Guth Ghoill, Eagrán 34
Eagrán 34 Samhain 2010 9 ar na troitheáin (pedals) tháinig francach mór amach ar a cos. Mar a deireadh na seandaoine a bhíodh thart ag an am sin 'Dhia ár sábháil'. Char mhothaigh mé an focal ‘harmonium’ ariamh arís i ndiaidh domh na Dúnaibh a fhágáil. Mar ghasúr óg bheadh eagla ort ag dul amach go dtí an leithris ar chúl na scoile ar eagla go bhfeicfeá ceann eile! Ní fhágann na cuimhní sin mé agus ní féidir liom a thuiscint cad chuige nach raibh an scoil druidte i bhfad sula deachaigh na tuismitheoirí áitiúla ar stailc timpeall 1964/1965. Bhí am den scoth ag na páistí eile uilig i rith na stailce sin ach cha raibh am maith ar bith againne, mar bhí ar chlann an mháistir freastal ar an scoil achan lá den stailc. Muid fhéin agus na francaigh!!! ‘Ah a bhrathair ….níl an domhan comh féaráilte agus a shíl muid. Athraíodh an scoil ansin go sealadach go dtí Choláiste Ros Goill, sin go dtí gur osclaíodh an scoil úr, Scoil Naomh Bríd, sa bhliain 1969. Bhog mé siar go Coláiste Na Croise Naofa ar an Fhál Charrach chun leanúint leis an oideachas gharbh, an cineál oideachais a bhí go forleathan na laethanta sin. Níl mé chun a ainm a lua ach tá Easpag i nDoire nach bhfuil mé rócheanúil air i ndiaidh domh cúig bliana a chaitheamh faoina dhorn. Le linn an ama sin bhí tuiscint níb fhearr agam ar cé chomh doiligh is a bhí am an Ghorta Mhóir mar go raibh orainn prátaí dubha a ithe agus cuid mhór uisce a ól achan lá. Is cuimhin liom lá amháin go raibh crumhóga istigh san fheoil agus nuair a rinne muid gearán fá dtaobh de dúradh linn nach ndéanfadh sé dochar ar bith dúinn! Bhí mé breá sásta an áit sin a fhágáil agus mo bhealach a dhéanamh go Coláiste na hOllscoile i nGaillimh. I ndiaidh domh a bheith ag obair i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh rinne muid ár mbealach go dtí an Ollainn agus as sin go Jakarta san Indinéis agus ar deireadh thi- ar thall Singeapór, áit a bhfuil mé ag cur fúm anois. Tá sé iontach amach is amach seanchairde a fheiceáil nuair a bhíonn siad ar a mbealach chun cuairt a thabhairt ar ghaolta nó ar chairde san Astráil nó sa Nua-Shéalainn. Tá fáilte i gcónaí roimh dhuine ar bith as Ros Goill más rud é go mbíonn siad ag taisteal fríd an áit seo. Tháinig Charlie Phat agus a bhean chéile, Liz, fríd cúpla seachtain ó shin. Seanchara de mo chuid atá i Charlie agus bhí go leor cuimhní againn fá na laethanta a chaith muid le chéile ar an Fhál Charrach agus ansin in Ollscoil na Gaillimhe. Rinne an cúpla pionta Guinness a d’ól muid le chéile na cuimhní sin a spreagadh. Chonaic an teaghlach uilig an áilleacht iontach a bhain le Ros Goill le cuairteanna ar Thrá Na Ro- sann, An Murder Hole , An Meall Mór, An Poll Gorm agus go leor eile. Nuair a bhí na laethanta saoire thart, droim tugtha againn do Ros Goill agus muid ar ár mbealach amach Loch ‘s Alt is cinnte go raibh ár n-intinn lán cuimhní iontacha agus aghaidh a thabhairt againn ar Shingeapór. Dúirt an teaghlach uilig gurbh iad na laethanta saoire ab fhearr a bhí acu ariamh . Ba dheas é an ceangal le talamh m'óige a thabhairt dóibh mar is saol ana-éagsúil atá acu i bhfad i gcéin. Cé nach raibh mórán againn i laethanta m'óige mheabhraigh mé dóibhthe arís agus arís eile go raibh rud inteacht i bhfad ní ba thá- bhachtaí againne ná maoin an tsaoil agus ba sin flaithiúlacht agus cineáltas iontach na gcomharsan agus ní dhéanfaidh mé dearmad do sin a choíche. Go raibh maith agaibh muintir na nDúnaibh agus Ros Goill. Ár mbuíochas go háirithe do Mhairéad agus don fhoireann uilig in Óstán na Trá. Bhí sibh go hiontach. Charlie, Liz, Áine agus Déaglán i Singeapór
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3