Guth Ghoill, Eagrán 35

Eagrán 35 Nollaig 2010 6 An Chéad ‘ Singing Lounge ’ Nuair a bhí mise i mo dhéagóir, ba iad na Beatles & na Rolling Stones sa Bhreatain agus Jim Reeves, Larry Cunningham agus na Showbands in Éirinn, a bhí i mbarr a réime. Bhí athruithe móra tagtha ar an saol. Níor léadh an tAifreann i Laidin ní ba mhó agus b ’ éigean do na sagairt aghaidh a thabhairt ar an phobal agus iad ag léamh an Aifrinn. Bhí caint fosta go rachadh Éire isteach sa Chomh - Mhargadh Eorpach. Bhí an tír ag déanamh dul chun cinn ó thaobh tionsclaíochta de agus cha raibh iomrá da laghad ar na Trio- blóidí i dTuaisceart na hÉireann. Bhí athrú mór tagtha ar na tithe tábhairne chomh maith agus anois bhí sé inghlactha go rachadh mná agus fiú páistí isteach iontu, rud nach raibh iomrá air cúig bliana roimhe seo. Dalta go leor eile, bhínn ag déanamh obair shamhraidh achan bhliain, idir ‘ chaddyáil ’ ar Ghalfchúrsa Ros na Binne agus ag obair i mo- narcha Mhic Nuadhat sna Dúnaibh ach thart fan bhliain 1964 fuair mé post samhraidh sa ‘ Bhungalow ’ (an áit a bhfuil Óstán Bhá na nDúnaibh anois). Bhí mé i mo scoláire cónaithe i gColáiste Adhmhnáin, Leitir Ceanainn ag an am agus ba é an cúram a bhí orm ná bheith ag amharc i ndiaidh na mbádaí rámha a bhí acu, i rith an lae agus a bheith ag obair sa bheár san oíche. Bhí go maith agus cha raibh go holc agus b ’ éigean domh na sé bhád rámha a tharraingt anuas ó cheann na trá go dtí an fharraige achan mhaidin. Ansin bhí orm iad a choinneáil ar snámh fhad is a bhí an taoide ag líonadh nó ag trá. Mar sin, cé nach raibh mórán oibre i gceist i rith an lae, cha raibh mórán suaimhnis agat, toisc go raibh tú ag coinneáil súile ar an fharraige i rith an ama. Liginn amach ar cíos iad ansin do chuairte- oirí ar bith a raibh fonn orthu dul amach ag rámhaíocht agus leoga bhí siad gnóthach go leor sna laethanta sin mar cha raibh an oiread sin spórt farraige ag dul ag an am sin. Ansin, tráthnóna, b ’ éigean domh iad a tharraingt aníos go ceann na trá arís agus iad a fhágáil ansin go maidin. Bhain me sult mór as mo phost agus bhí cúpla scilling á shaothrú agam lena chois. Chuideoinn ar chúl an bheáir san oíche agus ba sin jab a raibh dúil agam ann fosta. Ansin lá amháin, tháinig bean a ’ tí fhad liom agus dúirt sí liom gur chuala sí gur sheinn mé ar an ghi- otár agus d ’ fhiafraigh sí domh ar cheol mé ar chor ar bith. Dúirt mise gur sheinn mé rud beag agus cha raibh mé cinnte an é ceol a tháinig amach as mo bhéal nó nárbh ea. Thug sí cuireadh domh triail a bhaint as ar feadh oíche nó dhó ar scor ar bith. Ní raibh agam ach giotár beag a bheifeá ag dul dó fán teach agus cha raibh micreafón ar bith ar fáil. Le scéal fada a dhéanamh gairid, rinne mé amhlaidh ar feadh cúpla oíche agus de réir dealraimh bhí sí sásta leis an toradh. D ’ iarr sí orm dul ag ceol san oíche, leanúint ar aghaidh leis na bádaí agus gan bacadh leis an bheár. Faoin am seo ba léir nach dtiocfaí leanúint ar aghaidh gan micreafón agus mar sin, chóirigh fear a ’ tí ceann a chrochfá thart ar do mhuineál ach leis an fhírinne a rá cha raibh maith ar bith ann mar nuair a thiocfadh barraíocht comhdhlúthaithe (condensation) air ó d ’ anáil, ní oibreodh sé. Mar sin fuair sé ceann nua domh agus fuair sé giotár leictreach ar cíos ó cheoltóir cáiliúil i gCarraig Airt, agus bhí linn! Caithfidh mé rá gur chuir sé iontas orainn uilig an méid daoine a thagadh is- teach san oíche. Níl mé ag rá gur de bharr fhea- bhas an cheoil a tháinig siad ach gur rud úrnua ar fad a bhí in seo. Ba é seo ceann de na chéad ‘ Singing Lounges ’ sa chontae, déarfainn, agus cha raibh an dara ceann idir seo agus Leitir Ceanainn ag an am. Bhuel, na hoícheanta ceoil agus craic a bhí ann, seacht n - oíche na seachtaine! Bhí meascán breá de chuairteoirí agus de mhuintir na háite ann agus nuair a chuaigh an scéal thart thagadh na sluaite. San am sin, dhruid na tithe tábhairne ag 11.30 agus muna raibh tú istigh roimh 7.45 ní raibh suíochán le fáil! Thosódh an ceol agus ba é an rud faoin am sin ná go raibh chor a bheith achan duine toilteanach dul leis an cheol agus bhí an baol ann oícheanta go dtógfadh siad an sean - díon stáin a bhí ar an áit, le neart a nglórtha, idir The

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3