Guth Ghoill, Eagrán 33

Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 5 Pisreogaí fán bhás agus breith daoine (Tá an t-alt seo go díreach mar scríobh Seán ó hEochaidh é ó chaint na ndaoine) Bhí gnás acu anseo nuair a bheirtí duine a bháití chun an baile. Nuair a bheirtí an corp [a] fhad leis an tigh chaithfeadh iomlán a mbeadh dá mhuintir istigh sa tigh a theacht amach sula dtugtaí isteach an corp. Nuair a bheadh duine ag fáil bháis anseo fad ó shin chuirtí amach an cat. Ní raibh feidhm a chur amach go mbeadh an t-anam réidh leis an cholainn a fhágáil. Bhíodh si- ad an-fhaichilleach fá seo agus mura smaoitíodh muintir an tí air nuair a bheadh an duine ag fáil bháis, nó sna smeachannaí deirneacha, chuirfeadh duine inteacht de na comharsanaigh a bheadh istigh amach é. Chuireadh siad faoi chliabh é amuigh i mbóitheach nó ina sciobóil agus ní chorrófaí as sin é go lá an tórraimh. Ba léir leofa sa tseanam anseo go raibh an diabhail sa chat agus go mbíodh sé ag feitheamh leis an anam a bhí ar tí an cholainn a fhágáil. Mar sin de, chaithfí é a chur amach as a chasán. Tá daoine sa cheantar seo go fóill a chreideas go bhfuil seo amhlaidh agus cuir- tear amach an cat as cuid de na tithe. Ba léir leofa sa cheantar seo fad ó shin go raibh baint mhór ag tiontú an taoile le bás duine. Nuair a bheadh duine lag nó cloíte agus iad ag feitheamh lena bhás ba ghnáth leofa an lán mara a choimhéad, nó ba léir leofa dá mbeadh duine beo i ndiaidh tús tráite go mbeadh sé beo go tús líonta nó lag srutha. Bá léir leofa fosta go raibh baint mhór ag an taoile le teacht duine ar an tsaol agus mar an gcéanna le teacht na gealaí agus lán gealaí. Fad ó shin sa cheantar seo nuair a gheofaí duine marbh amuigh i gcuibhreann nó ar thaobh an bhealaigh mhóir, ba ghnáth leis na daoine a bheadh ag dul thart san áit sin cloch bheag nó méaróg a chaitheamh san áit a bhfaighfí an duine sin bás. Dá mbeadh duine ag dul thart níos mó ná uair amháin sa lá ina leithéid seo a dh’áit dhéanfadh sé gnoithe an chloch a chaitheamh uair amháin san áit seo, ach bhí cuid de na seandaoine ar ghnáth leofa an chloch a chuir ar an charnán achan uair a rachadh siad an bealach. Chuala mé ag an tseanmhuintir anseo, nuair a chuirfí duine sa reilig anseo fad ó shin, chomh luath géar agus a d’éireodh an uaigh glas agus a d’fhásadh an féar uirthi, chuala mé iad a rá gur ghnáth leofa preab spáide den uaighe a thabhairt leofa ‘na bhaile agus a chur amuigh sa gharraí nó mura mbeadh garraí acu a chur in áit inteacht nach dtiocfadh duine nó beithíoch a chomhar. In amannaí chuirtí blátha thart ar an phreab seo deirtear agus ní ligfí rud ar bith a comhar. Sa tsean-am anseo in íochtar Ros Goill, nuair a thigeadh daoine isteach fá thír, báite, ba ghnáth a gcur sna cladaigh mura mbeadh comhartha ar bith orthu le taispeáint gur Chaitlicigh iad. Dá mbeadh, chuirfí sa talamh iad ar bhruach, agus bheirtí cuid acu ‘na reilige agus chuirfí iad i gcuideachta na bpáistí gan bháistiú. Is gnáth na héadaí a bheas ag duine a gheibh bás sa cheantar seo a thabhairt don té is gaolmhaire don chorp. An corp a gheofaí marbh amuigh sa chuibhreann nó de chois an bhealaigh mhóir, ní thabhairfí isteach chun tí é go dtigeadh an méid dá bhunadh a bheadh is- tigh amach an chéad uair. Sa tseanam anseo agus i gcorr áit in íoch- tar Ros Goill ba ghnáth cultacha báinín a

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3