Guth Ghoill, Eagrán 33

Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 6 chuir ar na coirp uilig faoin tais-éadach. Ba ghnáth an báinín a chur ar fhir agus ar mhná ach corr uair go n-ordódh na mná báinín dearg a chur orthu féin sula bhfáigheadh siad bás. Na seandaoine a gheibh bás san íochtar is gnáth an báinín a chur orthu go fóill, agus nítear na cultacha go díreach mar bheadh léine mhór. Comhartha báis duine an coileach a dhul a scairtí i lár na hoíche in am ar bith fríd an bhliain ach amháin fán Nollaig. San am seo den bhliain ní chuireann na daoine suim ar bith sna coiligh de bhrí cé bith a dhéanfas siad fan Nollaig ní chuireann siad suim ar bith ann. Rámhailligh na Nollag a bhíos orthu san am seo. Is gnáth páistí gan bháistiú a chur in áiteachaí suaimhneacha ar thalta na nda- oine féin sa cheantar seo. Cuirtear iad in am mharbh den oíche san am nach bhfeice- ann duine ar bith iad. Deirtear an té a shiúlfas i mullaigh uaigh páiste acu seo go dtiocfaidh scruth mar bheadh bruitíneach amach ar a gcraiceann. Tá intinn ag a daoine sa cheantar seo go mbíonn anama- cha na bpáistí seo in áit shuaimhneach in- teacht ar an tsaol seo. Pisreogaí fá fhairí agus tórraimh Bhí gnás eile acu anseo fad ó shin nuair a d’fhágfadh an tórramh an teach dá mbeadh duine ar bith thart a mbeadh faith- ne orthu, ba ghnáth leofa lán a ndoirn cré- afóige a thógáil agus a chaitheamh i ndiaidh an choirp agus iarraidh ar an chorp na faithní a thabhairt leis. Ba léir leofa go leigheasfadh seo na faithní. Deirtear anseo nach bhfuil sé ceart coinneal a lasadh ar choinneal eile i dtigh faire. Agus rud eile, nach bhfuil sé ceart na coinnle a lasadh le cipín solais. Is gnáth i gcónaí sa cheantar seo na coinnle a lasadh le haibhleog nó le páipéar a lasfaí sa tine. Fad ó shin sa cheantar seo nuair a gheibheadh duine bás ba ghnáth i gcónaí go gcuirtí faoi chlár sa chisteanaigh iad – i leabaidh na cisteanadh. Nuair a thiocfadh lá an tórraimh ansin, dá mbeadh dhá dhoras ar an tigh chaithfí an chónar a thabhairt amach an doras a ba deise don chorp. Is é sin, dá mbeadh leabaidh na clúide ar an taobh cúil den teach, caithfí an chónar a thabhairt amach ar an doras cúil agus dá mbeadh an leabaidh ar aghaidh an tí caithfí an chónar a thabhairt amach ar an doras aghaidh. I ndiaidh an chónar a thabhairt amach as an tigh ní thabhairfí achoíche an aicearra ‘na reilige í. Chaithfí i gcónaí a tabhairt an bealach ab fhaide ón tigh. Fad ó shin anseo in íochtar Ros Goill bhí an reilig ar an taobh thoir, ag áit a dtugann siad Míobhuí air. Bhail, na coirp a bhíodh le tabhairt ón Mheall Mhór aníos go Míobhuí, in áit a theacht aníos díreach leofa ‘na reilige bá ghnáth leofa a dtabhairt thart ar an cheann go huile agus síos an taobh eile. Ar an dóigh seo chuireadh siad tuairim ar ocht míle de chor bealaigh orthu féin. Lean an gnás seo sa cheantar go dtí le beagán blianta. Níl daoine ar bith á gcur sa reilig seo anois. Sa tigh a mbíodh duine a fháil bháis ann fad ó shin ba ghnáth le seanduine a bheith istigh nach mbeadh a dhéanamh rud ar bith ach a fhadú agus a leagan na tine dó réir agus mar bheadh an té a bheadh a fáil bháis ag dul in athrú agus ag teacht as. Sa cheantar seo anois is gnáth i gcónaí go gcuirtear faoi chlár daoine uilig sna seomraí, agus fágtar an tobaca agus an snaoisín sa chisteanaigh ar an tábla. Bíonn coinnle lasta ag taobh na leapa san áit a mbíonn an corp faoi chlár, ach ina chuideachta sin bíonn tábla beag eile sa chisteanaigh a mbíonn coinnle lasta air fos- ta. (Níor tháinig mé trasna ar seo in áit ar bith eile go fóill ach i Ros Goill féin). Ba ghnáth fuil a tharraingt ag na fairí uilig anseo fad ó shin. Mura mbeadh dóigh ar bith eile acu leis an fhuil a tharraingt ba ghnáth le cúpla duine acu a dhul agus a

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3