Guth Ghoill, Eagrán 32

Eagrán 32 Iúil 2010 16 Bhain ochtar Dioplóma sa Ghaeilge amach ón chúrsa a bhí a reáchtáil ag Céim Aniar sna Dúnaibh i rith an Gheimhridh i gcomhar le hOllscoil Mhig Aodha i nDoire. Sa ghrianghraf thuas, a ghlacadh lá Bronnta na dTeastas i Halla Fóraim na Mílaoise i nDoire, ó chlé tá, Dymphna Ní Ghallachóir, Cáit Ní Fhichealtaigh, Siún Nic a’Bháird, Laura Ní Dhomhnaill agus Róisín Ní Oireachtaigh . As láthair ón phictiúr tá Séamas Ó Gallachóir, Máire Ní Cheallacháin agus Eoghan Ó Treartaigh . Comhghairdeas libh uilig. Tá an cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge ar siúl anseo i Ros Goill le hocht mbliana anuas agus bronnadh Di- oplóma ar ochtó sé mac léinn go dtí seo. Chomh maith le sin, lean triúr déag acu ar aghaidh le Cúrsa Céime sa Ghaeilge a dhéanamh. Is cúrsa páirtaimseartha é an Cúrsa Dioplóma agus dhá oíche sa tseach- tain atá i gceist. Is féidir leat an cúrsa seo a dhéanamh thar dhá bhliain nó, má tá tú líofa sa Ghaeilge, thar bhliain amháin. Cuirfear tús leis na ranganna arís i mí Meán Fómhair 2010 in Áras Ros Goill, Na Dúnaibh agus beidh Oíche Eolais ar na cúrsaí Dioplóma agus Céime in Óstán na Trá, Na Dúnaibh, Dé Céadaoin, 4 Lúnasa, ag 7.30 i.n. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí seo cuir glaoch orainn in oifig Chéim Aniar ar 074 9154830.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3