháil agus beidh crannchur a reáchtáil acu i mbliana. Tá súil agam go dtabharfaidh sibh uilig tacaíocht dóibh. Proinsias Ó Cuilinn Coiste Forbartha Mhíobhaigh Na fir phósta Féile Iascaireachta Mhíobhaigh An spúnóg mhaide arís a Stiopháin!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3