Guth Ghoill, Eagrán 35
Eagrán 35 Nollaig 2010 5 cosuil. Cibe a tharla thiontaigh an bad agus caitheadh Micí san uisce. Cha raibh snamh ar bith aige agus badh e sula rabhas abalta tarrthail a thabhairt air. Is cinnte gur fhag an tragoid mhillteanach seo an ceantar faoi ghruaim agus faoi smuid ar feadh fada go leor. Cha raibh se ach ceithre bliana is fiche. Fuair Hughie Fhanada bas i 1968, Dinis ‘ Ac Fhionlaoch sa bhliain 1987 agus ansin sa bhl- iain 1988 fuair Marie fhein bas. Teach Chonnor. Ba deirfiur le Marie, sin Nancy Nic Fhionlaoch, a bhí posta ar John Connor as an Mhuirleog, na chead tionontaithe a bhí sa tríu teach. Tho- saigh siad a thogail a gclainne anseo ach fuair Nancy bas agus d ’ aistrigh an teaghlach go hAl- bain. Sa bhliain 1949 a chuaigh Doimnic Ó Conchuir as an Mhaol Ruaidhe, (cha raibh gaol ar bith aige leis an John Connor a bhí sa teach roimhe) agus a bhean Bidí Uí Luodhog (Bidí Den Sheamais) a chonaí sa teach. Cuigear clainne a bhí acu, ceathrar mac, Danny, Charlie, Johnny agus Manas agus iníon amhain sin Mary There- sa. Chuaigh Danny, Charlie, Manas agus Mary thar lear lena gcuid a shaothru ach d ’ fhan Johnny fa bhaile, ait ar chleacht se ceird na peinteireachta, an cheird a bhí ag a mhuintir roimhe. Ba go Sasana a chuaigh Danny agus Charlie agus chuaigh Maire agus Manas go Me- iricea. Fuair Charlie bas i mí Feabhra na bliana 2008. Thainig Manas agus a theaghlach ‘ na bhaile roinnt blianta o shin agus thog siad teach ur i nDun Mor agus lean Manas ar aghaidh fosta ag cleachtadh ceird a mhuintire. Ta Mary posta i Philadelphia agus ta Danny i gconaí i Sasana. Ba seo clann ar chaith me fhein pairt mhaith de m ’ oige leo. Bhíodh muid ag imirt peile, gailf agus buachaillí bo, amanna eile bhíodh muid thall fa chearta Mhic Gairbhe, thíos fan chladach agus fa bhadchlos Mhíobhaigh, ag pi- ocadh cnoanna fan Tamhnach no b ’ fheidir is- tigh i ngairdín ull Mhosey ag goid ull. Agus, dar ndoigh, b ’ iomaí la a chaith muid fa na cuibhrinn a bhí sa Lag ag cur phrataí do mhuintir Isaac no a gcruinniu ag deireadh an Fhomhair. Chuireadh Den Mhaire a bhí ar fos- tu ansin go mor leis an ghreann, e ag magadh fuinn, ag cleasaíocht agus ag cur dallamullog orainn. Go minic bheadh di- abhlaíocht de chineal eigin ar siul againn mar a bhíos ag buachaillí oga. Bhí rud inteacht i gconaí le deanamh againn agus char mhor ar dtuiscint ar an fhocal ‘ bored ’. Ba dhaoine fial agus flaithiuil a bhí in Doimnic agus Bidí le dhul isteach acu agus bhí teilifís acu o thus na seascaidí agus ba mhor an tarraingt a bhí anseo ag an am, go hairithe don mhuintir og. Bhí feith an ghrinn i nDoimnic rud a d ’ fhag greann i gconaí sa chomhra. Fuair Doimnic bas i mí Feabhra na bliana 1994 agus traidhfil blianta ina dhiaidh sin, mí Feabhra 1997 fuair a bhean Bidí bas. Ta a mac Johnny ina chonaí sa teach seo anois. Ar cúl, ó chlé tá Marie Carr, agus Mary Burke. I lár, ó chlé tá Mary McAtasney, John Carr agus Mary Ní Chonchúir. Chun tosaigh, ó chlé tá Danny, Johnny agus Charlie Ó Conchúir
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3