Guth Ghoill, Eagrán 33
Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 8 Killimangaro Ar leanstan D'fhág muid Horombo ar ár mbealach go Ki- bo an mhaidin dar gcionn. Bhí fhios againn go léir go raibh an turas le h-éirí níos dea- cra. Ar an bhealach go Kibo d’fhág muid an áit dheireanach chun uisce úr a fháil inár ndiaidh, i ndiaidh de na póirtéirí gach uile soitheach a bhí acu a líonadh. Bhí an tim- peallacht ag éirí cosúil le fásach agus ní raibh ach gaineamh agus carraigeacha le feiceáil. Leath bealaigh fríd an lá d’éirigh mise iontach lag. Bhí mo chorp iontach te ach bhí mo lámha préachta. Is beag nár thit mé i laige ach shábháil Joseph mé. Thug sé sos beag dom chomh maith le seacláid le hithe agus deoch uisce le hól agus i ndiaidh cúpla bomaite bhí mé réidh le himeacht arís. Ní raibh ar Joseph ná ar na treoraithe eile ‘pole pole’ (go mall) a rá an lá sin. Shroich muid Kibo faoi dheireadh agus is fíor a rá gur áit suarach í. Bhí tinneas sléibhe ag cur isteach ormsa faoin am sin agus bhí mo cheann ag réabadh. Tháinig na leaids chugainn lenár mbéile ach cé go raibh tinneas cinn orm níor chaill mé mo ghoile. Tarlaíonn sin go minic agus bíonn an fuinneamh de dhíth don lá deireanach. Sna campaí eile bhí seomra bia ach i Kibo d’ith muid agus chodail muid sna seomraí céanna. Bhí se chomh fuar sin amuigh nach raibh fonn orainn an teachín a fhágáil. Chuaigh muid díreach a luí i ndiaidh an dinnéir. Dúisíodh muid ar cheathrú go dtí a haon déag. Thosaigh muid ag siúil sa dorchadas agus ag an bpointe sin bhí spionn maith ar achan duine. Níorbh fhada gur tháinig athrú ar an scéal. Chuir an fhuacht isteach ar mo lámha arís agus mhothaigh mé fu- inneamh ag sileadh amach as mo chorp. Ghlac Prosper, duine de na treoraithe, mo mhála agus tháinig me chugam féin arís. Bhí trioblóidí ag Frances thart faoin am sin chomh maith, ní raibh sí ábalta dul ar aghaidh agus sa deireadh shocraigh sí dul ar ais go dtí Kibo. I ndiaidh tamaill chuala mé guth Marcella agus í ag béiceadh agus ag screadach, Bhí sí ag rá go raibh sí ag iarraidh bás a fháil agus go raibh sí ag iarraidh bheith adhlactha ar an sliabh. Shíl mé go raibh sise ar an bhealach anuas ach bhí sí i bhfad romham le Joseph. Ag an bpointe sin, bhí Prosper ar an bhealach ar ais le Frances, bhí Marcella agus Joseph agus Paula agus Alo chun tosaigh agus bhí mise agus Cathy fágtha le Frank. Lean muid ar aghaidh go mall ag glacadh sos i ndiaidh sosa. Shroich muid Gilmans Point in am do bhreacadh an lae. Chuidigh sé sin linn ár gcinneadh a dhéanamh dul ar aghaidh chun an pointe is airde, Uhuru, a bhaint amach. Bhuail muid le Paula agus Marcella agus iad ag teacht anuas. Bheartaigh siadsan gan dul ar aghaidh mar nuair atá Gilmans Point bainte amach agat thig leat a rá gur dhreap tú an sliabh. Dúirt Frank, ár dtreoraithe, go nglacfadh sé uair go leith dul go Uhuru ach thóg muidinne ar a laghad dhá uair a chloig. Bhí Frank bocht céasta againn. Bhí mo lámha chomh fuar am amháin go raibh air mo bhuidéal uisce a chur chuig mo bhéal. Bhí deacrachtaí agamsa análú agus bhí cosa Cathy scriosta. ‘Sé rud a chuidigh leis an bheirt againn na ceol ag bheith linn. Bhí i-pod agamsa agus ag Cathy agus spreag sé muid céim i Sorcha agus Cathy ar Phointe Gilman
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3