Guth Ghoill, Eagrán 35

Eagrán 35 Nollaig 2010 9 “ An bhfuil muid ansin go fóill ”? Bhí achan rud ar dóigh go dtí go raibh muid thart fá Charraig Mhachaire Rois. Thosaigh an carr ag gail. Seo i ndiaidh í a bheith sa gharáiste traidhfil laethanta roim- he sin agus insíodh dúinn sin a choimeád agus creidim gur tharla sé mar go raibh malach chomh mór sin linn sa charr. B ’ éigean domh an carr a stopadh agus bhí blaincéad linn agus chuir muid é ar mhullach an radaitheora agus d ’ oscail muid é agus lig muid an t - uisce buí uilig amach as. B ’ éigean dúinn tuilleadh uisce a fháil ansin agus bhí orainn an t - uisce a athrú b ’ fhéidir cúig nó sé uaire idir sin agus Ros Láir, ag stopadh agus ag tabhairt iarraidh buidéal uisce a fháil anseo agus ansiúd agus é a chur isteach sa charr. In amanna shíl muid nach mbeadh muid in am don bhád, nó nach bhfaigheadh muid an fhad sin ar chor ar bith. Sa deireadh, shroich muid Ros Láir agus trasna ar an bhád linn go Le Harve. Thall sa Fhrainc. Bhí ocht gcéad míle le dhul againn ina dhiaidh sin, síos go dtí an ionad campála. Bhí muid ag dul go Páras ar dtús agus an rud céanna ag tarlú i rith an ama, ag cur uisce sa charr achan ghreim laisce. De réir a chéile shroich muid Pár- as agus seo fear nár thiomáin ariamh ar an taobh dheis den bhealach mhór. Bhí rud beag imní orm faoi sin ach char ghlac sé rófhada domh éirí cleachtaithe leis. Thart linn ar chaoi ar bith ar “ Boulevard Périphérique ”, ceann de na mórbheal- aí is gnóthaí san Eoraip agus isteach ‘ na cathrach. Is cuimhin liom, nuair a bhí muid ag teacht aníos an Champs - Élysées, áit mhór leathan ar a dtiocfadh le seacht gcarr a bheith ag tiomáint le taobh a chéile, bhí carr ag ár dtaobh agus mhothófá an rac - cheol agus an callán ag teacht ón charr agus bhí cluasáin istigh ag an tiománaí. Cibé ar bith, d ’ amharc sé anall agus baineadh stad as. D ’ amharc sé arís agus thosaigh sé ag croitheadh a cheann agus ag cuntas an méid da- oine a bhí sa charr againne agus chaith sé a lámha suas san aer. Faoin am sin ansin cha raibh a dhath amach as an dream sa charr ach cá háit a raibh an “ Eiffel Tower ”. Thiomáin muid thart an coirnéal seo agus bhí sé ina shuí ansin romhainn. Stop muid ansin agus amach linn agus suas an “ Eiffel Tower ”. Chaith muid an oíche sin i bPáras agus an lá arna mhárach thiomáin muid síos go dtí an Bhúrgúin agus an rud céanna arís, ag cur uisce sa charr achan, b ’ fhéidir, ocht míle no mar sin. Bhí teas millteanach ann ag an am. D ’ fhan muid sa Bhurgúin oíche amháin agus ansin ar aghaidh linn an mhaidin lá arna mhárach arís, ag cur uisce sa charr mar a bhí, go dtí go raibh muid fhad le Perpignan agus ansin amach go dtí an ionad campála, Argeles, atá ar chósta na Meánmhara. Lourdes. Áit ar dóigh a bhí ann le achan sórt imeachtaí do na páistí, daoine le hamharc ina ndiaidh, teas galánta agus cha raibh a dhath le dé- anamh agat ach do chuid cócaireachta fhéin, bar- becues uilig. Ach bhí rud amháin ar ár n - intinn. Bhí aintín ag Nu- ala thall ar an Cheathrú Chaol agus í ag dul siar in aois agus cha dtiocfadh léi a thuigbheáil daoine a bheith ag dul ar laethanta saoire, ag cur airgid amú mar sin. Bean chreathnach chrosta a bhí inti agus, le rudaí a choinneáil socair, tháinig muid aníos le plean. D ’ inis muid dithe go raibh muid ag dul go Lourdes agus sin an dóigh a fágadh an scéal. Bhuel, i ndiaidh lá a chaitheamh san ionad campá- la agus scíste a bheith againn, dúirt Nuala liom gurbh fhearr dúinn dul go Lourdes nó go ligfeadh duine acu an cat amach as an mhála sula bhfaigheadh muid abhaile. D ’ imigh muid luath ar Na Dúnaibh Charraig Mhachaire Rois Ros Láir An Bhurgúin Argeles Lourdes Perpignan

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3