Guth Ghoill, Eagrán 35
Eagrán 35 Nollaig 2010 10 maidin, mé fhéin agus Nuala agus thug muid An- thony linn agus thiomáin muid dhá chéad míle, amach fríd na Pyrenees, go Lourdes. Tá cuimhne agam nuair a bhí muid ag dul fríd na Pyrenees tháinig titim creathnach fearthainne agus tuile uisce ar an bhealach a bhí chomh olc sin gurbh éigean domh tarraingt isteach nó go nífeadh sé an carr den bhealach. Mhair sé thart fá leathuair agus chan fhaca mé a dhath ariamh cosúil leis. Char chaith muid ach b ’ fhéidir fiche bomaite nó leathuair i Lourdes agus thiomáin muid dhá chéad míle ar ais go dtí an ionad campála arís. Nuair a shroich muid Perpignan chuir muid an braon deireanach uisce sa charr agus cha raibh orainn a dhath níos mó uisce a chur sa charr go dtí go raibh muid ar ais ar an Ghlíob arís. Caith- fidhse go ndearna Lourdes an jab!! Chaith muid thart fá ocht lá in ionad campála Argeles an t - am sin. Thug muid cuairt ar an Spáinn agus ar thraidhfil de na fíonghoirt sa Fhrainc. Bhí achan saghas torthaí agus glasraí galánta le fáil ann, rudaí nach bhfeicfeá sa bhaile ag an am agus éagsúlacht mhór éisc le fáil. Is cuimhin liom fosta dul isteach sa siopa thall ansin agus cha raibh a dhath le feiceáil ach fíon, i rith an bhealaigh síos an cosán, agus é chomh saor sin. Cha dtiocfadh liom fáil thairis. Chur muid carnán fíona isteach sa bhúit sular fhág muid agus bhí níos mó fíona ‘ na bhaile linn ná bhí sna sio- paí thart anseo ag an am. Sa bhaile Arís. Tháinig muid abhaile slán agus muid uilig dóite leis an ghrian. Tamall ina dhiaidh sin bhí Nuala ag rá go raibh tormán de shórt inteacht i gcúl an chairr agus d ’ fhág mé í thuas ag Josie Shiels mai- din amháin. Chuaigh mé ar ais tráthnóna fána coinne agus d ’ fhiafraigh sé domh caidé a bhí mé ag déanamh leis an charr. “ Cad chuige ”? arsa mise. “ Bhuel ” a dúirt sé, “ tá an dá spring deiridh briste ”. Chan iontas ar bith! Chuir an turas sin tús lenár gcuid taistil thar lear. Ba ghnách linn imeacht sa charr áit inteacht darna achan bhliain ina dhiaidh sin, go Monte Carlo, go dtí Loch Garda san Iodáil, go minic go dtí an Fhrainc, agus thug muid cuairt ar ais ar Argeles arís i 2008, ach bhí mise sa suíochán cúl an t - am sin. É sin uilig ráite, ba é an chéad turas a rinne muid go dtí Argeles an ceann is mó a d ’ fhan linn agus a thagann aníos sa chomhrá go fóill nuair atá muid inar suí thart ag an tábla. DON OÍCHE ÚD I MBEITHIL. Don oíche ud i mBeithil, beidh tagairt ar ghrein go brach, Don oíche ud i mBeithil go dtainig an Bhreithir slan; Ta gríosghrua ar spearthaibh 's an talamh 'na chludach ban; Feach Iosagan sa chleibhín, 's an Mhaighdean A dhiul le gra. Ar leacain lom an tSleibhe go nglacann na haoirí scoth Nuair in oscailt ghil na speire ta teachtaire De ar fail; Cead gloire anois do Athair i bhFlaitheasaibh thu- as go hard, Is feasta fos ar talamh d'fhearaibh dea - mhein sío- chain!
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3