Guth Ghoill, Eagrán 34

Eagrán 34 Samhain 2010 8 Smaointe. Nuair a bhí mé ar cuairt in Éirinn leis an teaghlach an samhradh seo thart, tháinig a lán smaointe ar ais chugam. Tá cónaí orm anois i Singeapór le mo bhean, Áine, agus triúr dár seisear páiste, sin Cliodhna, Fiachra agus Fionnuala atá ina gcónaí linn go fóill. Tá beirt de na páistí, Daire agus Niamh, ag déanamh staidéir sna Stáit Aontaithe agus tá an gasúr is sine, Oisín, ag obair anois i mBéal Feirste. Is minic a insím do mo theaghlach fán saol a bhí agam ag fás aníos sna Dúnaibh nuair nach raibh mórán againn ach saibhreas na gcomharsan maith agus an saol a bhí slán agus simplí ag an am. Ag an am sin shíl muid fhéin agus shíl ár dtuismitheoirí go dtabharfadh oideachas maith an pas dúinn chun éalú as an áit le saol níos fearr a dhéanamh dúinn fhéin. Le linn ár laethanta saoire i mbliana thug mé an teaghlach ar fud na h-áite agus thart ar Chúrsa na Farraige (Atlantic Drive) agus stop muid ag áiteacha a thug chun cuimhne rudaí ar leith a bhí tábhachtach i m’óige. An áit ba thábhachtaí acu seo ar ndóigh ná Scoil Náisiúnta Dhoire a 'Chasáin, áit a raibh m’athair, Jack, mar Phríomhoide. Chuaigh an chlann uilig, mo chúigear deartháir agus ceathrar deirfiúr go dtí an scoil sin. Nuair a bhím ag amharc ar an phictiúr agus mé le mo chuid deartháireacha, Ciarán, Aedán, agus Seán agus mo dheirfiúr Eth- na (Go ndéana Dia trocaire uirthi), a tógadh taobh amuigh den scoil am éigin luath sna sea- scaidí tagann cineál d’eagla orm nuair a smaoiním fán méid a bhí taobh thiar de na ballaí. Tá sé fíor go raibh sé ina oideachas bunscoile iontach a chuidigh go mór le go leor daoine óga a dhul ar aghaidh go dtí saol níos fearr nó, ar a laghad, thug sé na huirlisí dóibh maireachtáil in áiteacha ina raibh deacrachtaí nuair a rachadh siad thar lear. D'fhoghlaim muid ainmneacha na dtíortha agus na gcathracha thar sáile ó Shli- geach go Santiago, ó Sydney go Shanghai. D’oscail sé suas ár samhlaíocht agus spreag sé muid le bealach a fháil amach as ár saol simplí i Ros Goill, tuilleadh oideachais a fháil agus slí beatha a shaothrú nuair nach raibh sé furasta é sin a dhéanamh sa bhaile. Ní raibh a fhios againn ag an am sin cad é chomh tábhachtach is a bheadh an t-oideachas sin a fuair muid sa tseanscoil sin. Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar na múinteoirí móra na laethanta sin, m’athair, Maxie agus Madge. Bhéarann sé sásamh domh i gcónaí buaileadh le daoine a bhfuil ceangal acu le scoil Dhoire a’ Chasáin agus cuireann sé iontas orm i gcónaí an 'líonra' no ‘network’ de dhaoine ar fud an domhain atá cean- gailte leis an scoil. Nuair a bhí mé ag imeachtaí a bhí ag Rialtas na hÉireann ar an ócáid a raibh siad ag oscailt an Halla Éireannach ag an Expo i Shanghai cúpla mí ó shin bhí mé ag caint le fear as Albain a raibh Michael Bradley air. Tá cónaí air sa tSín agus ba é an t-ailtire a rinne taispeántas na hÉireann a thógáil ag an Expo. Dúirt mé fhéin leis go gcaithfidhse le hainm mar Bradley go dtáinig a mhuintir as Dóire nó as Dún na nGall. Dúirt sé liom go raibh an ceart agam ach go dtáinig siad as áit an-bheag agus nach mbeadh eolas ar bith agamsa faoi. D'fhiafraigh mé dó ansin cad é ‘n áit a raibh sé ag caint faoi agus dúirt sé liom go raibh sé in aice le Doire a’Chasáin. Tharla sé gur nia (nephew) de Phad- dy, Frank, Joe agus Mark Bhoyde ó Ghorta Móra (nó Broadmeadows mar a dhéanann Jimmy Carr tagairt dó !!!) a bhí ann. Cé dúirt go raibh an saol mór! Ach cha dtig liom dearmad a dhéanamh nuair a chuimhním ar an eagla a bhíodh orm roimh na francaigh móra agus iad ag amharc aníos fríd an urlár bhriste le taobh na tine, ag amharc, is dócha, go bhfeicfeadh siad an raibh arán ar bith ina luí thart fán urlár nó istigh sna málaí a bhí ina luí foscailte. Bhí cineál de sheanphianó nó harmonium istigh sa choirnéal agus rinne na francaigh cónaí ann in amanna. Dúirt mo dheirfiúr, Maureen go raibh sí ina suí ag an harmonium lá amháin agus nuair a bhrú sí síos Sa phictiúr seo, ó chlé, tá Aedán, Ciarán, Seán, Ethna agus Déaglán

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3