Guth Ghoill, Eagrán 34
Eagrán 34 Samhain 2010 4 Sa cheantar céanna ní gnáth leofa na tithe a scuabadh amach i ndiaidh luí gréine nó roimh éirí gréine ar maidin. Tá cuid mór seanmhná sa cheantar nach ligfeadh seo a dhéanamh go fóill. Ní maith leis na daoine sa cheantar seo an ghruaig a bhaint dena chéile Dé hAoine agus sa tsean - am deirtear nár gnáth le seanduine ar bith an fhéasóg a bhaint de féin. Ní thugann an t - aos óg aird ar bith ar seo san am i láthair ach tá seandaoine ann a ndéanfadh é go fóill. Sa tseanam anseo, deirtear dá mbeadh fear ag dul a chur giota úr as a thigh gur as an aird thoir a ba gnáth a chur. Bhí sé an mí - shon[a] an seomra úr nó cé bith a bheadh ann a chur as an aird thiar. Ba léir leofa dá gcuireadh siad as thiar an giota úr go leanfadh mí - ádh inteacht an giota sin go bráth, agus na daoine a bheadh ina gcónaí ann go leanfadh aicídeacha mar chréachta iad. Ba léir leofa go dtitfeadh mallacht de shórt inteacht ar an tigh Fad ó shin nuair a thógtaí teach úr in íochtar Ros Goill, ní raibh siad ábalta a chónaí ann go ndoirtfí fuil ann ar dhóigh inteacht. San am sin ba gnáth leofa anseo oíche mhór a bheith acu an oíche a chuirfí ceann ar theach úr. Ba gnáth le hól agus ceol a bheith acu agus b ’ fhéidir thiar thall ar dheir- eadh an ólacháin go mbeadh troid ann. In amannaí théadh an troid seo [a] fhad ar aghaidh agus go ndoirtfí fuil ar an deireadh agus san am sin ba léir leis an té a bhí ag dul a chónaí sa teach úr go raibh seo an - son[a]. Mura ndoirtfí an fhuil fríd throid chaithfí ainmhí de shórt inteacht a mharbha agus an fhuil a scabadh fríd an teach sula dtéadh duine ar bith a chónaí ann. Ní dhéanfadh sé cúis fuil ainmhithe a mhuirfaí le hithe a scabadh fríd an teach. Chaithfí fuil a tharraingt a dh ’ aon toisc fa choinne na ngnóithe. Mura ndéantaí seo bheadh drochrath ar an tigh. (Níl duine ar bith ábalta inse domh cad é an chiall a bhí le seo, ach tá fhios ag na daoine go raibh seo amhlaidh sa tsean am) Chonaic na daoine sa cheantar seo réaltóg in am an Chogaidh Mhóir (1914 - 1918) a dtug siad ‘ Réalt an Rubaill ’ uirthi. Ba léir leofa gur comhartha de chuid dheireadh an tsaoil a bhí anseo, agus tuilleadh a bhí ag déanamh gur athrú inteacht a bhí ag dul a theacht le linn an chogaidh. Bhí ruball mór solais siar i ndiaidh na réaltóige seo, agus sin an fáth a dtug na daoine réalt an rúbaill uirthi. Níl teach ar bith bunús sa cheantar íochtarach de Ros Goill nach bhfuil coileach dubh Márta fá dtaobh de go fóill. Is léir leis na daoine go bhfuil sé an - sona, agus nach dtig “ an drochrud ” fá dtaobh de theach ar bith a bhfuil coileach acu seo fá dtaobh de. Is léir leis na daoine go raibh sé an - mhí - shona cearc a dhul a scairtigh fá theach go mór mhór san oíche. Ní thabharfar spás ar bith don chearc a dhéanfas é ach go maidin lá arna mhárach. Ní íosfar a cuid feola féin, ach chomh luath agus a mhuirfear í caithfear amach san fharraige í, nó mura bhfuil an teach cóngarach don fharraige, caithfear isteach in abhainn nó ina sruthaí í. Ach ní ligeann an eagla do dhuine ar bith feoil circe den tsórt seo a ithe. Is léir leis na daoine go bhfuil baint inteacht ag circ a rachas a scairtigh leis an diabhal. Deirtear sa cheantar seo má gheibh duine snáthaid ar iasacht nach bhfuil sé ceart ag an duine sin a tabhairt uaidh gan snáithe a bheith inti, nó ag an té atá a fháil a ghlacadh gan an snáithe a bheith inti. Snáithe olna. Níl sé ceart ag duine aibhleog a thabhairt leis as tigh gan fód mónadh a chur ar an tine sula bhfágfaidh an aibhleog an teach. Mura gcuirfí an té a bhearfas leis an aibhleog an fód ar an tine, cuirfidh duine inteacht dá bhfuil istigh an fód uirthi dó. Tá cuid mhór daoine sa cheantar seo nach ligfeadh aibhleog amach as an tigh maith nó olc. Is léir leofa go n - imíonn ádh an tí leis an tine coisricthe. In áit mar seo de chois na farraige a gcuirtí daoine a thigeadh fá thír fad ó shin, ní bhíodh mórán dúil ag na daoine siúl ar na háiteachaí seo, nó ligean do bheithíoch ar bith a dhul a chomhair. Pisreogaí fán Aimsir Is gnáth leis na daoine uilig sa cheantar seo – mór agus beag, óg agus aosta iad féin a choisreacan nuair a tchí siad an ghealach úr ar an aer. Baineann siad tuairim mhór as an ghealaigh i dtaobh na haimsire. Má tchí siad gealach úr chaol thanaí a bheas an - chrochta nó ina seasamh ar Tuilleadh den ábhar a bhailigh Seán Ó hEochaidh le linn dó a bheith ag bailiú béaloidis sa cheantar seo sna daichidí.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3