Guth Ghoill, Eagrán 33
Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 7 sáith a ól, dá mbeadh sé le fáil cóngarach. Thiocfadh siad ar ais na faire ansin agus b’fhéidir go rachadh beirt acu a throid go bhfágadh siad an fhuil lena chéile. Ní bhacadh duine ar bith leofa agus in áit a scaradh is é an rud a bhíodh lúcháir ar mhuintir an tí an fhuil a fheiceáil. (Níl duine ar bith ábalta inse domh cad é an chi- all a bhí le seo, ach tá [a] fhios ag na daoine go raibh seo amhlaidh sa tseanam). Ba ghnáth leofa fosta ceol a bheith acu ag na fairí anseo fad ó shin. Fear ar bith a raibh amhrán aige ní raibh dochar ar bith dó a cheol. In amannaí fosta bhíodh fidléir ag faire, agus d’imreodh siad cártaí fosta. An duine as an áit seo a gheibh bás thall i Sasain nó in Alban ní gnáth an mhórchuid acu a thabhairt ‘na bhaile. Ach dhéanfadh a bhfaire go díreach comh maith agus dá mbeadh an corp i láthair. Cóireochtar suas leaba agus chruinneodh na comharsain is- teach agus shuífeadh siad go maidin. Gheofar tobaca, píopa agus snaoisín agus dhéanfar tae cúpla uair nó thrí ar feadh na hoíche. Is gnáth an paidrín a rá fosta i dtrátha an mheán oíche agus bíonn cleas- annaí acu go díreach mar bheadh ag faire ar bith. I sean-reilig Mhíobhuí ba ghnáth leis an tsagart buidéal uisce coisricthe a bheith leis agus nuair a bheadh a ghnoithe déanta leis an uisce coisricthe, bhriseadh sé an buidéal ar an chónar san uaigh. Nuair a bhíothas uaigh tochailte sa cheantar seo is gnáth an spád agus an tsluasiad a chur crosach ar an uaigh. Is léir leis na seandaoine nach bhfuil sé ceart uaigh a fhoscal Dé hAoine agus níor ghnáth leofa a bhfoscal sa tseanam dá dtéadh acu air. Ach deir siad nach bhfuil bás ar bith cosúil le bás na hAoine agus adhlacadh an Domhnaigh. In íochtar Ros Goill nuair a bheirtear an chónar amach as an tigh fágtar ar dhá chathaoir í os coinne an dorais. Ansin croitear an t-uisce coiscrithe ar an chónar agus ar na daoine uilig a bheas i láthair. Más teach ceann tuí atá sa teach a bheas an corp a fhágáil, caithfear an t-uisce co- iscrithe a chroitheadh le cochán a bhain- fear as urla an tí. In amannaí eile baintear slámán as an chochán a bheas sa leabaidh faoin chorp. Cé bith cúis de is le cochán a chaithfear an t-uisce coiscrithe a croi- theadh. Tá gnás acu anseo go fóill rud inteacht a chur sa chónar leis an chorp. Cuirtear air- gead go minic leofa, agus chuala mé iomrá ar bhean taobh istigh de chúpla mí a chur nóta punta lena fear sa chónar. Nellie Mar- ley , Doire Chasáin Beag, ainm na mná a rinne seo. Tá sé níos coitianta airgead geal a chur sna cónracha agus sa tsean-am deir- tear gur minic a cuireadh bonnóg aráin mine coirce leofa. Níl seo coitianta sa leath uachtarach den pharóiste, ach bhí sé coitianta go maith ar íochtar de chois na farraige. Bhí sé ina ghnás anseo fosta fad ó shin, agus tá go fóill san íochtar, cearca agus lachain a ghoid agus á mbrúite ag na fairí. Ní chuirfeadh na daoine sa cheantar suim ar bith sa ghadaíocht seo siocair é a bheith ina ghnás san áit, agus ní bheadh [a] fhios ag duine ar bith amach ón té a ghoid iad cé uaidh ar tugadh iad. Chaithfeadh an té a dhéanfadh an ghadaíocht a bheith ábalta rún a dhéanamh ar an méid sin. * * * Focal amhláin, dealg lábáin agus snáithe beag olla a ghearras go cnámh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3