Guth Ghoill, Eagrán 33

Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 16 Rinne Coiste Forbartha Charraig Airt an Dochtúir Leaslaoi Lúcás a onórú ag ócáid phoiblí in Óstán Charraig Airt, Dé Satharn, 31ú Iúil. Scoláire Gaeilge ón cheantar, a rinne staidé- ar ar Ghaeilge agus ar cha- núint Ros Goill a bhí in Leaslaoi agus chomh maith l ei s an dá l eabhar “Grammar of Ros Goill Irish” agus an foclóir “Cnuasach Focal as Ros Goill” a chur sé le chéile, d’fhoilsigh sé dhá leabhar ar stair an cheantair, “Mevagh Down the Years” agus “More about Mevagh”. Rinneadh cur síos ar shaol agus ar shaothar Leaslaoi, sa chúigiú eagrán is fiche den iris seo. Ag an ócáid i gCarraig Airt thug Seán Mac Giolla Chearra, iar-Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, léacht faoi shaol Leaslaoi. Ina dhiaidh sin bhí ceol ón ghrúpa “Ceoltóirí Cladach” agus ó na deirfiúracha Deirdre agus Sorcha Ní Chuilinn. I ndiaidh na sólaistí nochtadh plaic in ómós do Leaslaoi ar bhinse cuimhneacháin ar Bhóthar an Chladaigh, in aice le Páirc na Trá. Sa ghrianghraf thuas tá, ó chlé, John McCreadie (Cumann Staire Dhún na nGall), Seán Mac Giolla Chearra, Hilary Mhic Nuadht agus Déaglán Ó Cearúill (Cumann Staire Dhún na nGall). Naíonra Dhiarmada agus Ghráinna 2010/2011 Coiste Forbartha Charraig Airt

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3