Guth Ghoill, Eagrán 36
Eagrán 36 Márta, 2011 10 Cissie Hughie Den Rugadh mo mháthair Cissie Hughie Den i nDumhaigh (Cissie Nic Laifeartaigh) ar an 28ú de Dheireadh Fómhair na bliana 1914 agus fuair sí bás in Áras Uí Dhomhnaill ar an 26ú de Shamhain, 2011. Ba í an cúigiú duine de ochtar clainne agus tá beirt dheirfiúr beo go fóill, Biddy i nDoire a Chasáin agus Máire i nGlaschú. Cosúil le cuid mhór de na daoine a rugadh agus a tógadh sa choirnéal beag cúng idir an Cnoc Mór agus an cladach, thug Cissie léithe saol fada folláin. Ba dhaoine gnoitheach, gníomhach iad, ag curaíocht, ag iascaireacht agus ag tréadaíocht caorach. Ba le tréan iarrachta agus bróid a bhain siad a mbeatha amach as an stríoc talaimh seo ar imeall na farraige. Cé gur chaith sí Geimhreadh amháin ag obair le teaghlach thuas i mBéal Feirste, cosúil le cuid mhór de mná óga an cheantair, ba ar obair shamhraidh sa Rosapenna a mhair sí. Sin mar a bhí sé go dtí gur phós sí a fear céile Marcus sa bhliain 1939 agus bhog sí aníos 'na Bhaile Úr. Ní raibh sa teach ag an am ach Marcus agus a athair Mící. Chuir mé ceist uirthi uair amháin faoi an chéad chuimhne a bhí aici ar theacht 'an tí díthe. “Bhí ró saic” a dúirt sí “crochta trasna an mhaide mullaigh”. “Ba ghnách” a dúirt sí fosta “le fear comharsanach darbh ainm Den Shusie, duine cliste a raibh foghlaim aige, theacht agus suí ar chloch os comhair an tí agus an páipéar a léamh le solas na gealaí do na fir a bhí cruinnithe thart air”. Ba sa teach seo a rugadh ceathrar den chlann. Teach ceann tuí a bhí ann agus nuair a chuaigh an teach seo ar thine agus dódh go talamh é ag deireadh mhí Eanáir na bliana 1954 bhí an t-ádh orainn go dtáinig achan nduine a bhí sa teach an oíche sin slán sábháilte. D’fhan an drochchuimhne seo agus an eagla a bhí uirthi roimh thine le Cissie go lá a báis. Cosúil le achan mháthair eile sa phobal, ní raibh am nó faill ag Cissie dearcadh ró- mánsúil a bheith aici ar an tsaol. Ní raibh meas aici ar “novelties” nó “figairies”. Bhí cúram seisear clainne uirthi agus cosúil le teaghlaigh eile, bhí an saol crua agus ba le tréan iarrachta agus le h-obair dhícheallach, dhúthrachtach a bhain daoine a mbeatha amach. Bhí Marcus ag iascaireacht i rith na bliana, bradáin sa tSamhradh, scadáin san Fhómhair agus ansin iascaireacht chon- túirteach Gheimhridh i mbá Bhaile an Easa. Ach ní hé amháin sa Gheimhreadh a bhí contúirt ann do na hiascairí. Bhí anchontúirt ann i rith na bliana agus imní ar a muintir sa bhaile. Is cuimhin liom múscailt corruair le bánú an lae agus bheadh sí ansin ag an fhuinneog ag amharc amach ar an fharraige agus í ag éisteacht le búireach na gaoithe móire sa tsimléar agus an fheadalach i bpoll na heochrach. I rith na bliana fosta bhí cuidiú le tabhairt le leagaint scoilteán, sábháil féir, tógáil coirce agus ag cruinniú prátaí roimh Shamhain. Ba é seo i bhfad sula raibh aibhléis agus uisce reatha ag an phobal. Ní raibh trealamh nua-aimseartha ar bith sna
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3