Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 12 agam agus beidh sé rannta orainn uilig. Rachaidh sciar Choilm chuig a theaghlach. Sin seacht sciar ar fad. ” Sheas sé tamall ag déanamh suas na bhfigiúirí ina cheann. “ Sin cúig scilling déag an duine agus sin pá maith. Bhéarfaidh mise mo sciarsa duitse, a Shéamaí, le tabhairt do bhean Choilm. Seo chugat, a Thuathail, ” agus thug sé an t - airgead dó. “ Thig leatsa seo a tha- bhairt dófa nuair a fhaigheann tú é briste síos ina scillin- geacha. ” Shiúil sé go dtí an doras. “ Fear ar bith atá ag iarraidh imeacht déanadh sé sin. Cha chuirfinnse locht ar fhear ar bith sin a dhéanamh mar tá contúirtí go leor romhamsa agus d ’ fhear ar bith a chuideos liom. ” D ’ am- harc sé isteach i súile achan fhear acu agus ansin chuir sé an cheist. “ Cé atá ag imeacht nó cé atá liom? ” “ Tá mise leatsa, a Fhéadaímó, ” arsa Tuathal. Níl mise pósta is níl duine ar bith ag feitheamh ormsa sa bhaile ach beirt dheartháir atá chomh tugtha sin don phoitín nach mbíonn a fhios acu leath den am cé acu an bhfuil mé ansin nó nach bhfuil. ” “ Tá mise leat fosta, ” arsa Paidí. “ Tá teaghlach óg agatsa, a Phaidí, ” arsa Séamaí. “ Is cu- ma sa diabhal liom, ” arsa Paidí. “ Níl mise dul na bhaile mar chladhaire is Domhnall fágtha leis fhéin. B ’ fhearr liomsa a bheith ábalta codladh san oíche. ” “ Tá mise den bharúil gur chóir domh dhul na bhaile ach fanfaidh mise leat fosta, a Fheadaímó, arsa Seán. Má éiríonn linn Domhnall a scaoileadh saor beidh fear capaill a dhi- obháil oraibh. ” “ Níl mise ag fanacht, ” arsa Séamaí, “ agus chan cladhaire ar bith mé. Tá clann óg agam agus níl mé chun iad a fhágáil leo fhéin. ” “ Tuigeann muid sin, a Shéamaí, ” arsa Tuathal, agus throid mé minic go leor ag do thaobh le bheith ábalta rá nach cladhaire thú. ” “ Bhéarfaidh mise corp Choilm na bhaile, ” arsa Séamaí, cé nach mbeidh se furasta sin a dhéanamh agus cuid saighdiúirí an rí ár gcuardach. ” D ’ aontaigh siad uilig le sin. “ Cad é fá dtaobh duitse, a Éamoinn? ” arsa Tuath- al? ” Bhí Éamonn ina shuí ag amharc ar Cholm agus labhair sé go ciúin. “ Is deas an rud go bhfuil Séamaí ag tabhairt corp Choilm na bhaile, ” a dúirt sé, “ ach caith- fidh mise dhul le Feadaímó. ” “ Sin é socraithe mar sin, ” arsa Tuathal, “ seo chugat an t - airgead, a Shéamaí, gheobhaidh muid ar sciartha uait má éiríonn linn. ” “ Agus muna n - éiríonn linn, arsa Seán, agus caithfidhse a bheith ráite, tá achan rud in ár n - éadan, thig leatsa sciartha s ’ againne a thabhairt dár dteaghlaigh ” “ Dhéanfaidh mise sin, ” arsa Séamaí, “ bhéarfaidh mé ceann de na capaill cairte liom. Beidh oraibh cuidiú liom clúdach de shórt éigin a chur ar Cholm. ” “ Imigh thusa agus faigh an capall, a Séamaí, ceannóidh muidinne dhá mhála mine, ” arsa Feadaímó, agus cuirfidh muid Colm isteach i gceann acu. ” “ Maith go leor, ” arsa Séamaí, chuir sé guinea i lámh Fheadaímó is shiúil sé go dtí an doras. Thiontaigh sé. “ A Fheadaímó, tá brón orm fá na rudaí a dúirt mé. Tá a fhios agam nach bea do lochtsa atá ann go bhfuil Colm marbh. Is ar na gadaithe amháin atá an locht fá choinne sin. ” “ Arú, déan dearmad do anois, ” arsa Feadaímó, seo, imigh leat agus bí cúramach ag teacht isteach ‘ na cathrach leis an chapall. ” D ’ imigh Séamaí. “ Goitse thu- sa liomsa, a Sheáin, ” arsa Feadaímó. “ Gheobhaidh muid an mhin agus rud inteacht le hithe dúinn uilig. Fanaigí sibhse anseo agus bígí ag smaoineamh ar an bhealach is fearr gur féidir le Séamaí fáil amach as Doire le corp Choilm agus na saighdiúirí a sheachaint aige. ” D ’ imigh sé fhéin is Seán amach as an chró is trasna na sráide. Shiúil siad píosa maith go dtáinig siad ar shiopa ina raibh min le ceannacht. Cheannaigh siad ceithre bhuilín aráin, im agus uibheacha, chomh maith le pandaí de bhainne géar. Chuir an fear ceist orthu fá cá háit a raibh cairt s ’ acu nuair a cheannaigh siad dhá mhála mine ina raibh sé chloch dhéag de mheáchan in achan cheann acu. “ Arú, ” arsa Feadaímó leis, “ cad chuige a mbeadh cairt a dhíth ar bheirt fhear cosúil linne? ” agus chaith sé mála amháin thar a ghualainn dheis. Chuir se an mála eile ar ghualainn Sheáin agus amach an doras leo. Bhí siad leath bealaigh ar ais chuig an chró nuair a bhí ar Seán stopadh. “ Níl mise ábalta coiscéim amháin eile a ghlacadh leis an ualach seo, a Fheadaímó, ” a dúirt sé. Char labhair Feadaímó ar chor ar bith ach go díreach thóg sé an mála agus chur sé é ar a ghualainn chlé agus shiúil se leis. Bhí níos mó daoine ar an tsráid fán am seo agus iad ag amharc le hiontas ar an fhathach a bhí ag iompar dhá mhála mine. Bhí Seán ag siúl ina dhiaidh, agus leoga é ag déanamh a dhícheall coinneáil suas leis. “ Lorda, ” a dúirt sé leis fhéin, “ má tá duine ar bith ar domhan a dtig leis cuidiú le Domhnall, seo é an fear. ” Bhí an bricfeasta d ’ arán agus d ’ uibheacha amha thart nuair a tháinig Séamaí isteach leis an chapall. Bhain siad cuid den mhin amach as ceann de na málaí agus chuir siad corp Choilm isteach ann. Chuir siad an dá mhála ar dhroim an chapaill ansin agus bhí Séamaí réidh don bhóthar. “ Coinnigh thusa le bruach na habhann go dtí go bhfuil tú píosa maith taobh amuigh den chathair, ” arsa Tuathal leis. Chroith siad lámha lena chéile agus d ’ imigh Séamaí lena ualach brónach. “ Anois, a fheara, ” arsa Feadaímó, “ tá sé in am dúinne scairt a chur ar an Cholonel Albertson. ” Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3