Guth Ghoill, Eagrán 33
Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 12 ‘’ s gur streachail sé lena bhfiántas. “ Is rud í an fharraige, ” dúirt sé go híseal, nach bhfaighidh tú an bhua uirthi a choíche. Lá amháin í do chara, lá eile í do namhaid ach i gcónaí do mhealladh le hiontais. ” **** Bhí mo chairde faoin am seo ina suí ar an talamh ag éisteacht le gach uile fhocal; Sean - Jack le huaigneas ag amharc ar an uisce is ag aithris a chuid scéalta go fonnmhar. Labhair sé fá oileáin ar a raibh bolcáin go flúirseach, rinne sé cur síos ar stoirmeacha ‘ s gaotha; Thug sé tuairisc ar phoirt, is ar bhádaí móra seoil, ach go háirithe labhair sé fá dhaoine. **** Bhí draíocht sna focail a sheol óna chroí, ach mhothaigh muid an phian ina anam, Le brón ina ghuth is deoir ina shúil, D ’ inis sé fá na seoltóirí a cailleadh. “ Níl lá nach dtéann thart nach bhfeicim a n - aghaidheanna tá siad greanta i mo mheabhair don tsíoraíocht. Sin mar atá níl aon leigheas ar sin mar chuaigh píosa domh féin leo go grinneall ” **** Sheas sé ansin d ’ amharc sé thart orainn uilig, chuir sé a phíopa ar ais ina phóca. “ Ná bíodh trua agaibh domhsa ” is d ’ amharc sé amach ar an fharraige a bhí mar pháirt dena anam. “ Ná cailligí uchtach ó bheith ag éisteacht li- omsa agus glacaigí an chomhairle seo uaimse Meánn an suairceas an duairceas sa domhan is cha n - athraíonn a dhath de mo shaolsa. ” **** Proinsias Ó Cuilinn An Sean - Iascaire Chonaic mé é ar an ché lá amháin ina shuí ar mhullard ag smaoineamh. Shiúl muid thairis, mé fhéin is mo chairde chan fhaca siadsan ach seanfhear gan fiúntas. Shuigh sé go socair, é ag caitheadh a phíopa bhí rud éigin suaimhneach fá dtaobh dó; D ’ amharc sé orm lena shúile liathghorm is eolas an domhain ina ndoimhneacht. **** Níl a fhios agam cad chuige, ach shiúl mé anonn; stad mo chairde nuair a thug siad faoi deara. shuigh mé ar bhosca ansin ag a thaobh is thosaigh an bheirt againn ag comhrá. “ Tabhair Jack orm, ” a dúirt sé, “ dhéanfaidh sin cúis; ” tugadh níos measa corr uair orm gan amhras. D ’ inis mé dó m ’ ainm is mo shloinne, gur duine mé de bhunadh na háite. **** Chuir sin aoibh ar a aghaidh is shéid sé toit suas san aer, nach casta an saol é, ar seisean “ Is comharsa béal dorais mé duitse a ghasúir, is d ’ aithin mé thú ar do mhuintir. Tá iontas go bráth ort ach rugadh mise anseo, beidh me le feiceáil fán áit seo feasta. Ó, is mé atá sásta ar ais i bhur measc, i ndiaidh blianta thar lear agam caite. **** Mhínigh sé domh go raibh se i ndiaidh pilleadh, gur ar muir a chaith sé na blianta; nach raibh aigéan sa domhan nár threabh sé na tonnta
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3