Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 15  Cuireadh fáilte mhór roimh Aisteoirí Mhíobhaigh i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh nuair a léirigh siad an dráma “Greim na Sainte” i gClub na Múinte- oirí. Seo cúpla pictiúr a glacadh ar an oíche. Bhí slua mór i láthair sa “Linenhall” i gCaisleán an Bharraigh ar 9ú Deir- eadh Fómhair fosta nuair a cuireadh an dráma seo ar an ardán don uair dheir- eanach. shaillte ag achan teach agus ní raibh siad lofa cosúil le cuid mhuintir an taoibh eile. Bhí cuid mhór iasc bán, súilíní, triomaithe leis an ghrian agus crochta ar líne againn. Bhí ár gcuid prátaí agus oinniún againn. Bhí tuirne againn le sníomh agus olann go leor againn. Sin cuid mhaith níos mó ná mar atá againn sa lá atá inniu ann agus deir siad go raibh muid bocht! Ó, agus mo dhearmad, bhí dream, muintir Phaidí Óig as Gleann Úraí thar a bheith maith ag dhul den phoitín. Bhí an poitín chomh maith sin gur chuir muid an tóir ar na Gearmánaigh thíos ag Trá na Rosán i rith an chogaidh! Dá dtarlódh a leithéidí anois, cá mbeadh muid? Alt le Proinsí, agus tá a bhfuil sa phíosa seo chomh fíor le tairngreacht Cholmcille

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3