Guth Ghoill, Eagrán 32

Eagrán 32 Iúil 2010 7 shiopadóireacht! Mhol na treoraithe dúinn dul chomh mall agus ab fhéidir – pole pole a deir siad i Swahili agus ní raibh fadhb ar bith againn cloí leis an chomhairle sin. Glacann se trí huaire ar an mheán taisteal go dtí an chéad ionad campála, Mandara (2,700 troigh in airde) agus ghlac se ceithre huaire go leith orainne é a dhéanamh. Mhol siad dúinn cuid mhór uisce a ól fosta agus arís ní raibh fadhb ar bith againne cloí leis na rialacha. Bhí ar dhuine inteacht stopadh achan deich mbomaite le dhul go dtí an leithreas agus níl rud ar bith eile le déanamh ach léimint isteach sna sceacha. Tá an sliocht sin den turas cosúil le bheith ag siúl i bpáirc foraoise in Éirinn ach go raibh moncaithe le feiceáil sna crainn agus mongoose in aice linn agus muid ag ithe ár lón. Shroich muid Mandara ar thart fá leath i ndiaidh a cúig agus bhí sé ag éirí dorcha. D’ith muid ár ndinnéar (a bhí iontach blasta) agus chuaigh muid díreach a luí. Bhí muid ag stopadh i dteach mór a bhí déanta as adhmad agus bhí níos mó ná tríocha eile sa seomra linn. Mhol duine de na mná ón óstán domh gan fiú leabhair a léamh, seo fá choinne fuinneamh a chaomhnú ach ní raibh mise ábalta cur suas le sin, léigh mé mo leabhar agus scríobh mé i mo dhialann. D’éirigh muid ar a seacht an mhaidin dar gcionn agus bhí siúlóid seacht nó ocht n-uaire romhainn. Mhuscail na fir muid le cupán tae agus báisín uisce agus bhí an bricfeasta réidh acu sa halla bia. I ndiaidh ceithre huaire ag siúl stad muid don lón agus bhí mé scriosta. Bhí an ghrian ag spalpadh agus bhí tinneas cinn ag teacht orm. Shíl mé go raibh mé ag fu- laingt ach bhí Frances i bhfad níos measa. Thit sí i laige agus muid ag ithe ár lón. Shíl muid ag an am go raibh an ghrian ag cur isteach uirthi mar ní raibh hata ar a ceann ach ag amharc siar sílim go raibh tinneas sléibhe ag teacht uirthi. Lean muid ar aghaidh ag siúl go dtí gur shroich muid ár gcampa, darbh ainm Horombo an uair sin. Bhí ort síniú isteach in achan champa agus chuir mise m’ainm an lá sin in aice le hainm fir ón Ghearmáin a bhí 78! Mhuscail achan duine ar maidin préachta leis an fhuacht. Bhí an teocht i bhfad níos ísle i Horombo san oíche. Lá sosa a bhí againn don tríú lá, tugann sé seans duit fáil cleachtaithe leis an airde. Ní raibh spion rómhaith ar Frances ach shocraigh an cheathrar againn dul ar shiúlóid le Prosper agus le hAlphons go dtí Zebra Rock. Bhain muid sult as, ní raibh brú ama ar bith orainn agus ghlac muid léir mór pictiúr. Ar ais sa champa bhí cuairteoir againn in ár dteach loistín – bean ón Nua Shéalainn a bhí ar a bealach anuas ón bharr. Bhí sí chomh sásta léi féin ach bhí sí tuirseach traochta. D’inis sí cúpla scéal dúinn. Rugadh sa Tansáin í agus rinne sí iarracht an barr a bhaint amach agus í ceithre bliana déag d’aois ach theip uirthi. Bhí sé mar uaillmhian aici dul ar ais agus an jab a chríochnú. Cé gur thug sí inspio- ráid dúinn uilig scanraigh sí muid chomh maith! Chuir mé éadaí breise orm an oíche sin agus chodail mé go sámh. Gheobhaidh sibh amach sa chéad eagrán eile cad é mar fuair Sorcha agus a cairde ar aghaidh leis an chuid eile dá dturas. Taobh amuigh den lóistín i Horombo Zebra Rock

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3