Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 14 An Sneachta Mór Feabhra 1947. Bhí mise i mo bhithiúnach beag trí bliana déag d ’ aois nuair a tháinig an Sneachta Mór ar an tír seo. Sular thit an sneachta bhí sé iontach gruama agus bhí an spéir druidthe isteach. Le sin thit flichneachta éadrom ar dtús agus de réir a cheile d ’ éirigh sé chomh trom sin go raibh sé deacair rud ar bith a fheiceáil. Nuair a d ’ éirigh muid ar maidin bhí ráth (drift) domhain ó theach s ’ againne i gCluain tSaileach síos go teach Bhrinie Thuathail (Biddy Rua). Bhí balla ard ag ceann gharraí Neddie, faoi theach s ’ againne, agus bhí ráth eile sneachta suas le fiche troigh ar doimhne ansin. Bhí barr na gcrann ard le feiceáil anseo agus ansiúd. Bhí Aindí Rua ina chónaí i dteach beag ceann tuí i gCluain tSaileach agus an t - aon rud a bhí le feiceáil ná an toit as an tsimléar ag teacht amach os cionn rátha sneachta. B ’ éigean do na comharsana tarrtháil a thabhairt air agus é a bhaint amach. Is cuimhin liom an tráthnóna sin nuair a bhí an sneachta ag titim go trom, bhí Johnny Mhicí Mhánais as an Ghlíob agus John Mac a ’ tSaoir as Baile na Deora ag teacht as na Dúnaibh. Nuair a fu- air siad fhad le teach s ’ againne i gCluain tSaileach bhí siad cráite, ní raibh an sponc anála fágtha acu. Bhí siad in arm na hÉireann ag an am agus bhí John- ny ag imirt peile don Chontae thart fán am sin fosta agus iad láidir agus breá aclaí, ach má bhí fhéin bhí siad cráite. Cailleadh cuid mhór caorach ar na cnoic ach bhí cuid acu beo suas le coicís faoin tsneachta. Leáigh a n - análacha an sneachta a bhí thart orthu agus de réir a chéile bhí poll déanta fríd an tsneachta. Bhí an talamh faoina gcosa ite dubh acu. Bhí bus Johnny Birney in abar ag seanscoil Dhuibh- linn Riabhach agus d ’ fhan an mhuintir a bhí uirthi i dteach Den Cullen. Bhí leoraí mór thíos ag tigh Willie Brown i nGort na Luchóg le lód cocháin agus nuair a tháinig sé aníos go dtí sceanscoil Mhíob- haigh chuaigh an leoraí in abar sa tsneachta agus bhí sí ansin ar feadh coicíse. Bhí leoraí mór eile in abar thíos faoi theach Mhicí Rua ar mhallaigh na dTor. Lód aráin a bhí ar an leoraí sin. Nach Dia fhéin a chur an leoraí sin ag muintir na Gléibe agus Ghleann Úraí!! Bhí sí sáite ansin ar feadh coicíse rud a d ’ fhág nach raibh ocras mór ar bith sa cheantar seo ná cha raibh grabhróg aráin fágtha uirthi nuair a tugadh ar shiúl í, seo de réir foinsí eolais na linne sin! Ach sin ráite is minic a dúirt na seandaoine go raibh an fear ocrach thíos faoi theach John Thuathal Mór agus teach Den Tam, deas do theach John Mhicí Rua anois. Is minic a d ’ éirigh daoine lag ann le hocras agus deir siad gur mhinic a thug Den Tam nó Tuath- al Mór crág de mhin choirce dóibh le hiad a tha- bhairt ar ais on bhás. Is dóiche go raibh siad meite, rite, cráite nuair a fuair siad an fhad sin agus iad ag teacht as Dumhaigh nó as an Chorrach. Bhí Charlie Ann as Cluain tSaileach pósta ar Shiún Ní Chuilinn as Dún Dubháin, iníon de Phroinsí Rua. Bhí mac acu, Proinsí, i 1945 ach fuair sé bás ag thart fá sé mhí d ’ aois. Ansin bhí mac eile acu in 1947 agus bhí an baisteadh i dteach an phobail an lá a tháinig an sneachta mór. Ni raibh siad ábalta fáil na bhaile an tráthnóna sin. Rinne siad á gcosán go dtí teach Mháire Ellen Mhic Suibhne (teach Denis Sweeney anois) agus d ’ fhan siad an oíche ansin leis an leanbh, Denis. An mhaidin dár gcionn ghlan na fir cosán fhad le teach Isaac agus stop siad ansin leis an leanbh go dtí go raibh giota eile den bhealach glanta acu go Míobhaigh. Tháinig Francie Cullen, sin deartháir de Shiún go dtí ’ n teach s ’ againne ar a bhealach na bhaile an tráthnóna sin agus bhí deacrachtaí go bráth aige fáil na bhaile. Nuair a shroich sé Scoil Mhíobhaigh b ’ éigean do dhul síos Ard Dhiarmada agus trasna ag teach Ghráinne le fáil na bhaile. Fear mór láidir a bhí ann agus deir siad go raibh sé cráite nuair a bhain se an baile amach. Fu- air an gasúr beag sin bás thart fá sé mhí ina dhiaidh sin. Bhí droch - ádh orthu ach mar a deir siad is dóiche gur sin toil Dé agus toil Dé go raibh dé- anta. D ’ inis Denis Sweeney domh go raibh sé ag dul go Teach a ’ Phobail Lá Fhéile Pádraig an bhliain sin agus go raibh an bealach mór glanta agus an sneachta suas le deich dtroigh ar doimhne ar an dá thaobh, ar mhallaigh na Beairice. Sin bliain ná beirt i ndiaidh an chogaidh, agus an gcreidfeá go raibh muidinne ar an taobh thoir breá aclaí agus réidh. Bhí ár gcuid cearc agus ár gcuid uibheacha féin againn. Bhí bó, bainne agus cuinneog fá choinne ár gcuid ime a dhéanamh. Bhí sac céad meáchain min choirce agus sac eile céad meáchain plúir ina suí ar bheirt de chuid cathaoireacha Joyce deas den tine. Bhí ár gcuid móna fhéin agus tine mhaith againn. Le cois sin bhí bairille de scadáin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3