Guth Ghoill, Eagrán 35

Eagrán 35 Nollaig 2010 12 tháinig freagra dearfa ar ais chuige uathu uilig. Mhínigh sé an plean deofa. “ An bhfuil a fhios agat seo, a Fheadaímó, ” arsa Paidí, “ más féidir linn seo a dhéanamh beidh siad ag ceol amhráin fá dtaobh dúinn ar feadh blianta fada amach anseo. ” Thosaigh siad uilig ag gáire. “ A Sheáin, ” arsa Tuathal, “ an bhfuil luach deoch eile againn? ” “ Tá leoga, arsa Seán, agus sílim go mbeidh sé de dhíobháil ’. Cúpla uair ina dhiaidh sin bhí Feadaímó agus Seán ina seasamh taobh amuigh den ghrúdlann ag coimhéad na gcairteacha ag dul isteach is amach. “ Níl a fhios agam cad é atá á gcoinneáil, ” arsa Feadaímó, “ ba chóir go mbeadh cairt ag dul suas i dtreo na beairice roimhe seo. ” “ Bíodh foighid agat, a fhir óig, ” arsa Seán. “ Tiocfaidh siad nuair ….” stad sé ag caint ansin mar bhí cairt ag teacht amach agus lód mór bairillí uirthi. Thiontaigh sí i dtreo na beairice agus lig Feadaímó osna as. “ Buíochas le Dia ” a dúirt sé, agus thosaigh an bheirt acu ag leanstan na cairte. Bhí Tuathal ag fanacht i bpáirc cathrach ar thaobh an bhealaigh agus chonaic sé an chairt agus an bheirt a leanstan. Shiúl Tuathal amach agus stad sé i lár an bhealaigh. Chuir sé suas a lámh agus tharraing an tiománaí na srianta. “ Woah, a scairt sé, agus stad an chairt. “ What do you think you ’ re at? ” a dúirt sé le Tuathal. “ An bhfuil Gaeilge ar bith agat? arsa Tuathal leis. “ Tá neart Gaeilge agamsa agus ag mo chara anseo, ” arsa an tiománaí. “ B ’ fhéidir go ndíolfá ceann de na bairillí sin liom, ” arsa Tuathal. “ Cha dtig liom, ” arsa an tiománaí, “ caithfidh an lód seo dul isteach na beairice. Tá fiche bairille a dhíth orthu agus sin an méid acu atá liom. Tá an ghrúdlann thíos ag bun na sráide ansin agus díolfaidh siad bairille leat. ” “ Cad é ’ n cineáil luach a bheadh ar bhairille, ” arsa Tuathal. “ Ó, leoga, gheofá ceann ar dheich scillinge déarfainn, ” arsa an tiománaí. “ Dá dtabharfainnse punta duit ar cheann cad é a déarfá? ” “ Bheinn ag cur ceiste ort fá cad chuige a dtabharfá punta air ar bharr na sráide nuair atá sé ar fáil ag bun na sráide ar dheich scillinge. ” “ Bheadh orm é a iompar ansin, ” arsa Tuathal, “ agus tá droch - dhroim orm. ” D ’ amharc an tiománaí ar a chara is chroith an fear sin a ghuaillí ar nós cuma liom. “ Thiocfadh linn a rá gur thit bairille den chairt, ” a dúirt sé leis an tiománaí. “ agus cá háit a mbeadh orm dul leis an bhairille seo le punt a fháil air, ” arsa an tiománaí. “ Síos leath bealaigh ar an tsráid bheag sin, ” arsa Tuathal, agus a mhéar dí- rithe ar sheanteach. “ Tchíonn tú an teach sin a bhfuil a dhoras foscailte ansin. Bheinn iontach buíoch díot. ” “ Hup, hup, ” arsa an tiománaí. Sheas Tuathal amach as an chosán agus chuaigh an chairt isteach ar an tsráid. Chan fhaca duine ar bith den bheirt ar an chairt go raibh Feadaímó á leanstan i gcuideachta Thuathail. D ’ fhan Seán ar an choirnéal ar faire. “ C ’ ainm atá ort? ” a scairt Tuathal leis an tiománaí? “ Peadar atá orm, ” arsa an ti- ománaí, agus is é seo Jimmy ag mo thaobh anseo. ” “ Caithigí bairille isteach ansin, a Pheadair ” arsa Tuathal. “ Taispeáin an punta domh agus déanaimid sin, ” arsa Peadar. Le sin léim Feadaímó suas agus fuair sé greim muineáil air agus tharraing sé é den chairt. Rinne Tuathal amhlaidh le Jimmy agus tugadh an bheirt acu isteach ‘ na tí. Bhí Éamonn agus Paidí istigh rompu agus cheangal siad lámha agus cosa na beirte sula raibh a fhios acu cad é a bhí ag tarlú. “ Faoi Dhia, cad é atá dul ar aghaidh anseo? ” arsa Peadar. “ Tá brón orm, ” arsa Tuathal, “ ach tá iasacht na cairte a dhíobháil orainn agus cha shílim go mbeifeá sásta sin a thabhairt dúinn. ” Tho- saigh Peadar ag caint arís ach chuir Éamonn bratóg thart ar a bhéal le é a choinneáil socair. Rinne Paidí an rud céanna le Jimmy agus fágadh an bheirt thíos sa siléar. Chuaigh siad uilig amach go dtí an chairt ansin. “ Tógaigí cúigear acu sin isteach, ” arsa Feadaímó, “ agus doirtigí amach an bheoir. ” Chuir Tuathal a lámha ar bhairille ach cha raibh sé ábalta é a bhogadh. “ Lorda, tá siad trom, ” a dúirt sé. Thóg Feadaímó an bairille anuas mar a bheadh bábóg ann agus d ’ fhág ar an chosán é. Nuair a bhí cúigear acu ar an talamh aige thóg sé ceann acu agus chuir ar a ghualainn é agus shiúl sé is- teach go dtí an teach. D ’ amharc an triúr ar a chéile agus ansin chuaigh Tuathal agus Éamonn le chéile agus d ’ iompair siad ceann isteach. Chuir Paidí ceann acu ar a thaobh agus thosaigh sé a rolladh chun ‘ a tí. Baineadh na cláir do na bairillí agus doirteadh an bheoir ar an urlár. “ Nach millteanach an cur amú sin? “ arsa Paidí. “ Níl neart air, ” arsa Feadaímó, agus d ’ iompair sé dhá bhairille folmha amach chun na sráide. Chuaigh Feadaímó suas ar an chairt agus bhog sé cuid de na bairillí thart. “ Cuirimid na cinn ata folamh istigh i lár báire, ” a dúirt sé. Lig sé feadaíl as agus tháinig Seán isteach a fhad leo. D ’ amharc Feadaímó thart ar an tsráid. Cha raibh duine ar bith le feiceáil. “ Maith go leor, ” a dúirt sé, “ Éamonn agus Paidí isteach sna bairillí libh. A Thuathail, tá tusa ag tiomáint agus beidh Séan leat. Beidh ormsa dul faoin chairt mar níl na bairillí mór go leor domhsa. ” Nuair a bhí Éamonn agus Paidí sna bairillí chuir Feadaímó na cláir orthu. Fuair sé píosa de rópa agus cheangail sé é fhéin do bhun na cairte. “ An bhfuil tú réidh, a Fheadaímó? ” a scairt Tuathal. “ Tá, a Thuathail, tiomáin leat ”. Beidh an chuid eile sa chéad eagrán eile .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3