Guth Ghoill, Eagrán 35

Eagrán 35 Nollaig 2010 7 Boys From the Co. Armagh, The Wild Rover, The Irish Rover, Sean South From Garryowen agus fiú amháin The Sash My Father Wore! Tá cuim- hne mhaith agam ar fhear ó Oirthear Bhéal Feirste, Joe Porter, scoth ceoltóra, a chaitheadh mí nó sé seachtaine anseo ar laetha saoire agus ba eisean a dhéanadh fear a ’ tí (go neamh - oifigiúil) agus ba ghnáth leis ceoltóirí a mhealladh aníos ón urlár achan oíche, chomh maith leis an cheol a rinne sé féin. Má thosaigh an ceol agus craic lu- ath sna laethanta sin, chríochnaigh sé luath fosta, féadaim inse duit. Sheasadh fear a ’ tí ag an doras ag fiche chun a dó dhéag agus thógadh sé racán millteanach ar fad ag scríobadh bonn dhá scilling ar an phána ghloine tréshoilseach (frosted glass). Dhéanfadh an racán seo thú a bhodhrú agus cha raibh an darna rogha ann ach imeacht! Bhí rudaí ag dul go maith sin an dara bliain, gur iarr siad ar Phatsy Mac Lochlainn ó Bhaile na nGallóglach, Grásta Dé ar a anam, dul in éin- eacht liom agus bhuaileadh an bheirt againn na seacht n - oícheanta, eisean ar an fhidil agus an saxophone agus mise ag ceol agus ar an ghiotár. Rachadh an slua ar mire ar fad nuair a thosódh Patsy ar an cheol Ghaelach (rud nach ndearna muid go dtí lár na hoíche, mar ní thiocfadh leat é a choinneáil suas ar feadh na hoiche!). Bhualadh sé Alexander ’ s Ragtime Band agus Turkey in the Straw a chéad uair agus nuair a chiúnódh an glamaíl, rachadh sé isteach in The Mason ’ s Apron, The Pigeon on the Gate agus The Woman and the Priest . Bhuel théadh an slua ar dhearg - mhire ar fad ansin! Níl cur síos ar an chraic agus ar an phléisiúr a bhí againn i rith an ama seo. Sílim gur mhair an socrú seo ar feadh dhá shéasúr. Ansin d ’ imigh mise go Sasana ag tús na bliana 1967 agus nuair a tháinig mé ar ais an sam- hradh sin, tháinig fear óg as Leifear, a sheinn ar an bpianó. Bhí aithne agam air mar go raibh sé cúpla bliain i mo dhiaidh i gColáiste Adhmhnáin ach ní raibh an bharúil chéanna againn maidir le cúrsaí ceoil agus níor oibrigh muid ach séasúr amháin le chéile. Ach maireann cuimhne na chéad trí bliana sin im ’ intinn go dtí an lá atá inniu ann, chor a bheith leath - chéad bliain ina dhiaidh sin. Fear Óg na Seascaidí Trá na nDúnaibh (Cén bhliain?)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3