Guth Ghoill, Eagrán 32
Eagrán 32 Iúil 2010 4 Bhí gnás eile acu fad ó shin in íochtar Ros Goill san am a raibh an poitín an - fhairsing agus nuair dhéanfadh fear teach úr. Ba gnáth leofa an chéad oíche a thabhairt don ‘ mhuintir bheaga ’. Is é an dóigh a ndéanfadh siad sin ná, d ’ fhágfadh siad soi- theach poitín agus neart bia istigh sa teach b ’ fhéidir cúpla oíche sula dtéadh siad a chónaí ann. Ba léir leofa san am sin go dtigeadh an ‘ mhuintir bheaga ’ agus go n - itheadh siad agus go n - óladh siad. Dé réir na seandaoine is é an chiall a bhí acu le seo, bhíodh cineál eagla orthu in amannaí go mbeadh na tithe seo déanta “ in áit uasal ” agus dá dtugadh siad oíche mhór don ‘ mhuintir bheag ’ ba léir leofa go sásaíodh sé iad agus nach mbainfeadh siad leofa san am a bhí le theacht. Tá go leor seanchais le cluinstin fá dhaoine nach dtearn seo agus a mb ’ éigean daofa tithe úr a fhágáil i ndiaidh a dtógáil. Níor ghnáth a n - aois féin a chur ar na cónaracha sa cheantar seo ach oiread. Ba mhaith leofa na “ daoine beaga ” a chur thart na gcoimhead. In amannaí ba ghnáth leofa na h - ainmneacha a athrú fosta, ach ba le páistí a ba mhó a níodh siad seo. Deirtear san áit seo dá mbeadh daoine á mbá ann fad ó shin nach dtabharfadh na daoine a bheadh ag amharc orthu tarrtháil orthu. Deirtear fad ó shin san am a raibh na curacha tiubh gur bádh neart da- oine ann a d ’ fhéadfadh a shábháil. San am sin nuair a bhíodh siad amuigh ag iascaireacht laetha garbha sna curacha bheaga seo is minic a cuireadh a mbéal fútha agus bádh na foirne. Bhí sé ina rud choitianta san am sin foirne eile a bheith ag iomrá thart leofa gan lá aird a thabhairt orthu agus ligean daofa go mbáití an fear fá dheireadh acu. Ba é an chiall a bhí acu le seo, dá dtugadh siad tarrtháil ar an té a bheithfí a bhá nó dá dtugadh siad fear báite isteach ina mbád, ba léir leofa gurb iad féin an chéad bhaicle a n - éireodh an rud céanna daofa. Cé bith cúis de níl scéal mar seo anois, agus bheir na h - iascairí a mbíonn i ngéibheann uilig tarrtháil ar a chéile. Is beag bádaí beaga sa cheantar nach bhfuil crú gearráin nó crú asail ina dtoiseach. In amanna bí- onn na cruitheacha seo ar an tafta sa bhád a mbíonn an crann ann. Is gnáth i gcónaí go mbíonn ceann na gcruitheacha ar uachtar. Ach ar na ceártaí sa cheantar bíonn an crú an dóigh eile os cionn an dorais. Tá crú gearráin le feiceáil i gcúl an dorais i gcuid mhór de na tithe thart sa cheantar fosta. Is léir leis na daoine go bhfuil sé an - sona crú acu seo a bheith fan doras acu, agus bhí cuid den tseanmhuintir ag inse domh go raibh intinn ag na daoine fad ó shin, nach dtiocfadh leis an diabhal a dhul isteach ar dhoras a mbeadh crú os a chionn. Bhí intinn acu fosta, dá mbeadh duine ag teacht fán tigh a mbeadh “ droch - amharc ” aige go leigheasfadh sé é fosta. Deirtear sa cheantar seo fosta nach bhfuil sé maith eaglasach de shórt ar bith a bheith fá bhád úr nuair atá sí a sá amach an chéad uair óna áit déanamh bádaí anseo [i] Lag na hUillinne agus tá am gairid ó shin bhí bád úr á dhéanamh ann agus í réidh le cur amach an chéad uair. Bhí sagart i láthair agus chuaigh sé ar bord uirthi nuair a bítear ag dul a cur amach as tí an bháid. Buaileadh an buille uirthi agus chuaigh sí amach tuairim ar leath bhealaigh ach ní rachadh sí ní b ’ fhaide agus ba cheart díthi a dhul ‘ na farraige. D ’ fhéach siad go bog agus go crua í ach ba chuma cad é dhéanfadh siad léi ní chorródh sí as áit a bun. B ’ éigean a fágáil ansin go lá arna mhárach agus bhí na daoine a bhí i láthair uilig dearfach gur siocair an sagart a bheith ar bord uirthi a ba chiontaí gan í a dhul amach. Sa tsean - am anseo ní ligfeadh na seaniascairí do fhear den fhoireann a bheadh idir dáil agus pósadh a dhul amach sa bhád leofa. Dar leofa nach raibh sé sona aige a dhul ar an fharraige go bpóstaí é. Ní bhíonn iascairí sa cheantar seo sásta duine coimhthíoch a dhul amach a dh ’ iascaireacht leofa. Is léir leofa go bhfágann sé droch - ádh orthu ar feadh an tséasúir a leithéid de dhuine a thabhairt leofa. Beidh tuilleadh den ábhar seo sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3