Guth Ghoill, Eagrán 34
Eagrán 34 Samhain 2010 6 chuala sibh uilig iomrá ar Johnny Cash ” arsa an cearrbhach go fiosrach agus ansin gan choinne thug sé ruathar i dtreo an dorais amach agus é ag scairtigh “ Mise a cholceathar, Johnny no Cash ”. B ’ ard na gártha molta a fuair sé agus ba chroíúil an gáire a rinne a raibh i láthair. Achan duine ach duine amháin, ba sin an tábhairneoir dar ndóigh, a raibh greim scornaí aige ar a sheirbhíseach. Cha raibh mórán de bharúil acu siúd a bhí ina seasamh thart cad é an siosarnach a bhí ag teacht uaidh. Cé go raibh corr dhuine ina measc a raibh sé de bhua acu a bheith ábalta na liobair a léamh bhí deacrachtaí acu na heascainí a léamh. Chroith an doirseoir a cheann liom agus é ag fuascailt na ndoirse móra maorga adhmaid. Chuir sé iontas orm nach raibh aithne aige orm ó áit éigin eile, ina dhi- aidh sin is eile ba seo mo chéad chuairt. B ’ fhéidir go bhfaca sé mo phictiúr i gceann d ’ Oifigí Poist na Stáit Aontaithe. Ba leictreach an dordán a tháinig ón taobh istigh. Gliogaireacht na liathróide bige de réir mar chas sé ar na huimhreacha, boladh na dtroscán agus na oohs agus na aahs a tháinig ó na gealltóirí. C ’ acu a bhí siad ag baint nó nach raibh bhí an chosúlacht orthu uilig go raibh siad sona sásta. Lá ar leith a bheadh sa lá seo! Mhothaigh mé thar a bheith gustalach agus mé ag tabhairt m ’ aghaidh ar fhear an airgid. “ Tabhair domh fiche chip mile euro, s ’ il vous plait ” arsa mé fhéin go fearúil. Shín mé chuige iasacht fhlaithiúil an bhainc agus tháinig meangadh gáire air agus é ag síneadh chugam na dílseoga leathfhada dubha. “ Ná cur an t - airgid uilig sa bhanc mar beidh mé ar ais leis an méid a bhaineas mé a thógáil ” arsa mé fhéin leis go lách. Arís tháinig meangadh gáire air go feasach. Ba léir go bhfaighfeá le fios ón fhoireann go raibh said iontach eolach. Tharraing mé aird an uile dhuine orm fhéin nuair a leag mé mo chuid ‘ chips ’ ar an tábla. Bhain mé dúil as mo mharc a fhágáil ar dhaoine go háirithe ise leis an fholt chiardhonn a raibh an chual ‘ chips ’ aici. “ Rien ne vas plus ” a d ’ fhógair fear thógáil na ngeallta ag an tábla agus an liathróid bheag bhán á cur ar a turas aige. Thug Benny le fios domh gur chiallaigh seo nach raibh cead geallta ar bith eile a chur. Thug an Yankee ag mo thaobh an uillinn sna heasnacha domh agus ar seisean “ Ciallaíonn sin gur chaill tú arís ”. Cibé dóigh a mbíonn a fhios sin aige sula suíonn an liathróid, bhail sin barúil dhuine ar bith. Rinne an bheirt againn gáire croíúil mar gur rib tickler go fírinneach a bhí ann. Shuigh an liathróid ar uimhir a naoi agus lig an bhean leis an fholt chiardhonn scread aisti. Char chuir seo stop le fear na ngeallta a bhata fada a shíneadh amach agus na ‘ chips ’ ar fad a bhailiú chuige. Cha raibh mórán fágtha den chual a bhí aici. Go díreach ar feadh tamaill d ’ athraigh an aoibh álainn a bhí ar a haghaidh agus tháinig cuil uirthi. Ach nuair a thug sí faoi deara go raibh mise ag amharc uirthi, d ’ fhill an aoibh amhail is mar dhraíocht. Chuir an Yankee mór a bhí in aice liom é fhéin in aithne domh le croitheadh láimhe den chineál a scoiltfeadh cloch. “ Hi, mise Ted, is as Texas mé ” Cha dtiocfadh leat gan an drón sin a aithint. Cad chuige a gcaitheann boic as Texas a insint duit i gcónaí cárb as iad? Ar chuala tú ariamh Yankee ag rá, “ Is as Oklahoma mé ” nó “ Is as Alaska mé ”, char chuala, sin an rud a mheas mé. “ Mise Lucky ”, a d ’ fhreagair mé fhéin agus chuir mé ceist air go múinte, “ An milliúnaí Ola tú? ” “ Ní hé muise, a dhuine uasail, tá mise ina phraeitseálaí. (Preacher) Yup, is cinnte go bhfuil. ” Leis sin tharraing sé anuas barr mhuineál a gheansaí agus nocht sé a choiléar madaidh. “ Maram go bhfuil sé ag cur iontais ort cad é tá praeitseálaí ag déanamh ina sheasamh ag tábla roulette? ” a d ’ fhiafraigh sé ina dhrón. “ Bhuel, inseoidh mé duit. Tá díon úr de dhíth ar an eaglais s ’ againne agus tá sin ag dul a chosnú 200,000. Bhí ár bpobal fhéin flaithiúil nuair a thug siad leath an airgid domh, agus chuir siad mé anseo leis an chuid eile a chur le chéile. Yup, rinne siad leoga ”. A leithéid de smaoineamh iontach a mheabhraigh mé fhéin. “ Agus cad é mar tá ag éirí leat ”? arsa mé fhéin go múinte agus mé ag caitheamh mo shúil ar an ultach beag a bhí os a chomhair. “ Tá mé thíos 70k ach déanfaidh an Tiarna Dia soláthar domh. Yup, dhéanfaidh leoga ” a ghuigh sé. Leis sin bhí sé ar shiúl go dtí an leithreas agus d ’ fhág sé mise ag faire a chuid maoine. Tháinig croitheadh sa ghuthán póca a bhí ina luí ar an tábla agus as siocair go gcuirfeadh seo isteach ar chothromaíocht an tábla phioc mé suas é. “ An bhfuil tú ag baint, a ghrá gheal? ” a d ’ fhiafraigh an guth binn ar an taobh eile. “ Yup ” arsa mé fhéin i ndrón. “ Tá sin go hiontach! Tá mé go dí- reach i ndiaidh an cóta diaga fionnaidh seo a fheiceáil. É laghdaithe ó 10,000 go 9,000. Oh! A stóir, le do thoil abair go bhfuil sin ceart go leor. ” “ Yup ” arsa mé fhéin i ndrón. “ Agus an slabhra brád diamaint, a stóir, é lagh- daithe go 45,000. Le do thoil, le do thoil, abair go bhfuil sin ceart go leor. ” “ Yup ” arsa mise i ndrón. “ Agus an dtig linn ‘ convertible ’ diaga le díon bog, ar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3