Guth Ghoill, Eagrán 33
Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 13 Feadaímó Bhí Feadaímó i ndiaidh éalaithe ó luíochán na saighdiúirí agus bhí Condaí Rua leis mar phríosúnach. D ’ fhág sé Condaí ina luí ceangailte i ndíog, in aice le tor aitinne, agus tostóir ina bhéal agus d ’ imigh sé ina rith le rabhadh a thabhairt do na fir a bhí fágtha leis an táin. Bhí an oíche domhain ann faoin am seo ach bhí leath - ghealach sa spéir agus chuidigh sin leis fanacht ar an chosán a bhí ag reáchtáil le taobh na habhann. Chuala sé géimneach na mbó ag teacht chuige amach as an dorchadas agus roimh i bhfad tháinig sé ar an chuibhreann ina raibh siad. Sheas sé ag an gheafta ach cha raibh duine ar bith le feiceáil. “ Hoi, a fheara, ” a scairt sé amach, “ cá bhfuil sibh? ” “ Coinnigh socair, ” arsa Seán, a bhí ina shuí ar an chlaí. “ Cad chuige an bhfuil tú ag scairteadh mar sin? ” “ Á, a Sheáin, buíochas do Dhia, ” arsa Feadaímó, chan fhaca mé tú ansin. Cá bhfuil na boic eile uilig? ” “ Tá an chuid is mó acu ina gcodladh sa chairt, ” arsa Seán. “ Tá mé fhéin is Tuathal ag déanamh ár seal buachailleachta ag an bhomaite. Tá Tuathal ar a chapall ag dul thart ar an chuibhreann. Níl a dhath …..” Bhris Feadaímó isteach le scread. “ Hoí, a Thuathail, cá bhfuil tú? ” Sheas Seán. “ Faoi Dhia, a Fheadaímó, ” a dúirt sé, agus fearg ina ghlór, “ an bhfuil tú ag iarraidh achan duine a mhúscailt? ” “ Sin go díreach an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh, ” arsa Feadaímó, agus lig sé scread eile amach as. “ A fheara, éirígí go tapaigh. Hoí!, hoí. ” Sheas cuid de na ba agus thosaigh siad ag géimneach. Tháinig Tu- athal le rása ar a chapall. “ Cad é atá tú ag déanamh, a Fheadaímó, ” a dúirt sé. “ An bhfuil tú ag iarraidh na ba a chur ag rith? ” Chuala Feadaímó scairt ar a chúl agus thiontaigh sé. Páidí agus Séamaí a bhí ann. “ Cá bhfuil an bheirt eile? ” dúirt sé. “ Tá Séamaí ag fanacht le Colm, ” arsa Paidí. “ Tá a fhios agat nach bhfuil Colm ábalta cos a chur faoi go fóill. ” “ Goitsígí uilig a fhad leis an chairt go gasta, ” arsa Feadaímó, agus d ’ imigh sé. Lean na boic eile é agus iontas orthu uilig. Bhí Séamaí ina sheasamh le taobh na cairte agus Colm ina shuí ar an suíochán. “ Éistigí liom, ” arsa Feadaímó, “ agus déanaigí an rud a iarraimse oraibh gan cheist nó beidh muid uilig sa phríosún nó ar bhád de chuid an rí roimh an mhaidin. Tá Domhnall i lámha na saighdiúirí agus tá an t - adh ormsa go raibh mé ábalta briseadh ar shiúl uatha. Anois, tá a fhios acu fán táin agus níl a dhath níos cinnte ná go mbeidh na saighdiúirí céanna anseo am ar bith agus caithfimid dul i bhfolach áit inteacht? ” Thosaigh Seán ag labhairt, “ cad chuige a mbeadh na saighdiúirí sa tóir orainne? ” a dúirt sé, “ agus cén dóigh ….” Chuir Feadaímó suas a lámh. “ In ainm Dé, ” a dúirt sé. “ Níl faill againn do na ceisteanna seo. A Thuathail, tabhair thusa Colm leat ar do chapall. A Sheáin, tabhair thusa Séamaí leat ar do cheannsa. A Phaidí, tusa agus Éamonn ar an dá chapall cairte agus leanaigí mise. ” “ Caidé, fá na ba, ” arsa Colm. “ Caithfimid dearmad a dhéanamh de na ba ag an am seo, ” arsa Feadaímó, go mífhoighdeach. Chuir Seán a dhiallait ar a chapall agus thosaigh Feadaímó ina rith ar ais i dtreo na cathrach. “ A Fheadaímó, ” a scairt Tuathal, cén