Guth Ghoill, Eagrán 35

Eagrán 35 Nollaig 2010 8 John Mhicí Rua agus a thuras go dtí an Fhrainc 1988. Smaoitigh Nuala, mo bhean chéile, i 1988 gur cheart dúinn dul ar laethanta saoire go dtí an Fhrainc agus creidim dá mbeadh sé suas fhad li- omsa go mbeinnse i mo shuí ansin sa ghríosach go fóill agus nach rachainn áit ar bith. Ba é seo an chéad uair dúinn a bheith ag dul thar lear agus shocraigh muid go rachadh muid amach le Eurocamp, an uile dhuine againn anonn go dtí an Fhrainc. Carr beag a bhí againn, Nissan Cherry, agus cha raibh sé rómhór fá choinne scaifte mór cosúil le mar a bhí againne. Bhí seachtar páistí agus an bheirt againn fhéin ann. Chuir Eurocamp an t - eolas uilig amach chugainn roimh ré; léarscáileanna, treoracha agus liosta rialacha faoin charr. Bhí ort rudaí áirithe a bheith sa charr agat, cosúil le triantán ar eagla go mbrisfeá síos. Chaithfeadh soilse an chairr a bheith buí agus iarradh ort seirbhís a fháil déanta ar an charr le bheith cinnte go raibh achan rud in ord. D ’ fhág mise an carr thuas le Josie Shiels agus ghlan sé amach an radaitheoir. Sin an príomhrud a bhí le déanamh, de réir Eurocamp, iarradh orainn a bheith cinnte go raibh an radai- theoir glanta amach go maith. Nuair a bhí sin dé- anta thosaigh mé ag smaoiteamh ar caidé ’ n dóigh a dhéanfainn na soilse buí agus bhí mé ag smaoiteamh a chéad uair go mb ’ fhéidir go gcuirfinn páipéar “ Lucozade ” orthu ach ansin fu- air mé péint buí thuas i Leitir Ceanainn a bhí rud beag cosúil le vearnais iongan agus chuir mé sin ar na soilse. Ina dhiaidh sin rinne mé triantán amach as adhmad agus chuir mé dath dearg air agus chuir mé sin isteach sa bhúit. Ansin bhí rud inteacht de dhíth fá choinne an bhagáiste agus rinne mé bosca mór, amach as adhmad fosta, agus chuir mé é ar dhíon an chairr. Cha raibh sé cosúil leis na boscaí galánta a fhaigheann tú anois. Cheannaigh mé fhéin ceann de na boscaí deasa plaisteacha sin blianta ina dhiaidh sin ach ag an am sin cha raibh agam ach an ceann a rinne mé fhéin. Ag ullmhú don mhaidin. An oíche sular fhág muid bhí mé fhéin agus Fred- die agus Seán amuigh ag cur achan rud sa charr agus ag fáil réidh don mhaidin agus é ag titim dorcha. Mí Meithimh a bhí ann agus is cuimhin liom gur deireadh seachtaine an railí a bhí ann agus bhí orainn a bheith ar shiúl luath. Mhothaigh muid an callán millteanach seo giota anonn ón teach agus cha raibh a fhios againn caidé a bhí ann. Bhí sé cosúil le dá mbeadh duine inteacht istigh i gcarr agus é ag cur a bhróg síos go dtí an clár. D ’ imigh muid anonn cibé agus bhí carr thu- as ar an chlaí agus sin an rud deireanach a bhí a dhíobháil orainne agus muid ag iarraidh dul a luí agus cúpla uair chodlata a fháil sula n - imeodh muid; carr thuas ar mhullach an chlaí agus a bhróg go dtí an clár ag an fhear seo ag tabhairt achan iarraidh fáil ar shiúl agus achan Vroom amach as an charr. D ’ oscail mise an doras agus cé bhí ann ná Micí John Enda, go ndéanfaidh Dia mhaith air, agus creidim go raibh sé thuas sa síbín agus go raibh deoch nó dhó aige agus dá n - osclódh sé a dhoras fhéin thitfeadh sé síos thart fá cúig nó sé throigh. Fuair muid é tarraingthe amach as an charr agus léim madadh amach ina dhiaidh. Bhí sé ag cuartú a mhadaidh i rith an ama agus sa deireadh thuig muid go raibh an darna madadh sa charr leis. D ’ oscail Seán an búit agus léim madadh eile amach sa tsoc air. Cibé ar bith, d ’ fhág muid Micí thall sa teach agus tharraing muid an carr isteach ag cois an bhealaigh mhóir thall ag teach John Duffy. Tá cuimhne mhaith agam nuair a bhí muidinne ag fágáil ag a sé a chlog an mhaidin lá arna mhárach, d ’ amharc mise anonn agus bhí an carr ar shiúl. Caithfidhse go dtáinig Micí bocht aniar fá choinne an chairr i lár na hoíche. Ar shiúl linn. Bhuel, bhí achan sórt istigh sa charr againn agus isteach leis an naonúr againn fhéin ar maidin agus tá a fhios agat le naonúr agus carr beag mar sin, cha raibh sé furasta. Bhí Seán seacht mbliana dé- ag, Freddie sé bliana déag, Laura ceithre bliana déag, Nuala trí bliana déag, Aisling cúig bliana, Anthony dhá bhliain agus bhí Tommy ocht mí. Bhí cuid acu ina suí ar ghlúine agus duine acu ina luí thuas ag an fhuinneog chúl agus ar shiúl linn ansin. Bhí muid ag tiomáint a fhad le Ros Láir agus is cuimhin liom, nuair nach raibh muid ach thart fá Leitir Ceanainn, bhí an cheist ag dul thart

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3