Guth Ghoill, Eagrán 36

Eagrán 36 Márta, 2011 11 Seó Mór i gColáiste Ros Goill , Na Dúnaibh Dé Máirt, 5 Aibreán 6.30 i.n. tithe a thabharfadh sómas nó sochar do mháithreacha agus iad i mbun cúram tí agus teaghlaigh. Thig a rá go raibh saol Cissie comhionann le stáir na tíre seo ó bunaíodh an Stáit. Tháinig biseach ar shaol na ndaoine ar feadh seal ach is cosúil go bhfuil muid ag sleamhnú isteach san fhaopach agus sa chruatan a bhí mar thaithí laethúil ag teaghlaigh nuair a bhí sí fhéin ina máthair ag tógáil clainne. Bhí an Ghaeilge mar theanga labhartha ar fud na leithinse ar feadh tréimhse maith dá saol. Bhí cúpla siopa nach raibh ach Béarla a labhairt iontu agus is cuimhin liom nuair a chuirtí mé chun an tsiopa Dé Sathairn go raibh uirthi na “messages” a scríobh amach as Béarla domh. Is minic a shíl mé fhéin go raibh mé i mo “stucaí ceart” mar nár thuig mé an fhocal a bhí siad a rá liom. Nuair a bhris Cissie a scoróg ag tús an tSamhraidh, dúirt sí liom agus í ina luí sa leabaidh thuas san ospidéal, “Tá shúil agam nach mbeidh mé ag caitheamh an tsamhraidh istigh anseo. Dá mbeifeá anseo rófhada thi- ocfadh leat bás a fháil roimhe d’am”. Is cinnte nach raibh sí sásta luí ansin ag feitheamh ar an bhás. Is minic a dúirt sí go raibh sí ceart go leor fhad is a bhí an tsláinte aici agus í a bheith ábalta a bheith amuigh fríd na daoine. Deirtear gur deartháir den bhréag an béal bán ach ní hé seo mar a bhí Cissie. Ba é an “modh díreach” a bhí aici le comharsanaigh, le coimhthigh agus go háirithe lena clann fhéin. Ní hé bean ar an chlaí a bhí inti. Fiú amháin, má bhí an fhírinne searbh corruair, sin mar a bhí an scéal agus tá mé cinnte go bhfuil tréith ar leith ag baint leis an ionracas sin. Is cúis buíochais dúinn uilig go raibh saol fada folláin ag Cissie agus go raibh sí i mbarr a sláinte go dtí na míonna deireanacha. Suaimhneas síoraí dá hanam dil. Micheál Mac Laifeartaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3