Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 13 An tSeanbhean le P.Ó. Cuilinn Is mé ag ullmhú don bhainis is an tsiopadóireacht faoi lán - tseoil, Cheannaigh mé gúna deas dearg don ócáid. Bhí bróga den scoth liom, iad chomh geal leis an tsneachta Is hata nach bhfeicfeá a leithéid. * * * Ag fágáil an tsiopa domh bhí mé sásta liom fhéin, bheadh mo chairde in éad liom gan amhras. Chuig an ghruagaire a rachainn le bailchríoch a chur orm, Bheinn mar bhanphrionsa is ba chuma faoin chos- tas. * * * Shuigh mé ar bhinse le m ’ ualach a eagrú Is le scíste a bhí tuillte a ghlacadh. Cé a chonaic mé romham ar chosán na sráide Ach seanbhean ag ransú i mbosca an bhruscair. * * * D ’ amharc mise uirthi is d ’ amharc sise orm, Cha raibh bogadh ar bith eadrainn ar feadh tamaill; Bhí na roicne domhain ar a leicne í cromtha go híseal Mar a bheadh meáchan an domhain ar a gualainn * * * Bhí trua mhór agam di ach chan sin a bhí uaithi, Ina súile liathghorm bhí neamhspleáchas. Thóg sí leath - cheapaire amach as an bhosca Is thosaigh sí a ithe le háthas. * * * Thug sí faoi deara an ghnúis a tháinig orm i ngan fhios, Ó! a leithéid de chruachás ag a haois. Phléasc an gáire amach aisti ó dhoimhneacht a croí, Tháinig sí anall le suí ag mo thaobh. * * * Cé a fheiceann tú romhat, is tú i do shuí go de- as socair? A cheistigh sí go modhúil is go cairdiúil. An bhfuil mo shaolsa gan fiúntas, i do thuairim, a ghirsigh? Bhail, cha ndéanfainn malairt leat a dúirt sí go ciúin. * * * Bhí mé óg uair amháin, mé chomh dóighiúil leat fhéin, bhí mé geallta ach chaill mé mo ghrá gheal. Bhí mé céasta le pian, cha raibh deoir fágtha ionam, Bádh é is é ag dul do na scadáin. * * * Ní bhfuarthas a chorp is ní bhfaighfear a choíche, Thóg Dia leis mo chroí is m ’ anam, Níl fágtha sa domhan agam ach an seanchóta trom seo, Mo bhróga ‘ gus, a thaisce, m ’ anáil. * * * Sheas sí ansin, thóg sí a mála beag plaisteach Ina raibh, is dóiche, a maoin is a saibhreas. Tabhair aire duit fhéin, a dúirt sí go híseal, Is d ’ imigh go bródúil mar bhanríon na sráide. * * * Chaill mo ghúna úr a loinnir, cha raibh na bróga chomh geal, Dar liom fhéin go mbeadh sí gan mhoill ins an reilig. Luífeadh an créatúr anocht i ndoras siopa áit éigin Nó b ’ fhéidir i mbosca faoi dhroichead. * * * Bhain an comhrá sin an ghaoth as mo sheolta gan amhras, Cha bhím arís leath chomh neamhairdiúil. Tá a scéal ag gach duine cé acu saibhir nó dai- bhir, Agus le bacaigh na mbóithre beidh mé i bhfad níos cairdiúla. * * *

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3