Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 11 Feadaímó Tá cúig ghine i bpóca Fheadaímó a fuair sé ó Chaptaen HMS Agincourt mar dhíolaíocht ar Chondaí Rua ach tá sé fhéin is na tiománaithe eile san fhaopach. Tá siad i bhfolach i ngnó beag i gcathair Dhoire agus tá saighdiúirí an rí á gcuardach. Tá Domhnall mar phríosúnach ag na húdaráis agus tá an táin caillte acu. Tá Feadaímó ag cur an luchta uilig air fhéin go bhfuil rudaí mar atá agus tá sé geallta aige Domhnall a scaoileadh saor agus luach na tána a chur ina lámh. Mhúscail Feadaímó agus an fuacht go smior ann. Bhí fearthainn éadrom ag titim agus bhí an ghaoth aniar ag scaobach faoin chró. Bhí an lá geal ann faoin am seo ach bhí sé go fóill luath ar maidin agus cha raibh callán ar bith ar na sráideanna thart fá dtaobh dóibh. Sheas sé agus d ’ amharc sé thart ar an mhuintir eile. Bhí Paidí agus Séamaí ina luí sa choirnéal agus Éamonn ina luí leis fhéin faoin fhuinneog. Cha raibh clúdach de shórt ar bith orthu ach mar sin fhéin bhí foscadh acu ón ghaoth. Bhí Colm bocht ina luí ar an teallach agus cóta trom caite sa mhullach air. Bhí cuma liath mí - shláintiúil ar a leicne agus bhí Feadaímó imníoch fán dóigh nach raibh biseach ag teacht air i ndiaidh an léasta a fu- air sé ó na gadaithe. Bhí Séan agus Tuathal ina luí faoi sheandhoras adhmaid agus callán millteanach ag Tuathal agus é ag srannfach. “ Hoi, a fheara, ” a scairt Feadaímó, “ músclaígí suas sula dtarraingíonn Tuathal na saighdiúirí orainn. ” Shuigh siad uilig de réir a chéile ach amháin Colm. D ’ fhan seisean ina luí gan bogadh. “ Seo, éirígí a fheara, tá an lá ag bánú agus tá obair le déanamh. ” “ Ó, a Dhia ár sábháil, a Fheadaímó, arsa Tu- athal, “ cad é anois? Ní mó ná go bhfuil mé ábalta seasamh leis an ocras. Dá mbeadh deoch uisce fhéin againn. ” D ’ aontaigh an chuid eile acu leis agus ansin thug Seán fá deara nach raibh Colm ina shuí. Shiúil sé anonn chuige agus thóg sé an cóta. “ Hói, a Choilm, múscail suas, a ghasúir, ” a dúirt sé leis go híseal. Char bhog Colm ar chor ar bith. Chuir Seán a lámh ar a mhuineál agus d ’ amharc sé thart ar an chuid eile acu. “ Drochscéal a fheara, tá Colm bocht marbh, go ndéana Dia mhaith air. ” Chruinnigh siad thart ag amharc air. “ Caithfidhse go raibh sé gortaithe i bhfad níos measa ná mar a shíl muid, ” arsa Paidí. “ Cad é atá muid ag dul a dhéanamh anois? ” “ Is cuma cad é a dhéanas muid anois, ní chuideoidh sé le Colm bocht, ” arsa Séamaí, “ bhí muid rómhall ag fáil dochtúir fá na choinne. ” “ Cha raibh deis againn dochtúir a fháil dó, ” arsa Tuathal. “ Agus cé air a bhfuil an locht nach bhfuair muid deis? ” arsa Séamaí. “ Cé air a bhfuil an locht go bhfuil muid greamaithe sa chró seo gan leathphingin, gan greim bia, gan deoir uisce? ” D ’ amharc siad uilig ar Fheadaímó. Bhí fearg ar Shéamaí fán am seo. “ Cé air a bhfuil an locht go bhfuil Domhnall mar phríosúnach ag na saighdiúirí? Cé air a bhfuil an locht go bhfuil na ba uilig caillte againn? ” Dhírigh sé a mhéar ar Fheadaímó. “ Ortsa atá an locht, ” a scairt sé. “ Uascán d ’ fhear óg. Ach ab é an ghirseach sin a chur an dallamullóg ortsa, bheadh na gadaithe uilig ar long de chuid an Rí, bheadh an táin díolta, bheadh Colm san ospidéal agus muid uilig ar an bhealach na bhaile agus airgid inár bpócaí. Cad é ’ n dóigh …..” “ Druid do bhéal, a Shéamaí, ” arsa Tu- athal. “ Cha