Guth Ghoill, Eagrán 33

Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 3 Léargas ar Mhuintir Ros Goill sna 1940í ó dhialanna na mbailitheoirí béaloidis Le linn do Sheán Ó hEochaidh agus do Liam Mac Meanman, bailitheoirí de Roinn Bhéaloidis Éireann, bheith i Ros Goill, bhí sé de dhualgas orthu tuarascáil laethúil a choinneáil i bhfoirm dialainne. B ’ fhéidir nár tuigeadh, ag an am, an tábhacht a bhainfeadh leis na dialanna úd sa todhchaí ach is cuntas agus oireas tábhachtach sóisialta iad de bhunadh leithinis Ros Goill, rud nach ndearnadh ar feadh tríocha bliain, ó tháinig an tuairisc dheireanach ó Bhord na gCeantar Cúng. Seo thíos mo chuid smaointí féin fá shaol na nda- oine agus mhuintir Ros Goill i ndiaidh domh staidéar a dhéanamh ar na dialanna: Slí Beatha Cuirtear dream daoine, arbh é a slite beatha a gcéad cúram, in iúl do léitheoirí na ndialann. Deir Liam Mac Meanman, nuair a bhí sé ag bailiú sa taobh thoir, go gcaithfeadh duine a bheith i gcónaí leis na ba nuair a bheadh siad ag innilt ar na dumhcha nó thitfeadh siad leis na beanna. Tá tagairtí déanta aige go raibh fir ag baint phrátaí i rith an lae nuair a bhí sé dá gcuardach. Dúirt Seán Ó hEochaidh nach raibh maith ar bith dó bheith ag dul amach fríd na tithe ag bailiú béaloidis ró - luath mar go raibh acahan duine ró - ghnóitheach, taobh amuigh de dhuine inteacht nach mbeadh ar intinn aige obair a dhéanamh, ach mar a dúirt sé féin, ‘ ba doiligh sin a fháil i Ros Goill ’. Bhí sé ag cuartaíocht i dtigh Mháire Uí Fhrighil lá amháin ach de réir cosulachta ní raibh an t - am le spáráíl aici. Seo an méid a scríobh sé: ‘ Bean í a bhí i gcónaí gnóthach agus mar sin de ní raibh sí i bhfách le suí agus airneáin a dhéanamh: ‘ ach mar dúirt mé i roimhe má bhí sí ina suí féin ní raibh sí ‘ na cónaí, de bhrí go bhfuil mé ag déanamh dá suífeadh sí leathuair amháin shílfeadh sí go mbeadh achan sórt ag dhul le fanadh .’ Piseoga Is léir ó na dialanna gur dream pisreogach a bhí in muintir Ros Goill. B ’ iomaí cúis a bhí taobh thiar de seo, mar shampla: iargúltacht an cheantair; creideamh láidir traidisiúnta Caitliceach na ndaoine, chomh meabhrach agus a bhí na daoine ar a dtimpeallacht fisiceach, nádúrtha agus osnádúrtha, a d ’ eascair ó spioradáltacht a gcúlra Cheiltigh agus Phágánaigh agus an stóchas agus an géilleadh do thoil Dé a d ’ eascair as meascán de reiligiún coinbhinsiúnach agus de chreideamh ársa. I leith na cúlráideachta de, ba léir chomh hiargúlta agus a bhí muintir na háite, ó thaobh láthair agus meon na ndaoine de. De réir dealraimh, ní raibh mórán cumarsáide acu le strainséirí agus tá sé furasta a thuiscint cad chuige a mbeadh siad amhrasach fá dhaoine coimhthíocha. Mar a dúirt seanfhear amháin le Seán Ó hEochaidh, ‘ caithfidh daoine a bheith faichilleach cé leis a labhairfidh siad ’ agus is sampla thíos ar chomh cúngaigeanta agus bhí cuid de na daoine san am sin. ‘ Deir Peadar (Mac Giolla Chearra) go bhfuil strainséir thuas fá Chluain tSaileach agus léarscáil aige agus nach labhrann sé le duine ar bith. Síleann sé gur Lochlannach atá ann ag cuartú óir nó deir siad gur chuir na Lochlannaigh ór i bhfad i bhfad ó shin i gCluain tSáileach ’ Tá gach seans gur duine é a bhí ag scríobh tuairisce do Bhord na gCeantar Cung nó ag déanamh suirbhé ach tugann sé léargas dúinn fán bheagán cuairteoirí a bhí i Ros Goill sa am sin. Dream iad a bhí faiteach faoi athrú saoil agus faoi rudaí nach raibh siad cleachta leo. Go díreach mar a bhíonn drogall orainn athrú a ghlacadh chugainn féin, ba dhoiligh dóibh ciall a dhéanamh as rud nach raibh siad oilte faoi agus is dea - shampla a fuair Seán Ó hEochaidh ar an chineál sin faitís. Dúradh leis go bhfaca muintir na háite réaltóg in am an Chogaidh Mhóir, thug siad ‘ Réalt an Rubaill ’ uirthi. Mínítear an fáth taobh thiar de sin sna lámhscríbhinní: ‘ Ba léir leofa gur comhartha de chuid dheireadh an tsaoil a bhí anseo, agus tuilleadh a bhí ag déanamh gur athrú inteacht a bhí ag dul a theacht le linn an chogaidh. Bhí ruball mór Gáinne ó Chluain tSaileach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3