Guth Ghoill, Eagrán 36
Eagrán 36 Márta, 2011 12 Siar nó Aniar? Ba í sin an cheist a thóg Aodh Mac Laifeartaigh as leithinis Ros Goill i m ’ intinn nuair a thug sé léacht spreagúil suimiúil do lucht freastail an ranga Gaeilge san Ionad Intec, Inis Ceithleann ar an 2 Feabhra 2011. Tá an cúrsa seo, atá anois ar an fhód le dhá bhliain, á reachtáil ag Comhairle Dúiche Fhear Manach achan oíche Déardaoin ó 7.30 i.n – 9.30 i.n., ag tabhairt deis iontach do mhuintir Fhear Manach freastal ar ranganna Gaeilge ag cibé leibhéal ar mian leo. Mar chuid de chlár chuimsitheach an chúrsa tá sé de nós ag an lucht stiúrtha dul sa tóir ar chainteoirí dúchasacha Gaeilge a bhfuil fíor - thobar eolais acu ar ghnéithe éagsúla na Gaeilge. Chuige sin, d ’ aimsigh muid Aodh Mór Mac Laifeartaigh! Is fear é a tógadh le Gaeilge ón chliabhán agus a chonaic an Ghaeilge ag trá agus ag líonadh ina cheantar dúchais féin. Ba é sin ábhar a léachta. Is suntasach an buille truacánta a d ’ fhulaing an Ghaeilge le céad bliain anuas. Céad bliain ó shin, bhí an Ghaeilge á iompar gan stró ag achan teaghlach sa pharóiste seachas siúd a bhí athlonnaithe le Gaelachas na tíre a réabadh mar a bheadh long ag réabadh na farraige. Chomh maith leis an phlandáil seo agus an cúlú eacnamaíochta a tharla sa dara cuid den chéad dheireanach is beag an dóchas a bhí i ndán do mhaireachtáil na Gaeilge. Ábhar iontais agus sóláis a bhí ann cloisteáil nach raibh an ceantar buailte chomh trom leis an Ghorta Mór is a bhí amhlaidh sa chuid eile den tír. Cé nach raibh acu ach ón lámh go dtí an béal, choinnigh éisc chósta an Atlantaigh iad ón uaigh agus choinnigh gnó na hiascaireachta faoi dhíon iad. Ach, tháinig an cúlú eacnamaíochta agus a mhalairt scéil a bhí le samhlú. B ’ éigean do na céadta imeacht ar dhroim na mara le slite beatha a bhaint amach dóibh féin go mórmhór sa tír a raibh nimh san fheoil acu do na hÉireannaigh. Is ar éigean go raibh an Ghaeilge, mar theanga labhartha, ar na déithe deiridh nuair a tháinig baicle bheag daoine as Ros Goill le chéile le greim a fháil ar an seod luachmhar seo sula n - imeodh sí le sruth agus nach gcloisfí a macalla a choíche arís ar bheanna na leithinse. Is mór an moladh atá tuillte ag am dream seo a tháinig le chéile arís agus arís eile ag iarraidh theacht ar phlean tarrthála na Gaeilge. As na cruinnithe seo d ’ eascair ‘ Céim Aniar ’ . Mhínigh léachtóir na hoíche go dtángadar ar an ainm seo mar go raibh sé d ’ aidhm ag an choiste an Ghaeilge a tharraing ar ais ó bhéal na trá. Thug Aodh cur síos beacht cruinn ar shaothar an choiste agus is amhlaidh go bhfuil luach a saothair le feiceáil. Ina measc, tá dioplóma sa Ghaeilge bainte amach ag breis is ceithre scór duine sa pharóiste; tá ranganna Gaeilge ar bun do pháisti agus do dhaoine fásta; tá cumann drámaíochta ar bun a bhfuil sciar maith duaiseanna bainte amach acu; campaí samhraidh á reáchtáil acu agus thar aon rud eile tá an Ghaeilge le cloisteáil go flúirseach sa cheantar. Níl amhras ar bith ach gur tarraingíodh an Ghaeilge céim shuntasach aniar ón imeall agus go mba fada buan an chéim seo agus obair an choiste. Ar ndóigh, tá olltoghchán ar na bacáin agus is ábhar imní é go bhfuil polaiteoirí faoi leith ag bagairt buille fealltach don Ghaeilge má chuirtear i gcumhacht iad. Má tharlaíonn a leithéid, is cinnte gur céim siar a bheas i ndán don Ghaeilge agus an baol ann go gcailltear go deo aon chéim aniar atá déanta aici. Beidh an t - iomaire le treabhadh arís ag leithéidí Céim Aniar! Siar nó Aniar don Ghaeilge, beidh le feiceáil, is fúinne atá a cinniúint! Róise Ní Laifeartaigh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3