Guth Ghoill, Eagrán 33
Eagrán 33 Meán Fómhair, 2010 9 ndiaidh céime. Nuair a shroich muid barr an tsléibhe níor fhan muid ró-fhada ann. Ní bhfuair muid mórán ama grianghraf a ghlacadh mar bhí scuaine daoine ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh. Mhothaigh mé bródúil agus sásta liom féin ach mhothaigh mé tuirseach agus sham- hlaigh mé bheith ar ais i mo leaba. Ní raibh an turas ar ais furasta ach an oi- read agus ‘sé mo bharúil gur ghlac sé níos mó na trí uaire go leith dul ar ais go Kibo. Nuair a tháinig muid ar Kibo bhí mé scriosta agus salach agus bhí mé ag súil le bia, leaba agus sos. Ní mar sin a tharla rudaí. Ní raibh ach Prosper agus Joseph fágtha i Kibo. Bhí na cailíní eile ar ais i Horombo. Ní raibh cead again mórán ama a chaitheamh ann ach oiread. Dúirt na treoraithe go raibh sé contúirteach barraíocht ama a chaitheamh go hard sin agus go raibh orainn dul síos. Bhí leath uair againn ar ár suaimhneas ag ithe seacláid agus ag ól oráiste agus bhog muid ar aghaidh. Sílim go raibh muid ar ais i Horombo thart fá leath i ndiaidh a dó. Bhí muid ag siúl ar feadh ceithre uaire dhéag. Bhí an scaifte eile ag fanacht orainn agus chuir siad fáilte mhór romhainn. Bhí an lón réidh ag na fir ach don chéad uair ar an turas ní raibh goile ar bith agam. Tháinig sé ar ais gan mhoill! Ar a seacht an mhai- din dar gcionn bhí muid réidh le himeacht. Ghlac muid cúpla pictiúr agus ar aghaidh linn. Thig leat dul i bhfad níos gaiste ar an bhealach anuas agus bhí lón réidh dúinn i Mandara. Nuair a shroich mé geata na páirce bhí mé réidh le téacsanna a sheoladh chuig daoine a rá gur éirigh liom. Ní raibh mé ábalta é a dhéanamh go dtí sin. Ar ais ag an óstán bhí seans againn cith a ghlacadh agus éadaí glana a chuir orainn. Dá bhfeicfeá an folcadán ina dhiaidh, bhí sé lofa. Is traidisiún é bualadh leis na treoraithe agus na póirtéirí sa bheár agus deoch a cheannach dóibh. Bhronn Frank teastas orainn agus cheol na fir uilig amhráin fá Killimanjaro dúinn. Cheol muidinne amhrán i nGaeilge arís. Níor fhan siad ró fhada linn mar bhí deifir orthu dul ar ais go dtí a dteaghlaigh. Bhí cúpla deoch again sa bheár an oíche sin ach bhí mé sa leaba roimh a naoi. Chaith muid lá iomlán san óstán agus gan faic a dhéanamh againn agus an lá dar gcionn chuaigh muid ar safari. D’eitil muid ansin go dtí oileán Zanzibar agus chaith muid cúpla lá ar an trá i bparthas sula deachaigh muid abhaile. Is tír álainn í an Tansáin, suimiúil, cairdiúil agus sábháilte. Mholfainn do dhuine ar bith dul agus an turas sin a dhéanamh......ach ní dhéanfainn arís é!!!!! Sorcha Ní Bhrodlaigh Uhuru - Sarah agus Cathy ar an phointe is airde san Aifric. Ar Safari
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3