Guth Ghoill, Eagrán 35
Eagrán 35 Nollaig 2010 11 Feadaímó Tá Séamaí ar shiúl i dtreo Thír Chonaill agus corp Choilm leis i mála mine ar dhroim capaill. Tá Feadaímó is na boic eile i gcathair Dhoire agus iad ar lorg an Colonel Albertson. Tá Domhnall mar phríosúnach aige agus fosta tá airgead an táin ina sheilbh. Bhí siad ina seasamh i gcearnóg “ King George ” agus iad ag amharc suas ar bheairic na saighdiúirí ar bharr sráid William. Chonaic siad beirt shaighdiúir ag siúl anonn agus anall os comhair an gheafta agus muscaeid ar a ngualaí acu. Bhí balla ard thart ar an bheairic agus saighdiúirí ina seasamh ag amharc amach ar na sráideanna agus b ’ fhéidir daichead slat idir achan duine acu. Anois is arís d ’ fhágadh colún saighdiúirí le dhul ar phatról thart fán chathair agus amanna eile d ’ fhágadh trúpa Dragún ar chapaill. “ Is dóiche go bhfuil na dragúin ár gcuardach ” arsa Feadaímó, “ tá shúil agam nach mbeireann siad ar Shéamaí. ” “ Bhail, ” arsa Tuathal, níl neart againne ar sin anois. Má fhanann muidinne inár seasamh anseo i ngrúpa ní bheidh sé i bhfad go mbeidh duine inteacht ag cur ceisteanna. ” “ Téigí isteach i dteach óstais inteacht, ” arsa Feadaímó, “ agus rachaidh mise go bhfeicfidh mé an dóigh is fearr le fáil isteach go dtí an bheairic. Níl maitheas ar bith dúinn a bheith ag smaoineamh ar dhul isteach i rith an lae, mar tá i bhfad a bharraíocht saighdiúirí ar choimhéad fán áit. ” “ Níl air- gead ar bith againn le bheith ag siúl isteach áit ar bith, ” arsa Seán. “ Tá trí scillinge fágtha agamsa ó air- gead na mine, ” arsa Feadaímó, agus thug sé é do Sheán. “ Chan rud é, ” a dúirt sé, “ go bhfuil sibh ag iarraidh a bheith ólta agus obair le déanamh againn nuair a thiteas an oíche. ” Shiúl Paidí anonn chuige agus d ’ amharc sé suas ar an bheairic. Labhair sé ina chogarnach le Feadaímó sa dóigh is nach gcluineadh na boic eile é. “ Bíodh thusa cinnte, a fhir óig, ” a dúirt sé, “ nach tubaiste ar bhuin tu- baiste atá i ndán dúinn leis an bheairic sin. Tá fear am- háin marbh agus Domhnall faoi ghlas gan trácht ar an táin a bheith caillte. Caithfidh tú smaoineamh ar phlean ina bhfuil ar a laghad deis éalaithe againn má théann rudaí i dteannas orainn. Mar a dúirt mé, tá mé leat, agus cha bhímse i bhfolach nuair atá muid i mbun oibre, ach tá mé ag rá leat a bheith cúramach. B ’ fhearr liom an cat mara ná a bheith mar phríosúnach ag na saighdiúirí. ” “ A Phaidí, ” arsa Feadaímó, “ má shílimse go bhfuil sé róchontúirteach daoibh déanfaidh mé an jab mé fhéin. Bíodh muinín agat ionam agus lig domh cinneadh a dhéanamh ar seo. Chan seo an chéad uair domh briseadh isteach i mbeairic. ” Thiontaigh sé thart. “ A fheara, an bhfeiceann sibh an teach óstais sin thall, ‘ The Ploughman? ’ Fanaigí ansin orm, cha bhím i bhfad. ” D ’ imigh sé i dtreo na beairice agus d ’ amharc an chuid eile air agus é ag siúl mar fhear nach raibh buaireamh de shórt ar bith ag cur isteach air. “ Tá crógacht san fhear sin, ” arsa Tuathal, “ tá shúil agam go díreach go bhfeicfidh sé dóigh amach as an fhaopach ina bhfuil muid. ” Bhí duine de na saighdiúirí ag amharc ar Fheadaímó agus é ag teacht aníos an tsráid ina threo. Dúirt Feadaimó paidir bheag leis fhéin nach raibh an saighdiúir seo i gcuideachta Colonel Albertson nuair a d ’ éalaigh sé uathu an oíche fá dheireadh. Thosaigh sé ag feadaíl ar nós cuma liom ach choinnigh an saighdiúir a shúile