bealach a bhfuil tú ag dul. Tá coill mhór ar an mhullach sin thall is thiocfadh linn dul i bhfolach ann. ” “ Sin an chéad áit a rachaidh na saighdiúirí ár gcuardach, ” arsa Feadaímó agus d ’ imigh sé leis. Lean na boic eile é gan focal mar d ’ aithin siad nach mbeadh freagraí ar bith ag teacht ó bhéal Fheadaímó go dtí go raibh siad i bhfolach ó na saighdiúirí. Chan rófhada uilig a bhí siad ón táin nuair a chuala siad na saighdiúirí ag tarraingt ar an chuibhreann. Bhí trup na gcapall agus glórtha na n - oifigeach le cluinstin agus iad ag cuardach na dtiománaithe. Char amharc Feadaímó thart ar chor ar bith ach choinnigh sé ag dul chomh tiubh géar is a thi- ocfadh leis. Bhí Seán go díreach ar chúl Fheadaímó agus anois is arís chaith sé fhéin is na fir eile corr shúilfhéachaint eaglach i dtreo an champa. Mhothaigh Feadaímó go raibh sé ag éirigh tuirse i ndiaidh na hoíche a bhí caite aige, idir shnámh agus rith, ach char lig sé do sin cur isteach air. Chuaigh an ghealach isteach ar chúl scamaill mhóir agus bhí sé deacair an cosán a dhéanamh amach; ach bhí súile Fheadaímó cleachtaithe anois leis an dorchadas agus roimh i bhfad tháinig siad a fhad leis an díog ina raibh Condaí. Thóg Feadaímó é amach as an díog agus chaith sé é suas ar mhuineál chapall Phaidí. “ Má thugann sé buaireamh ar bith duit, a Phaidí, caith é ar an talamh ar mhullach a chloiginn go díreach. Cuirfidh sin múineadh air, ” arsa Feadaímó agus lean sé ar aghaidh ag rith i dtreo na cathrach sula bhfuair duine ar bith deis ceist a chur fá Chondaí. Nuair a bhí sé cóngarach don droichead stad sé. “ Tá sé dul a bheith contúirteach ó seo amach, a fheara, ” a dúirt sé. “ Beidh patróil saighdiúirí ag coinneáil súile ar achan bhealach agus go háirithe ar na droichid. Anois, tá a fhios agam nach bhfuil sibh ag iarraidh na capaill a chailleadh, go háirithe tusa agus Tu- athal, a Sheáin, ach beidh sé fíor - dheacair ár mbealach a dhéanamh isteach agus iad linn? ” “ Cha dtig liomsa mo chapall a chailleadh, ” arsa Seán, “ sin an t - aon dóigh atá agam le pingin a shaothrú. ” “ Tá mise sa bhád chéanna, ” arsa Tuathal. “ Tuigim sin, ach má fhanann muid amuigh faoin tuath béarfar orainn, ” arsa Feadaímó, agus é ag am- harc isteach sna cuibhrinn. Sa deireadh chuir sé scairt orthu. “ Sílim go bhfuil dóigh amach as an deacracht seo. Coinníonn na saighdiúirí a gcuid capall sna cuibhrinn seo. Chonaic mise iad tráthnóna inniu ag teacht isteach domh. Tá siad thall ansin go díreach. Amharc, thig leat iad a dhéanamh amach faoi na crainn sin thall. An bhfei- ceann sibh? “ Chan fheicimse rud ar bith ” arsa Tuathal, “ ach cha bheadh mo chuid súl rómhaith sa dorchadas. ” Ó, tchím anois iad, ” arsa Seán. “ Lorda, tá na céadta acu ann. ” “ Go díreach, ” arsa Feadaímó, “ anois, thig linn na diallaití a chur i bhfolach agus na capaill a chur isteach i measc na gcapall eile. Nuair atá ár ngnó déanta tiocfaidh muid ar ais agus gheobhaidh muid iad. ” “ Tá cloigeann ar na guaillí óga sin, a Fheadaímó, ” arsa Seán. “ Bheadh an mí - ádh ar fad orainn dá dtabharfadh siad faoi deara ceithre chapall sa bhreis i measc na tréada sin. ” D ’ fhág siad na capaill agus chuaigh siad ar ais i dtreo an droichid. Cha raibh saighdiúirí ar bith le feiceáil ach bhí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3