Guth Ghoill, Eagrán 34
Eagrán 34 Samhain 2010 7 luach 96,000 a sheasamh, a stóir? ” “ Yup ” arsa mise i ndrón. “ Is tú atá álainn. ” Chroch sí suas go díreach in am, bhí Ted ar a bhealach ar ais ón leithreas agus boladh cumhra rósanna uaidh. Bhí achan rud Diaga. Ghuigh mé an iarraidh seo. A Dhia ná lig do bheith ag cur fearthainne in Texas, go háirithe ar an Domhnach. Uimhir a 7 seo muid! B ’ éigean domh mo lámh a chroi- theadh leis an ‘ chip ’ a scaoileadh uaim. Bhí mé ag súil nach bhfeicfeadh an folt ciardhonn mé. Bhí mo bhosa de shíor ag cur allais. Reáchtáil allas sa teaghlach s ’ againne. Bhíodh mo dheartháir ag barcadh allais an oiread sin …….. Ach sin do lá eile. “ Rien ne vas plus. ” Uimhir 11. Bhain mé croitheadh as mo ghuaileanacha agus bhí a fhios ag an fholt chi- ardhonn nach raibh mé ag súil le baint an t - am sin. I ndiaidh ocht gcroitheadh déag den chineál sin bhí mé ag amharc ar an ‘ chip ’ deireanach, agus cíocras orm i gcónaí! Bhí an folt ciardhonn imithe go tábla uimhir 7 agus ba chosúil go raibh aoibh uirthi le fear a raibh cual ‘ chips ’ aige. Chuala sibh uilig an seanfhocal, “ When the chips are down ” Bhail, bhí mise ar an ‘ chip ’ deireanach agus cha dtiocfadh li- om a thuiscint cá deachaigh mé ciotach. An t - am deireanach a tharla seo domh bhuail panaic mé agus níor mhór an chuidiú a bhí ansin, ach cha raibh panaic ar bith an t - am seo. D ’ amharc mé ar theachtaireacht téacs Bhenny arís le linn d ’ fhear na ngeallta a bheith ag tarraingt chuige ‘ chip ’ uimhir a naoi déag. Dúirt an teachtaireacht go soiléir “ Cuir geall ar uimhir 5 ag tábla uimhir 7.” Mar sin cad é a thiocfadh ------- Íosa Críost, tábla uimhir a 7! Léim mé as mo shuí agus caithfidhse gur scanraigh mé an diabhal amach as achan duine a bhí thart orm. Sciob mé liom an ‘ chip ’ deireanach a bhí fágtha agus shiúil mé go mall agus d ’ aon ghnó go tábla a 7. Bhain mé croitheadh as mo ghuailineacha leis an fholt chiardhonn agus mé ag leagan geall ar uimhir a 5. “ Rien ne vas plus ”. Bhí an teannas ina luí go trom orm. Cha raibh sé ionam análú domhain a fháil a thuilleadh. Bhí cuma leataobhach ar an uile rud. Bhí achan rud bun os cionn, mo chroí, mo bhrú fola, mo cholaistéaról, fiú m ’ amharc súl! Nach suífeadh an liathróid bheag sin a choíche? Ansin tháinig moilliú uirthi agus cha raibh sé de dhánacht ionam amharc. Scread an folt chiardhonn, “ uimhir a 5” agus bhí an ceart aici! Chreid mé í! Dá mba fionnbhán a bhí sí ……… Is mór an marc a fhágann 40,000 euro, ar phóca taobh istigh duine agus ar fholt chiardhonn. “ C ’ ainm atá ort, mo chailín chaomh? a d ’ fhiafraigh mé di le linn dúinn a bheith ag fanacht leis an traein. “ Bhéarann daoine Ifreann orm agus bhéarann daoine eile na Flaitheas orm. Bíodh do rogha de sin agat. Bhí mé go díreach iontach buíoch agus shocraigh mé go rachainn ar ais lá eile leis an léine úr a fháil a cheannaigh mé an mhaidin sin in Galeria Lafayette. Seacht scadáin deoladh an bhradáin, Seacht mbradáin deoladh na muice ma- ra, Seacht muca mara deoladh an mhíl mhóir. * * * Le neach ní ligfidh mé rún, Go dtige muir ón taobh ó thuaidh, Go dtreabha na caoirigh na cnoic Is go mbeire na moilt na huain. * * * Beagán go minic a líonas an sparán. * * * Ní tine mhaith cócaire tapaidh. * * * Is deas do do bhéal an rud a mholfas tú. * * * Is minic a bhíos rath ar riabhóg nuair a theannas sciamhóg amú. * * *
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3