Guth Ghoill, Eagrán 33

Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 10 D’éirigh go hiontach leis an dá champa samhraidh a bhí a reáchtáil ag Céim Aniar in Ionad C.L.G. na nDúnaibh i mbliana. Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl achan lá, idir spórt, cheol, amhránaíocht, chluichí intinne, ealaíon, fhilíocht, agallaimh beirte, dhamhsa, thóraíocht taisce agus fiú amháin rud beag cócaireachta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na cúntóirí uilig a chur obair mhór isteach sna himeachtaí agus le coiste C.L.G. na nDúnaibh a thug úsáid an ionaid dúinn. Glacadh an grianghraf thuas i ndiaidh seó an chéad champa ar an Aoine 30 Iúil. Bronnadh teastas ar achan pháiste agus bhí duaiseanna do na páistí a rinne iarracht mhór Gaeilge a labhairt an t-am ar fad.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3