Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 10 Samhain. Os rud é go bhfuil muid i mí na Samhna, b’fhéidir gur am maith é rud beag eolais a thabhairt faoin fhocal Samhain. Ta argóint ann idir scoláirí cé acu an raibh dia Ceil- teach darbh ainm Samhain ann no nach raibh. Agus dá bhrí sin, tá sé conspóideach. Deir siad sin a chreideann go raibh a leithéid de dhia ann gur Dia na Marbh é, ach tá tromlach na scoláirí den bharúil gur am Bhliain Úr na gCeilteach a bhí ann. Ní raibh ach dhá shéasúr ag na ceiltigh, Geimhreadh agus Samhradh agus ciallaíonn Samhain deireadh an tSamhraidh. Ba am é chun onóir a thabhairt dona sinsir agus ceangal a dhéanamh lena dteaghlaigh. Ní amhlaidh go raibh baint ag na neacha urchóideacha (sinister beings) a bhaineann le hOíche Shamhna an lae inniu ann ar chor ar bith. Bhí féile na Samhna ar siúl i bhfad sula raibh stair scríofa ar bith ann agus féile mhór Cheilteach a bhí ann i ndáiríre. Ba chomhartha é an Samhain go raibh an chuid dhorcha den bhliain (31ú Deireadh Fómhair - 30ú Aibreán) ag tarraingt orthu. Bhí sé in am na ba a thabhairt isteach ó na cuibhrinn ag Samhain mar nach dtiocfadh leo mairstin taobh amuigh i nduibheagán an Gheimhridh gan foscadh. Ba seo an t-am fosta a dtugtaí cé bith a bhí fágtha dá gcuid barraí isteach chomh maith, sula maródh an siocán iad. Thosaigh an fhéile ag luí gréine ar an 31ú Deireadh Fómhair agus mhair sé go luí gréine ar an 1ú Samhain. Ba am é chun ceiliúradh agus féile a bheith acu. Bhí sé tábhachtach onóir a thabhairt do spioraid na marbh agus fágadh áit agus bia dófa ag an tábla an oíche sin. Chreid siad gur rud lag a bhí san fhial (veil) idir an saol domhanda agus an saol spioradálta ag an am seo i gcomparáid le hamanna eile sa bhl- iain agus mar sin go raibh na mairbh ábalta teagmháil a dhéanamh leis na beo, agus iad ag siúl fríd an tír. Ní raibh eagla ar bith ar na Ceiltigh roimh na mairbh mar chreid si- ad gur mhaith leo cuidiú leis na beo. Bhí fhios acu gur rud nádúrtha a bhí sa bhás agus go siúlfadh siad féin fríd an tír ag Sam- hain, am éigin, ag cuidiú lena ngaolta beo fosta. Nuair a thosaigh an Chríostaíocht ag leath- nú amach fríd an tír thart fán bhliain 700 A.D., is dócha gur chuir an eaglais Lá na Naomh Uile ar bun ar an 1ú Samhain, chun féile na Samhna a dhíláithriú (displace). Ach is dócha gur chloígh siad le traidisiún nuair a bhunaigh siad Lá na Marbh ar an lá dar gcionn.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3