Guth Ghoill, Eagrán 32

Eagrán 32 Iúil 2010 5 Cuairt an Uachtaráin ar Charraig Airt Is iomaí lá mór a bhíonn i saol pobail, idir cúrsaí spóirt, cúrsaí cleamhnais, cúrsaí reiligiúin nó cúrsaí polaitíochta ach nuair a thagann Uachtarán na hÉireann ar cuairt chugat, is é sin lá oll - mhór ar fad! Agus thar- la a leithéid i mbaile Charraig Airt ar an 2ú Mei- theamh, 2010. Ba é oscailt oifigiúil Pháirc na Trá an ócáid mhór a tharraing an tUachtarán ár dtreo agus ba mhór an onóir do Choiste Forbartha Charraig Airt agus don phobal uile a teacht anseo. Ar ndóiche, bhí an pháirc í féin ullmhaithe, gléasta agus cóirithe go cúramach don ócáid agus bhí cuma ghalánta ghleoite uirthi agus í maisithe le bláthanna d ’ achan chineál agus d ’ achan dath faoin spéir. D ’ imir an aimsir a páirt fosta, an ghrian ag lonrú anuas go taitneamhach as spéir gan scamall, gan néal. Cuireadh go mór leis an chomhthimpeallacht le ceol den scoth ó ghrúpa ceoltóirí áitiúla agus ba é fear flúirse na bhfocal, sin dúchasach Charraig Airt, Proinsias Ó Gallagáin a d ’ fheidhmigh mar Fhear a ’ Tí. Bhí an saol agus a mháthair agus Easpag Rath Bhoth, An tEaspag Pilib Ó Buaidhe, i láthair nuair a shroich an tUachtarán an baile, áit ar casadh beirt bhall de Choiste Forbartha Charraig Airt, Máire Ní Chléirigh agus Brian Ó Ceallaigh uirthi. I ndiaidh dí iniúchadh a dhéanamh ar an gharda onóra ina raibh páistí as trí scoil an pharóiste páirteach, chuir Joy Buchanan agus Colm Ó Buaidhe fáilte roimpi chun na páirce. Bhronn na páistí scoile crobhaing bláthanna uirthi agus ansin nocht an tUachtarán an leac cuimhneacháin álainn de chloch eibhir ar suíodh ansin don ócáid. Os cionn gheata na páirce bhí brat álainn crochta, ar a raibh na focail shuntasacha Ghaeilge sin scríofa: ‘ Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. ’ Nílthear cinnte ar thug an tUachtarán iad faoi deara nó nár thug ach ina hóráid féin, rinne Máire Mhic Giolla Íosa tagairt den tábhacht a bhain le páirteachas pobail agus obair dheonach an phobail. Thréaslaigh sí le hAingeal Ní Ghallchóir, as Carraig Airt ó dhúchas, as an dearadh iontach a rinne sí ar an pháirc. Thug sí le fios don slua gurb é fear áitiúil eile a bhí á tiomaint ar an lá sin – an Garda Pól Ó Dubhaigh, mac do chuid an tSáirsint Ó Dubhaigh a bhí anseo roinnt blianta ó shin ach atá anois ar shlí na fírinne. Shiúil an tUachtarán agus a fear céile i measc na ndaoine ansin agus chas sí agus chroith sí lámh leis na céadta duine agus bhí achan duine tógtha go mór lena cneastacht agus a croíúlacht agus an teagmháil a rinne siad leo. Is mian le Coiste Forbartha Charraig Airt a mbuíochas a chur in iúl do Comhairle Contae Dhún na nGall agus leis na Comhairleoirí áitiúla ar son an mhaoinithe a rinne siad ar an ócáid agus do na gnóanna agus do na daoine áitiúla a chuidigh fosta. Ba mhaith leo fosta a mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí a d ’ ullmhaigh an garda onóra agus bronnadh na mbláthanna; le Garda Cósta na hÉireann a d ’ eagraigh an pháirceáil; leis an Garda Síochána faoi choimirce An Sáirsint Criostóir Ó Gealagáin; na ceoltóirí áitiúla ar son an cheoil a chur siad ar fáil agus a chur go mór leis an ócáid roimh agus i ndiaidh theacht an Uachtaráin agus arís in Óstán Charraig Airt: Óstán Charraig Airt ar son na sólaistí a chuir siad ar fáil agus buíochas speisialta d ’ oibrithe na Scéime Sóisialta Tuaithe a chuir ord agus eagar den chaighdeán is airde ar an bhaile agus ar an pháirc. Nuair atá muid ag déanamh tagartha do chúrsaí slacht- mhaireachta, bheadh sé cuí dúinn ár mbuíochas a gha- bháil le Coiste Forbartha Mhíobhaigh agus le Coiste Bailte Slachtmhara na nDúnaibh atá ag déanamh scoth na hoibre ar son na háite. Tá achan duine ag caint faoi chomh néata agus chomh slachtmhar agus atá an ‘ Taobh Thoir ’ agus sráidbhaile na nDúnaibh fa- oi láthair. Ní dhéanfadh sé dochar ar bith dúinn uilig smaoineamh ar chuidiú beag a thabhairt dóibh, ar bhealach ar bith a thig linn. Macasamhail focail John F. Kennedy : “ Ná fiafraigh cad é a thig le mo phobal déanamh domhsa ach cad é a thig liomsa a dhéanamh do mo phobal ” Caoimhín Mac a ’ Bháird An tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa agus a fear céile, an Dr. Máirtín Mac Giolla Íosa le, ó chlé, Brian Ó Ceallaigh, Joy Buchanan, Máire Ní Chléirigh agus Colm Ó Buaidhe, baill de Choiste Forbartha Charraig Airt.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3