Guth Ghoill, Eagrán 32
Eagrán 32 Iúil 2010 3 Sna chéad eagráin eile de Ghuth Ghoill beidh muid ag foilsiú cuid den ábhar béaloidis a d ’ úsáid Aingeal Nic A ’ Bháird agus í ag staidéar dá céim. Seo ábhar a bhailigh Seán Ó hEochaidh le linn dó a bheith ag bailiú béaloidis sa cheantar seo sna dai- cheadaí. Cérbh é Seán Ó hEochaidh? Rugadh Seán Ó hEochaidh, nó ‘ Fear an Bhéaloidis ’ mar a tugadh air, i dTeileann in Iardheisceart Thír Chonaill sa bhliain 1913. Cúi- gear a bhí sa chlann agus ní raibh sé ach ocht mbli- ana d ’ aois nuair a fuair a athair, a bhí ina iascaire, bás. Chaith sé trí nó ceithre de bhlianta ag a mháthair mhór ansin, áit ar éist sé le cuid mhór seanchais. Cuireadh é isteach ar scrúdú na gColáistí Ullmhúcháin ach tamall roimh an scrúdaithe bhris sé a sciathán agus mar nár tugadh ‘ un an dochtúra é b ’ éigean an sciathán a bhriseadh arís le go snaidhmfeadh sí i gceart agus í ag cneasadh. De thairbhe seo, nuair a tháinig lá an scrúdaithe ní raibh sé ábalta luas ar bith a chur lena chuid scríbhneoireachta agus níor éirigh leis sa scrúdú. D ’ fhan sé ar an scoil go raibh sé i rang a hocht, rud a bhí coitianta go leor san am. Ba ghnách le hiascairí an cheantair é a thabhairt amach a ’ iascaireacht leo agus gan é ach ina stócach óg, seo chun punt a shaothrú le cuidiú lena mháthair. Chaith sé ceithre nó cúig de bhlianta ag iascaireacht agus mar a dúirt sé fhéin go minic ina dhiaidh sin, “ Ba seo m ’ Ollscoil, ní raibh teora leis an méid eolais a bhí ag na hiascairí, tháing an t - eolas seo anuas ó ghlún go glún ”. Bhíodh siad ag iascaireacht feannóga agus cadóga ar bhádaí seoil, na yeoltaí. Seachtar fear ar achan bhád. Bhí suim mhór aige agus é ina fhear óg a bheith ag bailiú béaloidis agus seanchais ina cheantar fhéin. Ba é a uncail, Pádraig Mac Seagháin, a bhí ina chigire scoile sa Roinn Oideachais a spreag é le seo a dhéanamh. Ansin cuireadh an Cumann le Béaloideas Éireann ar bun sa bhliain 1927 agus é mar aidhm acu Béaloideas na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus a fhoilsiú. Lá amháin sa bhliain 1935 agus é ag teacht amach as an bhád ag céidh Theileann chonaic sé an fear seo ag tarraingt air anuas an chéidh. Ba seo, Séamas Ó Duilearga, as Cumann le Béaloideas Éireann, a tháinig anuas as Baile Átha Cliath le ceist a chur ar Shéan an ra- chadh sé i mbun oibre dóibh sa Chontae seo mar bhailitheoir béaloidis. Ghlac sé leis an tairiscint. Bhí sé dhá bhliain agus fiche ag an am. Tugadh éideafón agus rothar dó agus chuaigh sé i mbun oibre. Shiúil sé ceantracha Gaeltachta na Contae seo ag cur an ábhair ar an éideafón agus ansin ag caitheamh a chuid ama an lá ina dhiaidh a athscríobh, ba seo an chuid ba mhaslaí den obair. Ba radharc coitianta a bhí ann ag an am é a fheiceáil ag rothaíocht thart agus an t - éideafón ar a dhroim. Dúirt sé fhéin gur chuir sé agallamh ar mhíle go leith duine agus nuair a chuirtear san áireamh gur scríobh sé síos milliún go leith focal ó Nial Ó Dubhaigh as Gort a ’ Choirce agus go raibh fear i dToraigh a raibh deich bhfocal is fiche aige ar chineálacha áirithe farraige, d ’ fhéadfaí a rá gur thóg sé síos na milliúin focal ó chainteoirí dúchais na Contae seo, ó leithinis Fhánada go Gleann Cholmcille, sa Ghaeltacht Láir agus sna Cruacha. Chaith sé tamall in Inis Eoghain fosta agus istigh fá na sléibhte i gCo. Thír Eoghain. Chuaigh sé i gceann a chuid oibre mar bhailitheoir ina cheantar dúchais fhéin — i dTeileann. Dúirt sé nach raibh áit ar bith eile sa Chontae, taobh amuigh de na Cruacha a raibh an oiread saibhris scéalta ann agus a bhí ina cheantar dúchais fhéin agus go dtiocfadh leis deich mbliana a chaitheamh ann ag bailiú scéalta agus seanchais. Bhí naoi dteach is fiche istigh sna Cruacha agus dúirt sé gurb anseo a bhí an Ghaeilge ba mhilse agus ba bhlasta dár chuala sé ariamh. Chaith sé cúpla bliain ansin ag teacht is ag imeacht agus dúirt sé go raibh daoine sna Cruacha fán bhliain 1947 a bhí ar bheagán Béarla. Sé bliain is daichead ar fad a chaith sé ag bailiú béaloidis. Is cinnte go bhfuil muid go mór faoi chomaoin aige as ucht an tsaibhris béaloidis a d'éirigh leis a thógáil síos agus a shábháil. Tá an saibhreas seo uilig le fáil anois i Rannóg an Bhéaloidis in Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Ain- mníodh Seán Ó hEochaidh mar phearsa Thír Chonaill sa bhliain 1994 agus fuair sé bás sa bhl- iain 2002. Bhí Seán Ó hEochaidh pósta i nGort a ’ Choirce ar iníon le Micí Mac Gabhainn, fear a bhfuil an leabhar Rothaí Móra an tSaoil bunaithe ar a shaol.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3