Guth Ghoill, Eagrán 33
Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 14 Feadaímó amhrasach faoi sin. “ Cha bheinnse sásta úsáid a bhaint as an droichead, a fheara, ” a dúirt sé. “ Sílimse go mbeadh sé níos sábháilte dúinn dhul trasna ar bhád bheag. ” “ Dá mbeadh bád beag againn, ” arsa Tuathal. “ Fanaigí anseo, cha bhím i bhfad, ” arsa Feadaímó, agus d ’ imigh sé siar ar an bhruach. Cúpla céad slat ón droi- chead chonaic sé bothán beag in aice an uisce ach bhí an doras glasta. Shíl Feadaímó gur comhartha maith a bhí ann agus sheas sé ar cúl píosa. Rinne sé rása beag ansin agus bhuail sé cic lena shál i lár an dorais. Bhris an do- ras ina dhá leath agus shiúil sé isteach. Bhí bád beag ceithre rámha istigh ann agus tharraing sé é amach agus chuir sé é san abhainn. D ’ iomair sé soir in éadan an tsrutha agus tharraing sé an bád isteach cóngarach don droichead ach fada go leor ar shiúl sa dóigh is nach mbeadh na soilse mar dheacracht acu. Shuigh siad uilig isteach ar an bhád agus d ’ iarr Feadaímó ar Phaidí iomramh a dhéanamh leis na rámha eile agus chuaigh siad trasna na habhann. “ Thig linn sci- oból a fháil agus fanfaidh muid ann go dtí ’ n mhaidin, ” arsa Feadaímó. Meascfaidh muid leis na sluaite amárach is cha dtabharfar fá deara muid. ” “ Caidé fá Chondaí Rua, ” a Fheadaímó, arsa Colm. “ Fágaigí Condaí Rua agamsa, ” arsa Feadaímó, agus an fhearg teann ina scead- amán. Mhothaigh Colm an bhagairt i nguth Fheadaímó agus d ’ amharc sé ar Chondaí agus é ina luí mar a bheadh amparán ann. Bhí cineál de thrua aige dó ar feadh bo- maite ach char mhair an mothúchán sin leis rófhada.. Choinnigh Feadaímó an bád ag dul soir agus é teann leis an bhruach go dtí go bhfaca sé an bád mór cogaidh os a chomhair. Bhí soilse ola lasta ar an chéidh os comhair an bháid agus chonaic Feadaímó mairnéalach ina sheas- amh ar an chéidh agus gunna ina lámh. “ Tarraing is- teach anseo, a Phaidí, ” a dúirt sé. Chuir Feadaímó iad uilig ar an bhruach ach amháin Paidí, Condaí Rua agus é féin. “ Fanaigí anseo faoin chrann darach sin, cha bhím i bhfad, ” arsa Feadaímó, agus tharraing sé ar na rámhaí. Nuair a bhí siad níos cóngaraí don long bhí sé ábalta an t - ainm a dhéanamh amach. Bhí “ HMS Agincourt ” le feiceáil go soiléir. Fuair Feadaímó greim ar rópa an ancaire agus lig sé scairt as. “ Hoí, the boat. ” Chonaic an mairnéalach iad ansin agus dhírigh se a ghunna orthu. “ Stay just where you are, ” arsa an mairnéalach agus thiontaigh sé chuig an bhád. “ Officer of the Watch, ” a scairt sé. Tháinig oifigeach agus beirt shaighdiúir ón bhád go dtí ’ n chéidh agus dhírigh na saighdiúirí sin a ngunnaí ar Fheadaímó fosta. Sáirsint a bhí i nduine acu agus labhair sé le Feadaímó. “ State your business mate, ” a dúirt sé. Cha raibh Béarla rómhaith ag Feadaímó agus lig sé do Phaidí an chaint a dhéanamh. I ndeireadh thiar thall fuair siad cúig ghine ar Chondaí Rua gan cheist ar bith. Labhair Feadaímó le Condaí sular thóg na saighdiúirí é amach as an bhád bheag. “ B ’ fhéidir nach bhfuil mórán idir na cluasa agam, a dhiúlaigh, ach cha ndéanann tú dearmad domhsa a choíche is tú amuigh ar an fharraige mhór. Bhain Feadaímó an tostóir de agus thosaigh sé ag gáire is é ag éisteacht leis an racht mionn mór a bhí ag pléascadh ó bhéal Chondaí Rua. Tháinig siad a fhad leis an chrann darach agus tharraing siad an bád isteach ar an bhruach. Chonaic na boic eile nach raibh Condaí leo ach mar a tharla i rith na hoíche, char cuireadh ceist. Shuigh siad ansin ar an bhruach agus mhínigh Feadaímó dóibh fán dóigh ar thit rudaí amach agus fán pháirt a bhí aige fhéin ann. Bhí sé náirithe agus é ag insint an scéil fá Shíle agus faoin dóigh a raibh sí ina seasamh leis an Cholonel agus a méar dírithe airsean. Sheas sé sa deireadh agus labhair sé leo. “ Más é an rud deireanach a dhéanaimse i mo shaol, ” a dúirt sé, “ scaoilfidh mé Domhnall saor agus cuirfidh mé luach na tána isteach ina lámh. ” “ Tá sé furasta go leor a leithéid sin a rá, ” arsa Seán, “ ach rud eile ar fad é gníomh mar sin a chur i gcríoch. Níl a fhios agat cá háit a bhfuil Domhnall agus má tá an táin díolta, níl a fhios agat cé aige a bhfuil luath na tána. ” “ Tá deacracht eile ann fosta, ” arsa Tuathal. “ Más rud é go mbeifeá ábalta Domhnall a scaoileadh saor ó na húda- ráis, bheadh sé ar a theitheadh as sin amach. ” “ Char dúirt mé go mbeadh sé furasta, ” arsa Feadaímó, agus glacaim leis go bhfuil go leor deacrachtaí i gceist, ach i dtaca le Domhnall a bheith mar thóraí, nárbh fhearr sin dó ná a bheith ar bord An Agincourt. Anois, glacaim leis go bhfuil neart contúirtí ag baint leis an phlean seo agus níl me ag iarraidh oraibhse cuidiú ar bith a thabhairt domh. Orm fhéin atá an locht go ndeachaigh seo uilig bealach an gharraí agus cha bheadh lá suaimhnis i mo shaol arís agam muna ndéanfainn rudaí a chur i gceart. ” Bhí an lá ag bánú amach soir agus bhí sé in am dóibh foscadh a fháil. “ Goitsígí anois, ” arsa Feadaímó. “ Cha dtig linn a bheith inár suí anseo nuair a thiocas an mhai- din. ” Choinnigh siad isteach teann leis na foirgnimh agus iad ag déanamh a mbealach ar shiúl ón abhainn. Bhí sé doiligh dul chun cinn a dhéanamh siocair Colm a bheith gortaithe ach tháinig siad ar sheanbhallóg de theach agus chuaigh siad isteach ann. Cha raibh díon ar bith air ach rinne siad foscadh dóibh fhéin le píosaí adhmaid agus sean - doirse. “ Nach aisteach an rud an saol, ” arsa Colm. “ Nuair a d ’ éirigh muid maidin inné bhí cairt lán príosúnach againn agus bhí táin againn fos- ta. Ag dul a luí anocht dúinn níl príosúnach nó bó againn. ” “ Dá mbeadh ábhar suipéir againn fhéin, arsa Séamaí, cha bheadh se chomh holc. ” Cha raibh rud ar bith le rá ag an chuid eile acu. Bhí an fhírinne lom. Rinne siad iad fhéin a shocrú ag fanacht ar an mhaidin. Bhí go leor ar a intinn ag Feadaímó ach char ghlac sé i bhfad do titim ina chodladh. Leoga, roimh i bhfad bhí siad uilig mar an gcéanna. Beidh an chuid eile san chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3