Guth Ghoill, Eagrán 32

Eagrán 32 Iúil 2010 6 Seo alt a scríobh Sorcha Ní Bhrodlaigh dúinn, múinteoir scoile i nDroichead Átha, (iníon le Frank, Gorta Móra) faoi eachtraí a bhain di fhéin agus dá cairde le linn dóibh bheith ag dreapadóireacht ar Kilmanjaro. Éacht gan amhras. Dé Domhnaigh, i mí na Bealtaine, a bhí ann. Bhí ceathrar againn inár suí i gcaife agus oíche Shathairn a plé againn agus fosta ár laethanta saoire. Ba ghnách le Niamh trí seachtaine a chaitheamh sa Tansáin achan bhliain agus obair dheonach a déanamh aici. Shocraigh muidinne, sin Frances, Marcella agus mé fhéin buaileadh léi thall ansin agus Kilimanjaro a dhreapadh. Ba scolaire í Niamh agus sa deir- eadh thiar thall ní raibh go leor airgid aici chun fanacht sa Tansáin agus Kilimanjaro a dhreap- adh ach lean an triúr againne leis an phlean. I ndiaidh tamaill bhí beirt eile istigh ar an phlean linn, Cathy, cara le Marcella a oi- bríonn mar mhúinteoir bunscoile i mBaile Átha Cliath agus Paula, cailín atá ina cónaí san Astráil faoi láthair ach a bhí ar scoil le Frances agus liom fhéin. Rinne muid ár dtaighde, chuir muid na ticéid in áirithe, chuaigh muid ag siopadóireacht, fu- air muid na hinstealltaí agus leigheas agus ar an seachtú lá de Lúnasa bhí muid réidh don aistear fhada a bhí romhainn. Rinne muid dearmad ar rud amháin.....rud beag traenáil a dhéanamh! Bhí mé rud beag amhrasach faoi sin, caithfidh me a admháil. D’eitil muid ó Bhaile Átha Cliath go Heathrow, ó Heathrow go dtí Doha i Qatar agus as sin go dtí Dar Es Salaam. Ag taisteal ón aerfort i Dar Es Salaam go dtí lár na cathrach bhí sé soiléir go raibh an Afraic bainte amach againn. Chaith mé an t-am ar fad ag amharc amach ar na fuinneoga . ‘Sé an t -aon rud a bhí le déanamh againn anois ná an bus go Moshi a chur in áirithe agus ina dhiaidh sin an tráthnóna a chaitheamh ag ligint ár scíth. D’éirigh linn é sin a dhéanamh sa deireadh agus d’fhan muid sa lóistín don dinnéar. Is cathair Ioslamach í Dar Es Salaam ar an gcuid is mó agus ní raibh braon alcóil le fáil sa bhialann agus ní raibh fonn ar dhuine ar bith againne a dhul ar a thóir, mar sin d’fhan muid sa loistín don oíche. Thaistil an chúigear againn ón stáisiúin bus in Ubongo go Moshi i lár na tire. Turas iontach suimiúil a bhí ann ó thaobh radharcanna de. Bhí seans againn cuid mhaith don tír a fheiceáil. Thuirling muid den bhus in áit darbh ainm Himo Junction agus bhí car ón óstán ag fanacht linn. Thaitin an áit liom ón tús. Chuir sé iontas orm go raibh an oiread sin plandaí agus bláthanna ag fás, an geimhreadh a bhí ann thall agus bhí an aimsir cosúil leis an samhradh anseo. ‘Sé Óstán Marangu an t -ainm a bhí ar an áit agus ba Éireannach í máthair na n-úinéirí agus chomh maith le sin bhí scaifte Éireannach ag stopadh san óstán an oíche sin. Bhí said i ndiaidh an sliabh a dhreapadh agus chaith siad an tráthnóna ag ceiliúradh is ag ceol sa bheár agus ag tabhairt comhairle dúinn. Bhí fiche acu ann agus d’éirigh le seacht nduine dhéag acu barr an tsléibhe a bhaint amach. Bhí orainne ár dtrealamh a eagrú an oíche sin agus dul chuig cruinniú chun an t-eolas uilig a chluinstin. Shiúil muid isteach sa seomra mi- onteagaisc (briefing room) agus beoir in ár lámha agus muid ag gáire agus shiúil muid amach ar crith le heagla. An mhaidin dar gcionn bhí achan rud san óstán bun os cionn agus muid ag déanamh réidh le himeacht. Chas muid ar ár dtreoraithe, Joseph, Prosper, Alphons agus Frank, leis na póirtéirí agus leis an chócaire - aon duine dhéag in iomlán! Ba é Joseph an fear a bhí i gceannas agus bhí an turas seo déanta aige níos mó na seasca uaire. D’fhág muid an t -óstán i jeep agus thiomáin muid go dtí páirc náisiúnta Kil- imanjaro, ní raibh mise ábalta caint fiú mar bhí me chomh neirbhíseach sin. Tar éis a bheith sínithe isteach bhí muid réidh le dhul i gceann dreapadóireachta. Ní raibh orainn pingin rua a thabhairt linn ar an turas mar níl rud ar bith le ceannacht. Thaitin sin liom chomh maith- sé lá saor ó airgead agus ó An chéad mhaidin agus muid réidh le toiseacht

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3