air. Bhí sé rómhall d ’ Fheadaímó a dhath eile a dhéanamh ach coinneáil ag dul. Le sin thiomáin cairt amach an geafta agus é lán de bhairillí móra adhmaid. Sheas an saighdiúir eile amach agus stad an chairt. “ Wat ’ s your urry then, Paddy? ” a dúirt sé leis an bheirt a bhí ar an chairt. An saighdiúir a bhí ag coimhéad ar Fheadaímó, shiúl sé thart ag amharc isteach sa chairt. The quartermaster told me to hurry up and get back to the brewery sharpish like. ” arsa an tiománaí. He wants another load of ale delivered for the officers ’ ball tonight. ” “ Best we not keep you then, ” arsa an saighdiúir, “ we ’ ll see you later. ” “ You won ’ t see me, ” arsa an tiománaí, “ I ’ m finished me day with this load of empties. ” “ Lazy, sod, ” arsa an saighdiúir. Labhair an saighdiúir eile leis an tiománaí ansin. “ Wat ’ s with your mate then? Paddy, don ’ t he got notin to say for hiself, eh? ” “ Jimmy hasn ’ t much, English, sir, ” arsa an ti- ománaí. “ Bloody bog Irishman, ” arsa an saighdiúir, “ go on then, be off with you .” Thiomáin an chairt léi. Chuala Feadaímó an comhrá seo uilig agus é ag amharc isteach an geafta. Bhí aird na saighdiúirí dírithe ar an chairt agus cha dtug siad é faoi deara. Chonaic Feadaímó go raibh cuma ghnóthach ar rudaí istigh sa bheairic. Bhí saighdiúirí ag iompar cathaoireacha ó halla amháin go halla eile agus bhí searbhóntaí ina rith thart agus achan sórt ábhar a iompar acu. Nuair a bhog an chairt shiúl Feadaímó leis suas an tsráid agus thart an coirnéal. Achan uair a d ’ amharc sé suas ar na ballaí bhí saighdiúir eile ag amharc anuas air. “ Cad chuige, faoi Dhia, a bhfuil siad chomh coimhéadach seo, ” a dúirt sé leis fhéin. Bhí na ballaí fiche troigh ar airde ar a laghad agus chan fhaca sé go fóill ach geafta amháin ar an áit. Shiúl sé thart ar an bheairic uilig ach cha raibh ach doras mór trom amháin ar a cúl agus cuma air nár fosclaíodh é le blianta fada anuas. Sheas sé i ndoras siopa ar feadh tamaill ag amharc ar an áit. “ Can I help you? ” Thiontaigh Feadaímó agus chonaic sé fear an tsiopa ina sheasamh ag a thaobh. “ No thanks, ” arsa Feadaímó, agus d ’ imigh sé. “ Lorda, ” a dúirt sé leis fhéin, “ tá sé doiligh cúig bhomaite a fháil sa chathair seo gan duine inteacht a bheith ag cur ceiste ort. ” Chuaigh sé ar ais chuig an Ploughman agus shiúl sé isteach. Bhí na boic uilig ina suí thart ar thábla faoin fhuinneog agus gloine leanna os comhair achan fhear acu. “ Níl cuma ort go bhfuil tú róshásta, a Fheadaímó, ” arsa Tuathal nuair a shuigh sé ag an tábla, “ nach bhfuil scéal maith agat dúinn? ” “ Fan go bhfaighidh mé pionta duit, a ghasúir, ” arsa Seán, agus chuaigh sé go dtí an chuntar. Bhí triúr fear eile ina suí ag an chuntar agus anois is arís thiontódh siad le hamharc ar bhaicle Fheadaímó. “ Bhail, a fheara, ” arsa Feadaímó, “ cé gurb fhearr liom áit níos príobháidí ná seo, caithfidh mé a rá libh nach bhfuil seo dul a bheith furasta. Dóbair gur thit an lug ar an lag orm nuair a rinne mé scrúdú ar an bheairic. Cha dtiocfadh liom bealach isteach, a bheadh sábháilte dúinn, a fheiceáil ar chor ar bith. Ach, tá plean agam anois. ” D ’ amharc sé thart orthu uilig. Fir mhuiníneach a bhí iontu uilig. Sheasfadh siad a bhfód dá dtiocfadh teann orthu agus bhí a fhios aige go dtiocfadh leis brath orthu. “ An bhfuil sibh uilig liom? ” a dúirt sé, agus
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3