Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 5 mhullach a cinn, is léir leofa gur sin gealach mhaith, agus go mbeadh aimsir mhaith ann fhad agus a bheas an ghealach seo ar an aer. Ach má tchí siad gealach mhór thoirteach a bheas ina luí ar chúl a cinn, is léir leofa go mbeidh ‘ ceapadh ’ an uisce sa ghealaigh seo agus go mbeidh an aimsir an - olc fhad agus a bheas sí ar an aer. Is cuma cad é an sórt gealach a thiocfas ar an tSathairn, is léir leofa nach raibh sí riamh maith, agus deirtear nach dtáinig an ghealach riamh ar an tSathairn nach dteachaigh trí huaire ar mire sula mbeadh sí caite. Nuair a théadh na cearca a chrónán ar an aradh tráthnóna i ndiaidh iad a dhul isteach is comhartha seo go bhfuil athrú inteacht ag teacht ar an aimsir. Má bhíonn drochaimsir ann is comhartha é go bhfuil aimsir mhaith ag teacht, agus má bhíonn aimsir mhaith ann is comhartha é go bhfuil drochaimsir ag teacht. Bhí Ifreann ag cur cathaithe orm an lá fá dheireadh. Bhail, ba sin an leithscéal a d ’ úsáid mé ar aon nós. Chuir sé sórt isteach orm a bheith ag fágáil Monte Car- lo gan mo léine. Rinne Benny achan rud a shocrú domh. Thug sé faoi deara go dtáinig an uimhir 7 aníos dhá uair comh minic agus ba cheart dó ar thábla a cúig. D ’ inis mé do mo bhainisteoir bainc go raibh an iasacht de dhíth orm fá choinne troscán úr. Chan mórán a bhí in €20,000. Tá mé cinnte go raibh sé de chumhacht aige níos mó a thabhairt domh ach sin a raibh uaim. De réir cuid cainte Benny ba chóir go dtiocfadh an 7 aníos, ar an mhéad is lú, achan ochtdéagú uair. Ar an dóigh sin de, cha raibh a dhath le déanamh agamsa ach geall 1000 euro a chur ar uimhir a seacht. Dá gcaillfinn sin chuirfinn síos an geall céanna arís agus arís eile go dtí go dtiocfadh sé aníos. Thiocfadh liom coinneáil ag dul ag déanamh seo fiche uair ach cinnte le Dia cha bheadh feidhm orm! Dhaichead míle a bheadh agam as. Thiocfadh liom a dhul ann achan lá go dtí go n - éireodh siad eolach orm. Bhí mo chroí ag léimnigh istigh i mo chliabh agus mé ag dul in airde céimeanna an Chasino ag tarraingt ar an doras. Thug an garda slándála foláireamh do dhuine éigin faoi ‘ chapeau ’. Gháir mé fhéin os ard agus d ’ amharc mé thart go bhfeicfinn cén t - amadán a bhí ag iarraidh beathach a thabhairt isteach sa Chasino ach cha raibh duine ar bith ar mo chúl! Nuair a d ’ amharc mé thart arís bhí an garda ag díriú a mhéar i dtreo mo chloiginn. Ansin tháinig sé liom. Bhí mo hata ag cur as dó. Bhí mé de shíor fríd a chéile idir ‘ chapeau ’ agus ‘ cheval ’, a bhfáil measctha. Bhí orm pas a thaispeáint, dar ndóigh, agus mo hata a bhaint díom. Bhain siad lán na súl as mo phictiúr ach is léir nach raibh siad ábalta é a mheaitseáil lena dtaifid de ‘ persona non grata ’. Caithfidhse nach bhfuil ceangal ar bith idir Vegas agus Monte Carlo. Cibé fá Atlantic City. Ar chaoi ar bith tá sé ar m ’ intinn Vegas a dhíol ar ais gan mhoill. Thiocfaí a rá go raibh an t - ádh orm i rith mo shaol. Bhí am ann a raibh fiacha de 100,000 euro agam i Vegas. Thug mé le fios dóibhthe go raibh an t - airgead agam thuas an staighre i mo sheomra. Rinne dhá amadán a bhí ag obair ansin mé a thionlacan suas go dtí an ochtú urlár. Nach orm a bhí an t - ádh go raibh an bealach éalaithe tine faoi m ’ fhuinneog. Agus cad é fán am sin in Atlantic City? Bhí ar a laghad 50,000 IOU ’ s sa teach agam fán am ar thug mé do na bonnaí é, ach arís bhí an t - ádh ormsa. Cad é do bharúil nár tháinig meirge ceo ón fharraige. Cha raibh siad ábalta mé a fháil. Déanta na fírinne bhí deacracht agam a theacht orm fhéin ach tháinig mé slán. Sin an cineál áidh a bhí orm! Is iomaí cuimhneachán deas a thug Atlantic City ar aird, go háirithe an ceann seo. Bhí gealltóirí ag ól a gcuid áidh istigh sa Wyoming Lounge nuair a shiúl an cearrbhach seo isteach agus d ’ ordaigh sé deoch don teach. Bhí sé ag maíomh gur bhain sé a shaibhreas ar na táblaí. Caithfidhse go raibh i ndeis de chéad duine sa tábhairne agus dar ndóigh d ’ ordaigh siad uilig cinn dúbailte. D ’ fhógair seirbhíseach an tábhairne a luach, “2,100 dollar le do thoil ” ar seisean. “ Tá mé cinnte gur An lá a chaill mé mo léine. Gearrscéal le Ciarán Ó Gallchóir

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3