Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 3 Bunadh an tSléibhe agus Bunadh Cois Farraige. Mar a fheicfidh sibh nuair a léifidh sibh an t - alt seo mheas Seán Ó hEochaidh go raibh daoine a tógadh fán fharraige níos flaithiúla ná mar a bhí siadsan a tógadh fá na cnoic. Cé acu tá seo fíor nó nach bhfuil agus tá mé cinnte go bhfuil cuid mhaith agaibh nach n - aontódh, bhí a chuid barúlacha fhéin ag Seán fán ábhar agus fá cad chuige a raibh seo amhlaidh. Cé bith is ciall don mhuintir a thógtar sa tsliabh bíonn siad níos críonna agus bheir an saol i bhfad níos mó buartha dóibh nó mar a bheir sé do na da- oine a chois na farraige. Thug mé faoi deara seo in achan cheantar dar oibrigh mé ann agus leoga thug mé faoi dear é san bhaile sular fhág mé é riamh. Is minic a bhí mé a smaoineamh caidé a ba chiall dó seo. Chonaic mé go maith lucht na sléibhte ar aonach cur i gcás agus ní rachadh siad isteach a choíche i dtigh a bheadh a dhéanamh réidh bia lena gcuid a fháil, ach in áit sin gheofá ag dhul thart iad ag ithe brioscaí beaga amach as a gcuid pócaí. Tá siad mar an gcéanna a dhéanamh mar- gaidh, throidfeadh siad ó mhaidin go hoíche mar gheall ar shé pingin, agus in amanna dhíolfadh agus cheannódh gasúr as an tsliabh fear sean - chríonna ó chois farraige. Ní mar seo atá bunús na ndaoine a chois farraige, siúd agus go bhfuil neart acu atá críonna go maith. Ach seo difear mór amháin a thug mé fá dear idir na daoine, tá fear an t - sléibhe i gcónaí ag amharc roimhis ar an am atá le theacht agus ma thig leis é ar dhóigh ar bith tá sé a déanamh réidhe fána choinne. Ní hé sin don ghnáth - fhear a chois na farraige é, is cuma leis sa diabhal fán am atá aige, achan lá déanamh as dó fhéin, agus níl aige ach ó mhaidin go amárach agus ón lámh go dtí an béal. Is deacair déanamh amach caidé an chiall atá le seo, ach bhí mé féin a smaoineamh gur seo a leanas ábhar amháin a bheadh le hoiread difear a bheith idir na daoine san cheantar atá luaite agam. Cé bith cúis de níl ann ach mo thuairim bheag féin fán chúis, agus is dóiche liom go mbeadh tuairimí eile ag an té a léighfeas seo. Na daoine seo atá agus a bhí ‘ na gcónaí sna sléibhte, níl slí ar bith acu airgead ar bith a shaothrú, ach de réir agus mar a bhainfeadh siad rud beag amach as a gcuid talaimh, nó dhíolfadh siad beathach eallaigh, nó b ’ fhéidir gráinín beag caorach uair amháin nó cúpla uair sa bhliain. Bí- onn mórán rudaí acu le baint amach as seo: bíonn an cíos agus an gearradh agus b ’ fhéidir an oiread seo le fáil ag fear - siopa inteacht agus caithfidh siad ansin a mbeidh fágtha acu, má bhíonn a dhath, a shnathadh leis an chuid eile den bhliain. Is doi- ligh go minic seo a dhéanamh, agus is dóiche gur sin an fáth a mbíonn a mbunús chomh críonna sin agus ansin tig sé anuas leo ó ghlúin go glúin mar a thig an snámh leis an lacha. Ní mar seo atá an scéal ag an fhear chois farraige. Tá níos mo seans aigesean airgead a shaothrú achan lá sa bhliain. Is gnáth a chois na farraige, má bhíonn an aimsir go measartha maith a chor ar bith, go dtig le fear a dhul amach lá ar bith agus pá lae a shaothrú bíodh sé beag nó mór. Le linn an scéil a bheith mar seo fágann sé an fear cois far- raige níos réidhe fán air- gead, agus leoga is minic go bhfágainn sin ar an chiúnas é. Bhail cé bith cúis de tá an difear mór sin idir an dá dhream da- oine agus níl duine ar bith a gcaithfidh seal ina measc nach dtabharfadh fá dear é. Ta achan dream acu ceart go leor, ach go measaim féin nach bhfuil sé maith a bheith ró - shaolta agus tá an bhua ag lucht na farraige orthu sa chás sin. Go dearfach bhí seanduine anseo sa comharsanacht agam agus is beag oíche nach dtug mé cuairt air, agus fuair mé mórán seanchais uaidh fá iascaireacht agus fá chaoirigh. “ Ned John Rua ” an t - ainm atá air agus tá sé ina chónaí fá ghiota bheag dó ché na nDúnaibh. Thug mé corr - ruaig air ….

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3