Guth Ghoill, Eagrán 33

Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 4 solais siar i ndiaidh na réaltóige seo, agus sin an fáth a dtug na daoine réalt an rúbaill uirthi ’ Sampla eile dena gcuid faitís ná an meaisín taifeadta a bhí ag na bailitheoirí. Éideafón a tugadh air, gléas mór le hadharc fhada cham air. Ní mór a rá go raibh lucht leanúna an - mhór ag an éideafón agus chuir seo le líon lucht an airneáil sna tithe. Déanann Ó hEochaidh cur síos ar fhear amháin a raibh an t - uafás eagla air roimh an ghléas seo: ‘ Bhí sé iontach critheaglach agus i ndiaidh é tosú ar scéal bhí crith ar a ghlór agus a lámh ag dul sa chruth agus go raibh an adharc ag boc léimnigh agus b ’ éigean domh féin breith uirthi go bhfuair sé téite suas i gcionn na hoibre ’ Sláinte na nDaoine Bhí saol folláin ag daoine. Chuir siad a muinín i leigheasanna nádúrtha mar ba ghnách san am. Théadh muintir na háite fhad le Loch an Chnoic Mhóir achan Mhárta le báchrán a bhaint. Ba chineál luibhe é. Dhéantaí anraith de agus d ’ óladh siad braon de achan lá i rith na míosa. Chreid siad go gcoinneodh sé an corp slán ó achan ghalar dá thairbhe. D ’ ith siad duileasc ó na carraigeacha agus na tránna chun a gcoirp a choinneáil slán agus shaothraigh siad airgead uaidh fosta i ndiaidh dóibh é a thriomú agus a dhíol. Chomh maith leis sin baineadh sleabhac ón Charraig Liath, bruit- headh agus óladh an deoch fuinneamhach seo. D ’ ith siad faochóga a fuair siad ar na carraigeacha chomh maith agus an iliomad saghas rudaí eile a dhéanfadh maith dóibh. Tá tagairtí do na leigheasanna úd le fáil i gcnuasach Ros Goill i Roinn Bhéaloideas Éireann, Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Beidh tuilleadh le fáil ó Bhéaloideas Ros Goill agus fá shaol na ndaoine sa tseanam sa chéad eagrán eile. Aingeal Nic a’ Bháird

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3