dtig leat an locht uilig a chur ar Fheadaímó. Ná déan dearmad gur eisean a tháinig leis an rabhadh a thabhairt dúinn go raibh na saighdiúirí ár gcuardach. ” “ Dá mba rud é gur ghlac sé comhairle Dhomhnail cha bheadh an ghirseach sin leis agus cha bheadh a leithéid de rud ann agus saighdiúirí ár gcuardach, ” arsa Séamaí. “ Cad é chomh amaideach is a thiocfadh leis a bheith? Iníon Chondaí Rua, in ainm Dé! ” Chuir Seán a lámh ar ghualainn Shéamaí. “ Socraigh ” a dúirt sé leis. “ Throid an boc óg seo mar a bheadh fathach ann nuair a rinne na gadaithe ionsaí orainn. I mo thuairimse bheadh níos mó ná Colm marbh muna raibh sé ansin. ” Rinne Séamaí iarracht labhairt arís ach chuir Seán a lámh in airde, “ lig domh críochnú, ” a dúirt sé. D ’ fhan Séamaí ina thost. “ Anois, seo an dóigh a bhfuil rudaí. Tá Colm marbh is níl neart ar sin. Caithfidh muid ar dhóigh éigin a chorp a thabhairt na bhaile. Tá Domhnall mar phríosúnach is níl a fhios agam an bhfuil dóigh ar bith againne le é a scaoileadh saor. Tá an táin caillte is caith- fidh muid glacaint leis nach mbeidh leathphingin ag teacht ár mbealach ach tá muid saor agus tá muid beo. Tá mo chapallsa is capall Thuathail sábháilte, buíochas le Dia, agus tá an dá chapall cairte againn. Má fhaigheann muid amach as Doire beidh lá eile againn ar an táin. Molaimse daoibh uilig dhul na bhaile a fheara sula n - éiríonn rudaí a dhath níos measa. ” “ Cad é fá Dhomhnall, ” arsa Paidí, cha dig linn é a fhágáil. ” “ Tuigimse an rud atá tú ag rá, a Sheáin, arsa Tuathal, ach tá mise ag obair le Domhnall Ó Dála anois le fiche bliain agus níl mé dul na bhaile má tá rud ar bith a thig liom a dhéanamh anseo. ” “ Sin mar atá se liomsa fosta, ” arsa Paidí, “ cad é ’ n dóigh a dtig linn seasacht os comhair a theaghlaigh is a rá leofa nach dear muid iar- racht de shórt ar bith é a shábháil. ” “ Caithfidh muid seasacht os comhair theaghlach Choilm agus sin a rá, ” arsa Séamaí. “ Cáit bhocht, tá cúigear páiste óg aici, agus níl pá Choilm fhéin againn le tabhairt di. ” Sheas Feadaímó i lár an chró. “ A fheara, glacaimse leis an rud a dúirt Séamaí, tá muid san fhaopach agus tá an locht uilig ormsa. D ’ iarr Domhnall orm ciall a bheith agam ach char éist mé leis. ” “ Chuir Síle an dallamullóg orm cinnte, ach ar a laghad ní bheidh a hathair ag tabhairt buaireamh ar bith daoibh ó seo amach. ” D ’ amharc sé thart orthu uilig agus é ag caint. “ Geallaim seo daoibh. Más é an rud deireanach a dhéanaimse, scaoilfidh mise Domhnall saor. ” Thosaigh Séamaí ag gáire go magúil. “ Níl ansin ach rámhaille fir óig, ” a dúirt sé. “ Cad é ata tusa dul a dhéanamh? An chéad ghirseach óg a chasas tú léi beidh tú ar shiúl mar a bheadh coileán óg ina diaidh. ” Fuair Feadaímó greim muiníl air agus thóg sé é ón talamh. “ Éist thusa liomsa go cúramach, a Shéamaí, dúirt mé go raibh an ceart agat leis an mhéid a dúirt tú, ach tá sé ráite anois agat agus fág é, muna bhfuil a dhath suntasach le cur leis druid do bhéal. Téigh na bhaile agus fág rudaí anseo agamsa. Dóigh amháin nó dóigh eile déanfaidh mise an rud a dúirt mé, agus fosta, gheobhaidh mé an t - airgead ó Cholonel Albertson don táin. ” Chaith sé Séamaí sa choirnéal agus labhair sé le Tuath- al. Gheobhaidh sibh achan phingin atá tuilte agaibh. Anois, éistigí liom, tá an cúig ghine sin i mo phóca

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3