Guth Ghoill, Eagrán 35
Eagrán 35 Nollaig 2010 16 Tá daichead teaghlach agus trí scór go leith páiste páirteach i scéim pleanála teanga Chéim Aniar anois agus neart imeachtaí, a leithéidí: drámaíocht, agallamh beirte, filíocht, ceol uirlise, amhránaíocht, cluichí intinne agus cluichí spóirt ar siúl dóibh i ndiaidh am scoile. Bhéarann na hOícheanta Gaelacha deis do na teaghlaigh uilig teacht le chéile agus deis do na páistí an méid atá ar siúl acu i rith na bliana a chur i láthair an phobail. Bhí an oíche is déanaí againn in Óstán na Trá Dé Sathairn, 11 Nollaig agus roimh dheireadh na hoíche bronnadh coirn ar bheirt chailín agus ar bheirt ghasúr - Han- nah Ní Chanainn Uí Chatháin agus Micheál Ó Coileáin a bhí ainmnithe mar rannpháirtithe na bliana ag imeachtaí Chéim Aniar agus Rebecca Nic Nuadht agus Micheál Ó Cathasaigh a bhí ainmnithe mar na rannpháirtithe ar tháinig an feabhas ba mhó orthu i rith na bliana. Comhghairdeas libh a pháistí. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Susan Ní Ghallachóir, le Róisín Ní Bhuaidhe agus le Máire Mhic Suibhne a chuidigh linn ar an oíche. Ó chlé tá, Proinsias Ó Cuilinn, Hannah Ní Chanainn, Micheál Ó Coileáin, Rebecca Nic Nuadht agus Micheál Ó Cathasaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3